Sheol an tAire an Creat Curaclaim Bunscoile ar an 9 Márta 2023.
Tá an Creat seo dírithe ar gach bunscoil agus gach scoil speisialta agus tabharfaidh sé treoir do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ina gcuid oibre ar mhaithe le foghlaim, teagasc agus measúnacht a fheabhsú do gach páiste agus leas á bhaint as an gcuraclam nua.
Is léir ó na tuairimí a fuarthas ón gcomhairliúchán, agus is ríléir ó thuairimí na bpáistí, go bhfuil gá le curaclam a thacaíonn le gach páiste, ar bhealach a dhéanann ceiliúradh ar an eispéireas óige atá acu faoi láthair, agus a fhéachann chuige go mbeidh siad ullamh don saol atá amach rompu.
Leagtar amach sa Chreat fís, prionsabail agus gnéithe Chreat Curaclaim Bunscoile a bhfuil athfhorbairt déanta air.
Tá ról lárnach ag tuismitheoirí agus caomhnóirí in oideachas a bpáistí. Cuireann an curaclam nua do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta cur chuige comhpháirtíochta chun cinn a spreagfaidh cumarsáid mhéadaithe idir scoileanna agus tuismitheoirí. Tá sé mar aidhm aige seo tuismitheoirí agus caomhnóirí a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn a bpáiste ar scoil agus an scoil a choinneáil ar an eolas faoi fhoghlaim an linbh sa bhaile.
Tá tionchar cheana féin ag tuismitheoirí agus caomhnóirí ar ábhar an churaclaim nua agus leanfaidh siad ar aghaidh ag déanamh amhlaidh de réir mar a bheidh tuilleadh comhairliúcháin phoiblí ar siúl ar réimsí agus ábhair an churaclaim nua in 2024. Fógrófar na comhairliúcháin seo go forleathan ag an Roinn Oideachais agus Náisiúnta. An Chomhairle Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)- https://ncca.ie/ga/an-teolas-is-deanai-agus-imeachtai/comhairliúcháin/
Tá bileog agus físeán Teanga Chomharthaíochta na hÉireann le fáil anseo atá cruthaithe chun cabhrú le tuismitheoirí agus caomhnóirí tuiscint a fháil ar na hathruithe atá tar éis tarlú agus a tharlóidh sna blianta amach romhainn inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta.
Tá an bhileog ar fáil sna teangacha seo a leanas:
*Béarla
Bileog do Thuismitheoirí - Béarla
*Gaeilge
Bileog do Thuismitheoirí -Gaeilge
*Polainnis
Bileog do Thuismitheoirí - Polainnis
*Liotuáinis
Bileog do Thuismitheoirí - Liotuáinis
*Úcráinis
Bileog do Thuismitheoirí - Úcráinis
*Rúisis
Bileog do Thuismitheoirí - Rúisis
*Laitvis
Bileog do Thuismitheoirí - Laitvis
*Portaingéilis
Bileog do Thuismitheoirí - Portaingéilis
*Rómáinis
Bileog do Thuismitheoirí - Rómáinis
*Sínis Mandairínis
Bileog do Thuismitheoirí - Sínis Mandairínis
Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag déanamh cumarsáide leis na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear tuismitheoirí agus caomhnóirí thar na míonna agus na blianta atá le teacht chun a chinntiú go n-éireoidh leis an gcuraclam nua.
Foilsíodh Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) don cheithre chéim sa bhunscoil (naíonáin bheaga go Rang a 6) i mí Mheán Fómhair 2019.
Tá an curaclam tacaithe ag Uirlisí Úsáide Teanga na Bunscoile/Primary Language Toolkit ar líne. Rinneadh na huirlisí úsáide teanga a nuashonrú le déanaí agus áirítear ann Eolas Tacaíochta atá curtha leis anois, atá bainteach le Samplaí d’Fhoghlaim Teanga na bPáistí /Examples of Children’s Learning, ina bhfuil sonraí ar chomhthéacs an tseomra ranga curtha i láthair sna Samplaí, mar aon le roghanna an mhúinteora nuair a bhíonn foghlaim leanaí á ullmhú, á theagasc agus á mheas. D’fhéadfadh siad seo a bheith an-úsáideadh nuair a bhíonn múinteoirí gafa leis an gcuraclam ag leibhéal na scoile uile.
Cuirtear Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí/Support Materials for teachers a thacaíonn leis an nGaeilge nuafhorbartha i láthair freisin sna huirlisí úsáide teanga do scoileanna a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, Litearthacht Dhigiteach, agus Éagsúlacht Teanga tríd an gcuraclam. Rinneadh dearadh na Contanaim Dul chun Cinn/Progression Continua a uasdátú freisin chun tacú le múinteoirí agus iad ag obair le torthaí foghlama an churaclaim. Is féidir an curaclam agus uirlisí úsáide teanga a rochtain ar an suíomh.
Tacaíocht i leith Forbairt Ghairmiúil do Churaclam Teanga na Bunscoile (CTB)
Sheol an tAire Oideachais Curaclam Matamaitice na Bunscoile an 7 Meán Fómhair 2023. Tá Curaclam Matamaitice na Bunscoile mar chuid den churaclam nua do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta agus tá sé ailínithe go hiomlán le Creatchuraclam na Bunscoile a foilsíodh i mí an Mhárta 2023. Cuireann Curaclam Matamaitice na Bunscoile eispéireas foghlama tarraingteach, spraíúil agus cuimsitheach ar fáil do leanaí, ag díriú ar "conas" agus "cad" i bhfoghlaim na matamaitice. Is í aidhm Churaclam Matamaitice na Bunscoile nua ná go léirítear do leanaí go bhfuil an mhatamaitic tábhachtach agus úsáideach ina saol laethúil.
Beidh an bhliain acadúil 2023/2024 ag ceannairí scoile agus ag múinteoirí chun dul i dtaithí ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile agus beidh múinteoirí in ann gnéithe de a úsáid ina seomraí ranga. Tosóidh cur i bhfeidhm churaclam na matamaitice nua ó thús na bliana acadúla 2024/2025.
[external-link Ciorclán 0039/2023 Curaclam Matamaitice na Bunscoile do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta | https://www.gov.ie/ga/ciorclan/f093f-curaclam-matamaitice-na-bunscoile-do-bhunscoileanna-agus-scoileanna-speisialta/ ]
Tá ról lárnach ag tuismitheoirí agus caomhnóirí in oideachas a leanaí.
Tá fáil thíos ar bhileog agus ar fhíseán Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a cuireadh le chéile chun cabhrú le tuismitheoirí agus caomhnóirí an curaclam matamaitice nua a thuiscint.
Tá an bhileog ar fáil sna teangacha seo a leanas
Bileog do Thuismitheoirí - Béarla
Bileog do Thuismitheoirí -Gaeilge
Bileog do Thuismitheoirí - Laitvis
Bileog do Thuismitheoirí - Liotuáinis
Bileog do Thuismitheoirí - Polainnis
Bileog do Thuismitheoirí - Portaingéilis
Bileog do Thuismitheoirí - Rómáinis
Bileog do Thuismitheoirí - Rúisis