Bí Cineálta Gnásanna chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar¬bhunscoileann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíodh gnásanna Bí Cineálta chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ar an 19 Meitheamh 2024. Tagann na gnásanna seo in ionad na ngnásanna frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna 2013 agus tiocfaidh ceanglais na ngnásanna sin i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2025.
Tháinig na gnásanna seo ar an bhfód mar thoradh ar athbhreithniú ar ghnásanna frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna’ 2013 agus ar fhorfheidhmiú Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht a foilsíodh i mí na Nollag 2022.
Rinneadh na gnásanna Bí Cineálta seo a fhorbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe oideachais agus tá siad go mór faoi threoir ag tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, foirne scoile, bhaill na mbord bainistíochta agus an phobail oideachais i gcoitinne. Ciallaíonn Bí Cineálta “Cineáltas a Léiriú”. Tá Cineáltas a léiriú agus a bheith cineálta lena chéile mar
thaca leis na gnásanna seo agus leis an gcur chuige atá againn chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi.
Bunaíodh grúpa oibre in 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na gnásanna frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna 2013. Is féidir téarmaí tagartha agus ballraíocht an ghrúpa oibre a fháil ach dul chuig an nasc seo a leanas:
Soláthraíonn na gnásanna leasaithe treo agus treoir do scoileanna maidir leis na bearta chun iompraíocht bhulaíochta a chosc.
Tá gnásanna Bí Cineálta bunaithe ar chur chuige atá dírithe ar chearta an linbh agus tacaíonn siad le cur chuige i gcomhar, áit a n-oibríonn baill uile phobal na scoile le chéile chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Tá uasdátú déanta ar na gnásanna chun bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, agus ciapadh gnéasach a chur san áireamh. Tacaíonn siad le scoileanna chun straitéisí soiléire a fhorbairt chun na hiompraíochtaí bulaíochta sin a chosc agus dul i ngleic leo.
Tá riachtanais na nósanna imeachta le cur i bhfeidhm ag scoileanna ón 1 Meán Fómhair, 2025.
Tacóidh sraith d'acmhainní foghlama gairmiúla agus de sheisiúin eolais d'fhoirne scoile, do bhaill na mbord bainistíochta agus do thuismitheoirí le feidhmiú na ngnásanna seo. Cuirfear eolas mionsonraithe fúthu sin ar fáil go luath i mí mheán Fómhair 2024.
Bí Cineálta Gnásanna chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar¬bhunscoileann
Aguisín A Polasaí Bí Cineálta Scoile chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi
Aguisín B Polasaí Bí Cineálta in oiriúint do scoláirí
Aguisín C Treoir maidir le Dul i nGleic le hIompraíocht Bhulaíochta
Aguisín D Treoir maidir leis an Uasdátú ar Iompraíocht Bhulaíochta a Sholáthar
Aguisín E Athbhreithniú ar an bPolasaí Bí Cineálta
Aguisín F Fógra faoi athbhreithniú bliantúil an Bhoird Bainistíochta ar Pholasaí Bí Cineálta na scoile
Aguisín G Forléargas ar Ghnásanna an Pholasaí Bí Cineálta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi
Tá acmhainní chun tacú le forfheidhmiú pholasaí Bí Cineálta scoile chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi ar fáil anseo:
D’fhorbair an Roinn Oideachais Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht i gcomhar le Coiste Stiúrtha ilchineálach, faoi stiúir an Dr. Noel Purdy ó Choláiste Ollscoile Stranmillis i mBéal Feirste, agus cuimsíonn an plean tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, oibrithe scoile, páirtnéirí oideachais agus daoine aonair ón bpobal chun an dalta a chur ag croílár an phlean.
Tógann an plean seo ar atá bainte amach agus ar uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013, a chuaigh roimhe, agus ar an obair atá déanta le blianta anuas le cinntiú gur áiteanna sábháilte agus sona d’ár leanaí agus daoine óga uile iad ár scoileanna.
Tá cóip den bPlean Gníomhaíochta ar fáil anseo: www.gov.ie/pleangniomhaiochtaarbhulaiocht