Cosaint leanaí i scoileanna - comhairle do thuismitheoirí agus caomhnóirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá tú i bhall den phobal agus tá aon imní agat faoi leas linbh ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Seirbhísí Obair Shóisialta um Chosaint Leanaí.
Má tá tú ag obair nó oibrí deonach in eagraíocht ina bhfuil polasaí um chosaint leanaí, ba chóir duit seo é a leanúint ar an gcéad dul síos.
Más rud é go mbraitheann tú go bhfuil leanbh i mbaol láithreach agus nach féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána nó le do Liachleachtóir Ginearálta.
Le haghaidh tuilleadh eolas féach: Cosaint agus Leas Leanaí ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Ní mór do gach scoil Duine Caidrimh Ainmnithe (DCA) a bheith i bhfeidhm acu chun déileáil le himní faoi chosaint leanaí. Ní mór ainm DCA a bheith taispeánta in áit fheiceálach in aice leis an bpríomhbhealach isteach sa scoil.
Tá freagracht ar DCA na scoile as a áirithiú go leanfar an nós imeachta caighdeánach tuairiscithe, ionas go gcuirfear imní faoi chosaint leanaí amhrasta go pras chuig an duine ainmnithe i Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó, i gcás éigeandála agus nach bhfuil fáil ar Tusla, chuig an nGarda Síochána.
Ní féidir leis an Roinn comhairle a chur ort maidir le haon imní faoi chosaint leanaí agus ní féidir leis an Roinn rúndacht a áirithiú más rud é go dtarraingíonn tú aird a foirne ar imní faoi chosaint leanaí.
Níl aon ról ag an Roinn maidir le measúnú nó imscrúdú a dhéanamh ar imní faoi chosaint leanaí agus ní féidir léi a bhunú cé acu atá aon fhorais réasúnacha léi chun iad a chur go foirmiúil chuig Tusla.
Más mian leat imní faoi chosaint leanaí a thuairisciú, ba chóir duit labhairt le DCA i do scoil agus beidh freagracht ar an duine sin as an tuairisc a dhéanamh.
Sa chás go mbaineann an líomhain nó an imní le DCA, ba chóir duit gan mhoill an t-ábhar a thuairisciú do Chathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta nó, i scoileanna inarb ionann an Bord Oideachais agus Oiliúna agus an fostóir, ba chóir é a thuairisciú do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Choiste Gairmoideachais lena mbaineann. I gcásanna den sórt sin, glacfaidh Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna an Cathaoirleach nó an Príomhfheidhmeannach, de réir mar is cuí, leis an ról a dhéanann DCA de ghnáth agus leanfaidh sé/sí na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 4.2 de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna.
Cinnfidh DCA na scoile cé acu atá nó nach bhfuil forais réasúnacha leis an imní agus cé acu ba chóir nó nár chóir an t-ábhar a thuairisciú do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Ní mór do shábháilteacht agus do dhea-bhail an linbh a bheith mar threoirphrionsabal do Dhuine Caidrimh Ainmnithe na scoile/ do Leas-Duine Caidrimh Ainmnithe na Scoile nuair atá cinneadh á dhéanamh ar cé acu a thuairisceofar nó nach dtuairisceofar imní faoi chosaint leanaí do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. I gcásanna ina bhfuil imní faoi leanbh, ach nach bhfuil DCA cinnte cé acu ba chóir nó nár chóir dó/di an t-ábhar a thuairisciú do Tusla iontu, lorgóidh DCA comhairle ó Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. I gcásanna ina bhfuil imní faoi leanbh agus ina bhfuil DCA sásta go bhfuil forais réasúnacha leis an amhras nó leis an imní, tuairisceoidh sé/sí an t-ábhar do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach láithreach.
Ba chóir imní faoi riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do leanaí a bhaineann le duine ar leith, i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha leis an imní a chur in iúl do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach freisin, fiú amháin mura féidir na leanaí a aithint.
Más rud é go gcinneann DAC na scoile gan tuairisc a thabhairt, is féidir leat tuairisc a thabhairt go díreach do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach go fóill.
Is féidir leat ábhair imní faoi chosaint leanaí a thuairisciú don Roinn Oideachais, áfach, má dhéanann tú teagmháil leis an roinn, ní mór don roinn an t-ábhar imní a chur ar aghaidh chuig Tusla agus / nó chuig údaráis na scoile (agus / nó an Garda Síochána). Ní foláir dúinn iad a chur ar aghaidh fiú má iarrann tú labhairt linn faoi rún. Cuirfidh an roinn d’ábhar imní ar aghaidh gan bhreithiúnas a dhéanamh. Déanfaidh an Roinn an fhaisnéis uile a roinnt maidir le hábhair imní faoi chosaint leanaí leis na húdaráis ábhartha ar bhonn ‘riachtanas eolais’ ar mhaithe le leas an linbh.
