An Geilleagar Ciorclach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an beartas Rialtais ag bogadh i dtreo 'geilleagar ciorclach' a bhaint amach, áit a ndéantar acmhainní a athúsáid nó a athchúrsáil a mhéid is féidir agus a n-íoslaghdaítear an méid dramhaíola a ghintear. Tá an geilleagar ciorclach ina rogha eile ar gheilleagar 'táirgthe línigh' an lae inniu, áit a n-asbhaintear méideanna móra acmhainní nádúrtha chun rudaí a dhéanamh nach féidir iad a úsáid ach uair amháin sula gcaitear ar shiúl iad.
Ní smaoineamh úrnua é an geilleagar ciorclach. Déanta na fírinne, is rudaí coitianta iad a lán gníomhaíochtaí ciorclacha. Tá rudaí amhail cupán in-athúsáidte a úsáid le haghaidh caife agus tú ar do bhoinn, rudaí a thabhairt do shiopa carthanais, agus a shocrú go ndeiseofaí bróga, seachas iad a chaitheamh uait, ina samplaí de bhealaí simplí inar féidir leat tréimhse saoil táirgí a fhadú trí iad a athúsáid agus a dheisiú.
Chun tairbhí iomlána an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach, áfach, teastaíonn níos mó ná gníomhaíocht ar leibhéal an duine aonair. Teastaíonn an meascán ceart idir beartais rialtais, rialáil rialtais, samhlacha nua gnó agus córais nua táirgthe freisin.
Is féidir le geilleagar níos ciorclaí tairbhí comhshaoil, geilleagracha agus sóisialta a bhaint amach, amhail laghdú i dtruailliú plaisteach, poist inbhuanaithe nua, agus táirgí tomhaltais níos fearr agus níos fadmharthanaí.
Is é an toradh a bheadh ar phrionsabail chiorclacha a ghlacadh ar fud an gheilleagair ar fad ná go bhféadfaí úsáid dramhaíola agus úsáid acmhainní a íoslaghdú mar réamhshocrú, go bhféadfaí táirgí buanfasacha indeisithe a sholáthar do thomhaltóirí trí dhea-dhearadh agus go bhféadfaí na hamhábhair luachmhara atá i dtáirgí a bhfuil deireadh a saoil bainte amach acu a athshlánú agus a athúsáid go héasca.
Chun an toradh sin a bhaint amach, is gá cur chuige comhcheangailte a ghlacadh i leith an gheilleagair chiorclaigh ar fud an rialtais.
Is é sin an fáth ar fhoilsíomar an chéad Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach riamh d’Éirinn. Tá sé mar aidhm leis an Straitéis sin a mhíniú cad atá sa gheilleagar ciorclach, cén fáth ar gá d’Éirinn geilleagar ciorclach a bhaint amach agus conas a fhorbrófar an beartas náisiúnta chun tacú leis an sprioc sin. Tabharfar an Straitéis cothrom le dáta go tráthrialta chun gníomhartha agus spriocanna ciorclaíochta ar fud an gheilleagair ar fad a chur ar áireamh inti.
Léigh tuilleadh faoin Straitéis don Gheilleagar Ciorclach.
Rinneadh dlí den Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, i mí Iúil 2022.
Sa phíosa suntasach reachtaíochta sin, sainmhínítear an Geilleagar Ciorclach den chéad uair riamh i ndlí náisiúnta na hÉireann agus tugtar an bunús dlí do chuid mhór de na gníomhartha a dhéanfaidh an rialtas chun tacú leis an aistriú ciorclach.
Áirítear na nithe seo leis na príomhbhearta san Acht:
Tá an geilleagar ciorclach á chur i bhfeidhm sa chleachtas ag cuid mhór pobal, fiontar sóisialta agus gnólachtaí ar fud na tíre cheana féin, nó tá spéis acu i ndéanamh amhlaidh.
Chun cabhrú le pobail agus gnólachtaí an t-aistriú a dhéanamh chuig geilleagar ciorclach, sheol an rialtas Scéim Deontas Nuálaíochta nua ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach sa bhliain 2021. Leis an Scéim, soláthraítear cistiú bliantúil do thionscadail nuálacha mheánmhéide agus tionscadail nuálacha mhóra ar féidir leo tacú le forbairt an gheilleagair chiorclaigh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Bíonn na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Scéim ag déanamh difear ina bpobail áitiúla agus ag forbairt na dtáirgí agus na seirbhísí a chabhróidh leis an ngeilleagar ciorclach a bhaint amach i ndáiríre.
