An Mhótarcháin agus Úinéireacht Feithicle (NVDF)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is bunachar sonraí é an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF) ina bhfuil sonraí faoi gach ceann den 2.9 milliún feithicil chláraithe agus a n-úinéirí, chomh maith leis an 3.3 milliún tiománaí ceadúnaithe atá sa tír.
Is córas tábhachtach é ó thaobh próiseáil mótarchánach agus ceadúnas tiomána de agus bailítear níos mó ná €1 bhilliún tríd gach bliain. Is é an Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí den Roinn Iompair, atá lonnaithe i Sionainn, Co. an Chláir, atá freagrach as é a choinneáil ag dul agus as tacaíocht a chur ar fáil i dtaca leis. Comhlíonann an NVDF oibleagáidí dlíthiúla freisin maidir leis na cláir náisiúnta tiománaithe agus feithiclí.
Tacaíonn an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe le seirbhísí mótarchánach agus seirbhísí ceadúnais tiomána do gach úsáideoir sna hoifigí mótarchánach agus sna hionaid eile ar fud na tíre, leis na Seirbhísí Mótarchánach ar líne agus leis an oifig i Sionainn, áit a ndéantar fógraí ar athrú úinéireachta feithicle a phróiseáil.
Is féidir mótarcháin a athnuachan don chuid is mó de charranna tríd an tseirbhís ar líne ag www.motortax.ie ; nó ag d’oifig mótarchánach áitiúil , bíodh sé sin san oifig féin nó tríd an bpost.
Cáin a chur ar d’fheithicil ar líne
Cuireann an tSeirbhís Mótarchánach ar Líne ar chumas úinéirí feithicle mótarcháin a íoc ar an Idirlíon trí nasc slán, rud a fhágann nach gá dóibh dul chuig an oifig mótarchánach áitiúil ná iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Tá eolas tacaíochta do chustaiméirí ar fáil ar an láithreán, lena n-áirítear:
• sonraí faoina mbeidh ag teastáil uait le cáin a chur ar d’fheithicil ar líne,
• liosta na bhfeithiclí ar féidir cáin a chur orthu ar líne, lena n-áirítear cén chaoi ar féidir cáin a chur ar fheithiclí tráchtála,
• liosta na bhfeithiclí ar féidir cáin a chur orthu den chéad uair ar líne
• céard is Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) ann agus cén áit ar féidir teacht uirthi le cáin a chur ar fheithicil ar líne,
• sonraí faoi cathain a thagann úinéir feithicle faoi dhliteanas mótarchánach,
• an chaoi a ngearrtar mótarcháin,
• an chaoi le diosca cánach athsholáthair a fháil má chailltear an diosca bunaidh nó má chuirtear amú é
• an chaoi le haisíocaíocht mhótarchánach a phróiseáil
• na rátaí reatha mótarchánach, agus an chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad
• foirmeacha mótarchánach
Má tá cáin le cur den chéad uair ar fheithicil úrnua nó iompórtáilte, is iad na sé charachtar dheireanacha den uimhir aitheantais feithicle (VIN) an UAP.
Is é an Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí den Roinn seo a dhéanann an Córas Mótarchánach ar Líne a bhainistiú.
Seo a leanas sonraí teagmhála an Rannáin sin:
Cáin a Chur ar d’Fheithicil ag d’Oifig Mótarchánach áitiúil
Is féidir cáin a chur ar d’fheithicil ag d’oifig mótarchánach áitiúil chomh maith, bíodh sé sin san oifig féin nó tríd an bpost.
Le cáin a chur den chéad uair ar fheithicil nua nó iompórtáilte ag d’Oifig Mótarchánach Áitiúil , beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
• Foirm iarratais RF100 (ón déileálaí mótair)
Le cáin a chur den chéad uair ar chineálacha áirithe feithicle, amhail feithiclí tráchtála, feithiclí seirbhíse poiblí (busanna/tacsaithe/hacnaithe), mótarcharbháin, meaisíní soghluaiste, feithiclí tarrthála, busanna scoile nó feithiclí oileáin, beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Mótarchánach Áitiúil le heolas a fháil faoi na doiciméid tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait, é sin nó dul chuig an láithreán gréasáin atá acu le tuilleadh sonraí a fháil.
Le mótarcháin a athnuachan ag d’Oifig Mótarchánach Áitiúil, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
• Foirm iarratais RF100B (foirm mheabhrúcháin ríomhairithe) nó RF100A.
