Ní bhíonn gá ag formhór mhuintir na hÉireann dul go dtí an ospidéal ach riamh ach bíonn taithí ag an gcuid is mó daoibh ar an gcúram príomhúil. Is éard atá i gceist leis an gcúram príomhúil ná na seirbhísí sláinte nó cúraim shóisialta go léir ar féidir leat iad a fháil i do phobal féin, seachas san ospidéal. Cuimsítear leis dochtúirí teaghlaigh, altraí sláinte poiblí agus raon seirbhísí éagsúla eile.
Is é príomhchuspóir an rialtais don chúram príomhúil ná an chuid is mó de na seirbhísí cúraim a aistriú go dtí timpeallachtaí pobail. Beidh sé sin de chuidiú chun liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú.
Ba chóir gurbh é cúram príomhúil mar an chéad phointe teagmhála a bhíonn ag daoine leis an tseirbhís sláinte. De réir mar a chuireann an rialtas an [external-link https://www.gov.ie/en/campaign/slaintecare-implementation-strategy/ Straitéis Sláintecare ] i bhfeidhm sna blianta atá amach romhainn, ní atreorófar othair ón gcúram príomhúil chuig ospidéal ach amháin nuair atá riachtanais chasta acu. Beidh an bhéim curtha ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine maireachtáil go neamhspleách ina bpobail féin, a oiread is gur féidir.
Is í an fhoireann cúraim phríomhúil an pointe tosaigh don chúram príomhúil. I measc na bhfoirne seo áirítear dochtúirí teaghlaigh, altraí sláinte poiblí, an teiripe saothair agus an fhisiteiripe. Tacaíonn gach foireann le timpeall 7,000 - 10,000 duine. Oibríonn siad taobh le seirbhísí líonra pobail níos leithne lena n-áirítear seirbhísí cúraim fiaclóireachta, speisialtóirí éisteachta agus seirbhísí síceolaíochta.
Léigh tuilleadh faoi seirbhísí cúraim phríomhúil agus aimsigh an tseirbhís atá i do cheantar áitiúil.
Is foirgnimh nua-aimseartha, saindeartha iad ionaid chúraim phríomhúil lena gcuirtear suíomh aonair ar fáil don fhoireann cúraim phríomhúil inar féidir leo go léir obair le chéile. Tá ról lárnach acu chun seirbhís sláinte athchóirithe a sholáthar.
Cuid thábhachtach de Sláintecare is é ionad cúraim phríomhúil a fhorbairt.
Soláthraíonn ionaid chúraim phríomhúil aon phointe rochtana amháin ar sheirbhísí sláinte. Cuireann siad rogha eile oiriúnach ar fáil d’ospidéil chun go leor gnéithe den chúram a bhainistiú le haghaidh fadhbanna sláinte fadtéarmacha cosúil leis na diaibéiteas, an t-asma nó galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD). Is féidir ionaid chúraim phríomhúil agus áiseanna pobail eile a fhorbairt freisin chun tacú leis an rochtain ar an diagnóisic agus chun an mhion-mháinliacht a sholáthar.
Tá an rialtas tiomanta don infheistíocht leanúnach i bhforbairt ionad cúraim phríomhúil ar fud na tíre.
Faigh amach níos mó faoin soláhtar ionad chúraim phríomhúil ar fud na tíre.
Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gairmithe cúram sláinte, othair agus daoine eile ar spéis leo tuilleadh a fháil amach faoin gcannabas le haghaidh úsáide míochaine. Pléitear an rochtain reatha agus an rochtain bheartaithe ar an gcóireáil ionchasach cannabais agus tá cur síos ann chomh maith ar stádas dlíthiúil agus beartais an channabais. Tá cur síos ann chomh maith ar ról an Aire Sláinte maidir leis an rochtain ar channabas le haghaidh úsáide míochaine, de re mar a fhoráiltear sna hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí 1977-2016 agus i gcomhréir le sainchomhairle chliniciúil agus eolaíoch.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár cuireadh an cannabas ná táirgí cannabais-bhunaithe nach bhfuil údarú margaíochta acu faoi réir na dianchaighdeáin sábháilteachta, cáilíochta agus éifeachtúlachta céanna atá i bhfeidhm le haghaidh cógais, ná táirgeoirí táirgí den sórt sin atá bunaithe ar channabas, agus sa tslí céanna níl táirgeoirí a leithéid de tháirgí curtha faoi réir na bhfreagrachtaí céanna agus atá ag sealbhóirí an údaraithe margaíochta ar chógais údaraithe.
Níl i gceist leis an fhaisnéis seo ach amháin an cannabas le haghaidh feidhm leighis Ba cheart ábhair eile atá gaolmhar leis an gcannabas lena n-áirítear an úsáid áineasa, an díchoiriúnú, an taighde neamhleighis, an déantúsaíocht, an fás / táirgeadh cannabais nó aon ábhair eile a bhaineann leis an gcannabas a mheas ar bhonn ar leith, neamhspleách ón bhfaisnéis atá ag seo thíos.