Tá an Scéim dírithe go háirithe ar thionscnaimh atá faoi stiúir ag eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, ach gan a bheith teoranta dóibh.
Léigh tuilleadh faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach agus faoi conas iarratas a dhéanamh ar chistiú.
Tá an tIonad Athfhionnachtana ina ionad náisiúnta do ghníomhaíocht geilleagair chiorclaigh in Éirinn. Tacaíonn sé le hathúsáid ábhar, comhroinneann sé scileanna ciorclacha, agus soláthraíonn sé faisnéis faoi fhorbairtí geilleagair chiorclaigh anseo in Éirinn agus thar lear. Faigheann an tIonad cistiú ó raon comhlachtaí poiblí.
Tá an Scéim Fiontraíochta Glaise de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil i measc na bhfoinsí eile cistiúcháin atá ar fáil don gheilleagar ciorclach.
Is é is Soláthar Poiblí Glas ann ná próiseas trína bhféachann údaráis phoiblí le hearraí, seirbhísí nó oibreacha a mbeidh tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol acu a fhoinsiú.
Is mórcheannaitheoir táirgí agus seirbhísí í an earnáil phoiblí agus, trí chritéir chomhshaoil a chur ar áireamh ina beartais soláthair, is féidir leis an earnáil freastal ar an éileamh ar tháirgí agus seirbhísí ciorclacha agus luach ar airgead a bhaint amach ag an am céanna.
Tá an beartas náisiúnta um sholáthar poiblí glas dar teideal 'Tairiscintí Glasa - Plean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Poiblí Glas' á thabhairt cothrom le dáta faoi láthair, agus foilseofar leagan athbhreithnithe sa bhliain 2023.
Léigh tuilleadh faoinár mbeartais um Sholáthar Poiblí Glas.
Is é atá i gceist leis an mbithgheilleagar ná acmhainní bitheolaíocha inathnuaite a tháirgeadh agus iad a thiontú ina mbia, ina mbeatha, ina dtáirgí bithbhunaithe agus ina mbithfhuinneamh. Áirítear leis an mbithgheilleagar talmhaíocht, foraoiseacht, iascach, bia, táirgeadh laín agus páipéir, mar aon le codanna de na tionscail ceimiceán, bhith-theicneolaíochta agus fuinnimh. Tá acmhainneacht láidir nuálaíochta ag earnálacha an bhithgheilleagair chun tacú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar ísealcharbóin atá inbhuanaithe agus níos comhtháite.
Iarradh sa Phlean Gníomhaíochta do Phoist ón rialtas go ndéanfaí measúnú ar an acmhainneacht atá ag bithgheilleagar na hÉireann chun rannchuidiú tuilleadh le forbairt gheilleagrach agus leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. I dTionscadal Éireann 2040 , tarraingítear aird ar an acmhainneacht atá ag an mbithgheilleagar chun úsáid níos éifeachtúla acmhainní inathnuaite a chur chun cinn agus chun tacú ag an am céanna le forbairt gheilleagrach agus fostaíocht i gceantar tuaithe na hÉireann. Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, d’fhoilsigh an rialtas an chéad Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBithgheilleagar sa bhliain 2018. Aithnítear sa Ráiteas sin go bhfuil an bithgheilleagar ríthábhachtach don inbhuanaitheacht agus go soláthraíonn sé spreagthach le haghaidh forbairt agus fostaíocht tuaithe agus réigiúnach ag an am céanna.
Bhunaigh an rialtas grúpa cur chun feidhme atá faoi chomhchathaoirleacht ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tugann an grúpa aghaidh ar roinnt mórghníomhartha, ag obair dó i ndlúthchomhar le tionscail bhithgheilleagair agus le comhpháirtithe eile, agus tugann sé tuairisc don rialtas orthu. Foilsíodh an Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón nGrúpa um Chur Chun Feidhme an Bhithgheilleagair chuig an Rialtas sa bhliain 2019.