Leis an mótarcháin a athnuachan (i gcás nach bhfuil athrú tagtha ar úinéireacht na feithicle) ar chineálacha áirithe feithicle, amhail feithiclí seirbhíse poiblí (busanna/tacsaithe/hacnaithe), busanna scoile nó feithiclí oileáin, beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Mótarchánach Áitiúil le heolas a fháil faoi na doiciméid tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait, é sin nó dul chuig an láithreán gréasáin atá acu le tuilleadh sonraí a fháil.
Ceanglaítear leis an dlí go gcaithfear gach athrú ar úinéireacht feithicle a chur in iúl don Roinn Iompair agus na hathruithe a thaifeadadh ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF). Tá sé tábhachtach go mbeadh na sonraí úinéireachta agus na seoltaí cothrom le dáta i gcónaí agus go gcuirfí athruithe in iúl go pras.
Tá sé de dhualgas ar na díoltóirí agus ar na ceannaitheoirí araon cloí leis na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi úinéireacht feithicle agus gearrfar pionóis ar dhaoine a dteipeann orthu déanamh amhlaidh ar iad a chiontú. Is faoin díoltóir atá sé a chinntiú go gcomhlánófar na doiciméid is gá maidir le hathrú úinéireachta. Ní mór úinéir cláraithe a bheith luaite le gach feithicil agus, i gcás mainneachtain sonraí an úinéara nua a bhunú, is é ainm an díoltóra a fhanfaidh ar an taifead. Is é an duine sin a bheidh fós faoi dhliteanas i leith aon mhuirir a thiocfaidh chun cinn i ndáil leis an bhfeithicil, lena n-áirítear mótarcháin agus aon phionóis a d’fhéadfaí a thabhú (páirceáil, sáruithe tráchta agus mar sin de).
Is féidir teacht ar na nósanna imeachta maidir le hathrú ar úinéireacht feithicle a chur in iúl anseo
Bíonn baint ag déileálaithe mótair le formhór na n-idirbheart díola agus ceannaigh feithiclí agus, chuige sin, tá seirbhís ríomhrialtais curtha ar bun ag an Roinn le cur ar chumas déileálaithe ceadaithe athruithe ar úinéireacht feithicle a chur in iúl don NVDF tríd an Idirlíon ag www.motortrans.ie. .
Ní féidir ach le déileálaithe atá ceadaithe ag an Roinn an tsaoráid ar líne sin a úsáid le sonraí a chur isteach go leictreonach. Tá treoracha ar an láithreán gréasáin do dhéileálaithe ar mian leo clárú le haghaidh na seirbhíse.
Ceanglaítear ar úinéirí feithicle a dhearbhú roimh ré go bhfuil siad chun a bhfeithicil a bhaint den bhóthar, rud is féidir leo a dhéanamh ar líne ag http://www.motortax.ie/ nó tríd an bpost ach Foirm RF150 a chomhlánú agus a sheoladh chuig a n-oifig mótarchánach áitiúil.
Tá tuilleadh sonraí faoin bpróiseas ar fáil anseo nó ar láithreán gréasáin d’oifige mótarchánach áitiúla.
Cuireann árachóirí sonraí faoi fheithiclí díscríofa ar fáil agus déantar an NVDF a nuashonrú leis na sonraí sin.
I gcás go bhfuil díscríobh taifeadta ar an NVDF, is éard a tharlaíonn de ghnáth ná go mbeidh an fheithicil sin ‘faoi ghlas’ ar an gcóras, rud a fhágann nach féidir aon ghníomhaíocht bhreise a thaifeadadh i ndáil léi, amhail athrú ar úinéireacht na feithicle nó athnuachan mótarchánach.
Go ginearálta, is éard atá i gceist le ‘díscríobh’ ná feithicil a ndearnadh damáiste forleathan di agus a bheartaigh na hárachóirí a bhí scriosta go hiomlán nó den chuid ba mhó.
Foráiltear leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite), 2006, arna leasú, do Threoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a chur chun feidhme in Éirinn. Thug na Rialacháin caighdeáin nua chomhshaoil isteach lena chinntiú go ndéanfaí ábhair a aisghabháil agus a athchúrsáil ar bhealach nach ndéanfadh dochar don chomhshaol.
I gcás carranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma (ollmheáchan feithicle níos lú ná 3,500 kg) atá le scriosadh, ní mór deimhniú cláraithe/ceadúnaithe na feithicle a thabhairt suas do Shaoráid Cóireála Údaraithe (ATF) nuair atá an fheithicil á taisceadh lena scriosadh. Is éard is ATF ann ná saoráid inar féidir feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú agus a stóráil agus a chóireáil. Tá sonraí faoi ATFanna ar fáil ó gach údarás áitiúil. Is féidir feithiclí a thaisceadh saor in aisce ag ATF.
