Téigh Amach Faoin Aer - Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 2027
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar amach i Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027 fís, misean agus sraith gníomhartha a thabharfaidh ceannasaíocht, a threoróidh agus a éascóidh an fhorbairt agus an bhainistiú inbhuanaithe ar earnáil an chaithimh aimsire faoin aer sna cúig bliana atá amach romhainn. Tá sé mar aidhm aige freisin cur leis an rannpháirtíocht, ionas go dtiocfaidh buntáistí sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha as.
Is féidir an straitéis a fháil anseo:
Embracing Ireland's Outdoors: National Outdoor Recreation Strategy 2023-2027
Straitéis tras-Rialtais faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara is ea Téigh Amach Faoin Aer, a forbraíodh i gcomhar le Comhairle na Tuaithe
Is iad na cuspóirí straitéiseacha atá ag Téigh Amach Faoin Aer ná:
National Outdoor Recreation Strategy 2023-2027 Infographic
Le go gcuirfear Téigh Amach Faoin Aer i bhfeidhm teastaíonn cur chuige comhtháite agus aontaithe maidir le bonneagar áineas faoin aer ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chontae araon. Thar aon rud eile éilítear le Téigh Amach Faoin Aer go ndéanfaí Plean Contae don Áineas Faoin Aer a fhorbairt trí phróiseas i gcomhar:
“Ag leibhéal an chontae, is éard a theastaíonn uainn ná go mbeadh cur chuige níos réamhbheartaithe agus níos comhordaithe i gceist idir na páirtithe leasmhara mar thoradh ar Choiste Contae don Áineas faoin Aer a bheith bunaithe agus Plean don Áineas faoin Aer a bheith á fhorbairt le haghaidh gach contae. Cinnteoidh sé seo go dtabharfar tús áite do riachtanais an chontae, chomh maith lena chinntiú go mbeidh sé ag teacht leis an straitéis náisiúnta. Is é an struchtúr nua seo is fearr a chinnteoidh go bhfaighfear luach ar airgead ón infheistíocht shuntasach poiblí atá déanta san áineas faoin aer. Ina theannta sin, tá sé mar uaillmhian againn a chinntiú go mbíonn an maoiniú agus na hacmhainní atá ar fáil ag teacht níos fearr leis na tosaíochtaí náisiúnta agus le tosaíochtaí na gcontaetha."
Ba cheart go mbeadh an plean ag forleathadh as an bhfís, an misean agus na cuspóirí atá taobh thiar de Téigh Amach Faoin Aer, ach go mbeadh sé ag an am céanna ag teacht le riachtanais aonair an Chontae. Leagfar amach sa phlean, a mhairfidh cúig bliana, na cuspóirí agus na gníomhartha atá riachtanach chun an fhorbairt ar an áineas faoin aer sa limistéar ábhartha a chur chun cinn, agus na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad, lena n-áirítear an tÚdarás Áitiúil, Cuideachta Forbartha Áitiúil, Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil, Uiscebhealaí Éireann, Coillte, Bord na Móna etc. ag obair i gcomhpháirt lena chéile. Táthar ag súil amach anseo go mbeidh nasc idir an plean agus na cinntí ar mhaoiniú d’iarratais a chuirfear isteach faoin Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh chomh maith le foinsí maoinithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann.
Tá treoirlínte maidir le plean don áineas faoin aer a fhorbairt don tréimhse cúig bliana atá amach romhainn curtha le chéile sa chaoi nach mbeidh an iomarca brú ar aon chontae. Cuirfidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú suas le €30,000 ar fáil do gach contae chun cabhrú leo an plean a fhorbairt. Tá cóip de na treoirlínte agus de na sonraí a bhaineann le maoiniú le fáil thíos.
D'óstáil an RFTP seimineár gréasáin faisnéise i mí Iúil 2023 chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas agus na scileanna atá riachtanach ag gach ceantar chun a bplean a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá taifeadadh an tseimineáir ghréasáin seo ar fáil anois chomh maith leis na freagraí ar cheisteanna.
Coistí Contae don Áineas Faoin Aer agus Fóraim na bPáirtithe Leasmhara
Le go gcuirfear Téigh Amach Faoin Aer i bhfeidhm teastaíonn cur chuige comhtháite agus aontaithe ó thaobh bonneagar a fhorbairt don áineas faoin aer agus bainistiú a dhéanamh ar an áineas faoin aer ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chontae araon.