Ní mór déileáil le gach ábhar imní a fhaigheann foireann na Roinne de réir nósanna imeachta na Roinne chun freagairt d’ábhair imní faoi Chosaint Leanaí a thagann chun suntais d’fhoireann na Roinne Oideachais . Leagtar amach sna nósanna imeachta seo an méid a bhíonn ag teastáil ó bhaill foirne uile na Roinne Oideachais nuair a fhaigheann siad nó a thagann siad ar an eolas faoi fhaisnéis ina bhféadfadh ábhar imní maidir le cosaint leanaí nó leas leanaí a bheith ann.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trí:
Ní féidir leis an scoil ná an Roinn rúndacht a áirithiú do dhaoine a thuairiscíonn imní faoi chosaint leanaí dóibh. Más rud é nach dtugann tú d’ainm, ní dhéanfaidh sé seo difear don méid a dhéanfaidh an Roinn nó na scoileanna i leith d’imní. Mar sin féin, más rud é nach dtugann tú d’ainm, nó nach mian leat d’ainm a bheith bainteach leis an imní, d’fhéadfadh scrúdú agus imscrúdú ar an imní a bheith teoranta nó bactha.
Ní bheidh, a fhad is a thuairiscíonn tú an imní go réasúnach agus de mheon macánta. Rith an tOireachtas reachtaíocht ar a dtugtar an tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí 1998. I mbeagán focal, ciallaíonn sé seo, sa chás go gcruthaítear imní thuairiscithe faoi chosaint leanaí a bheith gan údar, nach féidir an duine a thuairiscigh an imní a ionchúiseamh más rud é go ndearnadh an cúiseamh de mheon macánta. Mar sin féin, sa chás go ndéanann duine tuairisc bhréagach faoi mhí-úsáid leanaí, agus é/í ar an eolas go bhfuil an ráiteas bréagach, tá an duine sin ciontach i gcion agus féadfar é/í a ionchúiseamh.
Más rud é go bhfuil imní faoi do leanbh agus go bhfuil DCA sásta go bhfuil forais réasúnacha leis an amhras nó leis an imní, tuairisceoidh sé/sí an t-ábhar do Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach láithreach.
Nuair atá tuairisc den sórt sin á déanamh do FSS, cuirfidh DCA in iúl duit (toisc gur tuismitheoir/caomhnóir an libh thú) mura rud é gur dócha go gcuirfeadh é sin an leanbh i mbaol nó i mbaol níos mó. Cuirfidh DCA in iúl don Bhord Bainistíochta faoi seo freisin.
Nuair a fhaigheann Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach atreorú maidir le himní faoi chosaint / leas leanaí, déanfaidh oibrí sóisialta teagmháil leat chun eolas a thabhairt duit faoin atreorú agus chun iarraidh ort cabhrú leis/léi maidir le measúnú a dhéanamh ar an imní. Beidh sé mar aidhm ag an oibrí sóisialta thú a choinneáil páirteach sa mheasúnú i gcónaí. Déanfaidh oibrí sóisialta scrúdú ar riachtanais an linbh agus ar do riachtanais agus ar riachtanais na mball eile den teaghlach i ngach cás.
Más rud é go ndéantar imní faoi chosaint leanaí i do leith, tá sé de cheart agat an imní seo a phlé le hoibrí sóisialta FSS a bhfuil measúnú á dhéanamh aige/aici ar an imní. Is é an bealach is fearr i gcónaí ná a bheith oscailte agus comhoibritheach agus cabhrú le haon mheasúnú atá á dhéanamh ag an oibrí sóisialta agus míthuiscint a sheachaint. Tabharfaidh sé seo an deis is fearr don oibrí sóisialta cinneadh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an leanbh i mbaol leanúnach.
Sa chás gur féidir a chruthú go ndearna duine tuairisc bhréagach d’aon turas, dlífear ionchúiseamh a dhéanamh air/uirthi faoin Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí 1998.
Tá Seirbhís Comhairleoireachta Náisiúnta FSS ann chun éisteacht le daoine a ndearnadh mí-úsáid orthu ina n-óige, chun meas a thabhairt dóibh agus chun iad a thuiscint. Is seirbhís comhairleoireachta agus síciteiripe atá gairmiúil agus faoi rún í an tseirbhís agus tá sí ar fáil saor in aisce i ngach réigiún den tír. Is féidir teacht ar an tseirbhís trí ghairmithe cúraim sláinte nó trí fhéin-atreorú (Saorfhón 1800 477477).