Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail freagrach as beartas agus reachtaíocht i ndáil le rialú madraí agus bunachais pórúcháin madraí. Faoin Acht um Rialú Madraí 1986 tá údaráis áitiúla freagrach as gach gníomhaíocht oibríochta. Tá sé de chumhacht acu maoir mhadraí a cheapadh, tearmainn do mhadraí a chur ar fáil, madraí a ghabháil, fíneálacha a fhorchur ar an láthair agus imeachtaí cúirte a thionscnamh in aghaidh úinéirí.
I gcoitinne, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil maidir le gach ceist a bhaineann le madraí. Is féidir leat liosta de na húdaráis áitiúla a fháil anseo.
Má tá madra agat ní mór duit ceadúnas madra a fháil agus ní mór duit micrishlis a chur sa mhadra.
Le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas madra, téigh go dtí an nasc seo a leanas, le do thoil: Ceadúnais Madraí .
Gach bliain, eisíonn an roinn staitisticí faoi réimse freagrachtaí atá ar údaráis áitiúla a bhaineann le madraí. Tá siad sin ar fáil ag an nasc seo a leanas: Staitisticí maidir le Rialú Madraí .
Ní mór do do mhadra coiléar a chaitheamh agus d’ainm agus do sheoladh a bheith ceangailte leis ar shuaitheantas nó ar dhiosca.
Moltar go láidir do gach úinéir peataí an madra a choilleadh/neodrú mura bhfuil sé ar intinn acu iad a phórú ar bhealach atá freagrach agus cineálta. Laghdóidh sé sin líon na gcoileán gan iarraidh. Ní minic le madra fireann atá coillte dul ag fánaíocht nó a bheidh olc. Trí na nósanna imeachta sin freisin, laghdaítear an riosca go dtolgfadh do pheata galair a mbaineann baol báis leo.
Ní mór duit glanadh suas i ndiaidh do mhadra má shalaíonn an madra in áit phoiblí. Mura nglanann tú suas i ndiaidh do mhadra d’fhéadfaí “fíneáil ar an láthair” €150 a ghearradh ort nó uasfhíneáil de €4,000 sa chás go ndéantar tú a chiontú.
Is ionann agus cion cead a thabhairt do do mhadra an iomarca tafainn a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith mar núis do dhuine ar bith. Is féidir leis an gCúirt Dhúiche ordú a dhéanamh a cheanglaíonn ort an méid tafainn a dhéanann do mhadra a laghdú, is féidir leis an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh maidir leis an líon madraí is féidir a choinneáil in áitreabh nó an madra a thabhairt don mhaor madraí mar mhadra nach bhfuil ag teastáil. Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche faoi na Rialacháin Torainn maidir leis an iomarca tafainn.
Sula ndéanann tú é sin, ní mór duit úinéir an mhadra a chur ar an eolas go bhfuil tú chun gearán a dhéanamh. Déanann tú é sin trí Fhoirm Alt 108 faoin Acht um Rialú Madraí , 1986 a chomhlánú. Tá Foirm 108 ar fáil ón gCúirt Dúiche.
Ní mór gach madra a choinneáil faoi smacht. Sa bhreis air sin, cuireann na Rialacháin um Rialú Madraí 1998 rialuithe breise i bhfeidhm maidir leis na pórtha madraí sonraithe seo a leanas:
Ní mór go mbeidh na madraí seo, tréithchineál nó crosphórú de na madraí sin agus iad in áit phoiblí, a bheith coinnithe ar iall ghearr atá láidir (suas go 2 mhéadar ar fad) faoi cheannas duine atá os cionn 16 bliana d’aois agus a bhfuil ar a gcumas iad a choinneáil faoi smacht. Ní mór soc béil atá daingnithe go maith a bheith ar gach aon mhadra acu sin.
Is áitreabh iad seo a choinníonn sé cinn de mhadraí baineanna nó níos mó, atá níos mó ná sé mhí d’aois agus ar féidir iad a phórú. Ní mór duit clárú leis an Údarás Áitiúil má fhreastalaíonn tú ar an gcritéar seo.
Má tá bunaíocht pórúcháin nua á shocrú suas agat ní mór duit clárú leis an údarás áitiúil ar dtús. Is cion atá i gceist leis má fheidhmíonn tú agus gan tú cláraithe leis an údarás áitiúil.
Leagtar amach san Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí 2010 na rialacha do na bunaíochtaí seo. Is féidir na treoirlínte a bhí in éineacht leis an Acht a fháil anseo .
D’eisigh an Roinn le gairid, tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí Treoirlínte Bunachais Pórucháin Madraí 2018 . Tháinig siad sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019. D’fhoilsigh an Roinn freisin Nóta Cumhdaigh maidir leis na Treoirlínte Bunachais Pórúcháin Madraí taobh leis na Treoirlínte seo a thugann breac-chuntas ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe sa réimse seo.
Tá achoimre de na freagraí a fuarthas ar an bpróiseas comhairliúcháin sin agus na freagraí le fáil ar an nasc seo a leanas:
An tAonad um Rialú Madraí
Seoladh:
Rialú Madraí, An tAonad um Ionchuimsiú Sóisialta agus Pobail, Oifigí Rialtais na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.
Ríomhphost
dogcontrol@drcd.gov.ie
Uimhir teileafóin
+353 76 100 6936
+353 76 100 6867