Toisc go mbunófar Coiste Contae don Áineas Faoin Aer agus Fóram na bPáirtithe Leasmhara i ngach contae cinnteofar go mbeidh deis ag gach duine a dtuairimí a chur in iúl, go dtabharfar tús áite do na riachtanais áitiúla agus go mbeidh cur chuige an chontae ag teacht leis an straitéis náisiúnta.
B’fhearr dá mbunófaí Coistí Contae don Áineas Faoin Aer (CORC) agus Fóraim na bPáirtithe Leasmhara sular leagfaí amach Plean an Chontae don Áineas Faoin Aer.
Beidh na príomhchinnteoirí agus na páirtithe leasmhara atá sa chontae ar gach Coiste Contae don Áineas Faoin Aer, agus beidh siad éagsúil ó chontae go contae. Ba cheart go n-áireofaí ar an gcoiste ionadaithe a bhfuil cúlra acu ag plé leis an áineas faoin aer nó a bhfuil baint acu leis; d'fhéadfaidís a bheith ina rannpháirtithe nó ina bpáirtithe leasmhara maidir le gníomhaíochtaí áineasa faoin aer á bhforbairt agus á mbainistiú.
Caithfidh ionadaithe ó Fhóram na bPáirtithe Leasmhara a bheith ar Choiste an Chontae don Áineas, d’fhonn a chinntiú go n-éistfear le tuairimí na bpáirtithe leasmhara i gcoitinne agus go ndéanfar gníomh dá réir.
Tá treoir faoin gcaoi le Coistí Contae don Áineas Faoin Aer agus Fóraim na bPáirtithe Leasmhara a bhunú le fáil thíos.
Treoir maidir le Coistí Contae don Áineas Faoin Aer agus Fóraim na bPáirtithe Leasmhara don Chontae a bhunú.
Guidance on the establishment of County Outdoor Recreation Committees and Stakeholder Forums
Oifigigh Contae don Áineas Faoin Aer (Clár Píolótach)
Roghnaíodh sé Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla chun páirt a ghlacadh i gclár píolótach 3 bliana ina mbeidh Oifigeach Contae don Áineas Faoin Aer fostaithe sa cheantar atá roghnaithe agus maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Oibreoidh an tOifigeach don Áineas Faoin Aer i gcomhar leis an údarás áitiúil, le cuideachtaí forbartha áitiúla, le gníomhaireachtaí stáit agus le príomhpháirtithe leasmhara eile ionas go mbeidh cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite ann maidir leis an áineas faoin aer ag leibhéal an chontae. Déanfaidh siad comhordú ar fhorbairt agus ar sheachadadh Straitéis an Chontae don Áineas Faoin Aer d’fhonn cabhrú le áineas faoin aer a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe ina gcontae féin. Beidh sé mar aidhm ag an bpost tacú le líon na ndaoine a bhíonn gníomhach amuigh faoin aer agus cur leis an líon sin agus a chinntiú ag an am céanna go gcuirfear dea-chleachtais i bhfeidhm. Tá sé i gceist go ndéanfadh an próiseas píolótach 'an coincheap a chruthú' sula smaoineofaí ar é a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne.
Is iad seo a leanas na 6 Chomhpháirtíocht Spóirt Áitiúil a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chlár píolótach:
An Clár, An Longfort, Maigh Eo, an Mhí, Sligeach agus Port Láirge
Is féidir sonraí a fháil anseo faoin ráiteas ó na meáin chun an clár píolótach a fhógairt: Ráiteas do na Meáin an 28 Nollaig 2023
Is féidir sonraí teagmhála na gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla a fháil anseo: Sonraí teagmhála na gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla
Q&A’s from the Information Webinar on developing a County Outdoor Recreation Plan
Pleananna Áineasa Allamuigh Contae - Treoirlínte d'Fhorbart
Application form for funding for County Outdoor Recreation Plan
NORS - Screening for Strategic Environmental Assessment
NORS - Screening for Appropriate Assessment
Embracing Ireland’s Outdoors Strategic Objectives
Embracing Ireland’s Outdoors Action Table
Map of Outdoor Recreation in Ireland