Eisítear Deimhniú Scriosta (COD) d’úinéir cláraithe na feithicle. Is dearbhú é an COD go scriosfar an fheithicil a mbaineann sé léi de réir cheanglais na rialachán agus go ndéanfar nóta ar an NVDF den fhaisnéis atá sonraithe ar an deimhniú sin.
Tar éis COD a eisiúint maidir le feithicil, ní cheadófar cáin a chur uirthi ná í a úsáid in áit phoiblí a thuilleadh agus cuirfear an taifead ábhartha ar an NVDF ‘faoi ghlas’ ionas nach bhféadfar aon ghníomhaíocht bhreise a thaifeadadh i ndáil léi.
Aistarraingtí Sábháilteachta Feithicle
Ceanglaítear le dlí mótarfheithiclí a mhonarú ar bhealach a fhágann go mbeidh siad sách sábháilte agus sách inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de lena n-úsáid ar bhóithre. Anseo san Eoraip baintear é sin amach trí chóras ceadaithe uile-Eorpach a dtugtar Cineálcheadú air, is sraith tástálacha diana é go bunúsach nach mór d’fheithicil, nó do chuid d’fheithicil (na coscáin, cuir i gcás), pas a fháil iontu sula mbeidh cead í a úsáid ar bhóithre poiblí.
I gcás go gcaithfear feithicil a aistarraingt, baineann an déantóir leas as sonraí ó Chomhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe na Roinne (NVDF) le cabhrú leis teagmháil a dhéanamh le gach duine de na húinéirí cláraithe.
Tá tuilleadh sonraí maidir le haistarraingtí feithicle ar fáil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Ceanglaítear leis na forálacha dlí a bhaineann le Pointí Pionóis go gcuirfear pointí pionóis leis na taifid ábhartha ceadúnais tiomána ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF). Bíodh sin mar atá, is faoin Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre atá riar na bpointí pionóis agus ba cheart ceist ar bith maidir lena leithéid d’fhógraí a chur chuig an Údarás.
Foráiltear in Alt 60 den Acht Airgeadais (Uimh. 13 de 1993) , arna leasú, gur ceadmhach do na páirtithe seo a leanas rochtain ar shonraí an NVDF: ranna rialtais agus údaráis cheadúnaithe (mótarcháin) in Éirinn agus i mballstáit eile den AE, na Coimisinéirí Ioncaim, an Garda Síochána agus cibé daoine eile a fhorordófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Iompair (tá I.R. Uimh. 287 de 2015 agus I.R. Uimh. 179 de 2017, arna leasú, ar dhá shampla a rinneadh ar na mallaibh). Faigheann faighteoirí eile sonraí an NVDF trína gcreataí reachtacha sonracha féin. Tá socruithe i bhfeidhm freisin le sonraí neamhphearsanta feithiclí a chur ar fáil faoi chomhaontú do roinnt faighteoirí a chuireann seiceálacha céannachta feithiclí ar fáil ar bhonn tráchtála don phobal i gcoitinne.
Ar na páirtithe a bhfuil fáil acu ar shonraí an NVDF tá:
• eFlow, a riarann na táillí dola ar an M50. Ba cheart glao a chur ar 1890 501050 má bhíonn ceist ar bith agat maidir le eFlow, bailiú dolaí gan bhacainn nó dolaí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo .
• Applus+, a oibríonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna. Is faoi Applus+ atá gach ábhar a bhaineann le riaradh agus oibriú laethúil na seirbhíse um tástála carranna, lena n-áirítear meabhrúcháin tástála a eisiúint. Ba cheart duit glao a chur ar 1890 412413 má bhíonn ceist ar bith agat maidir le tástáil a chur in áirithe. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo .
Is é an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF) an córas taifid le haghaidh gach taifid feithicle agus gach taifid tiománaí sa stát.
Taifid Feithicle
Áirítear le taifid feithicle taifid úinéara feithicle agus taifid mhótarchánach. Bailítear sonraí taifid feithicle ar na bealaí seo a leanas
• Clárú Feithiclí: Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhailíonn na taifid feithicle cláraithe agus an fhaisnéis úinéireachta cláraithe a bhaineann leo, agus a chuireann ar fáil don NVDF iad.
• Mótarcháin/Athrú ar Úinéireacht Feithicle: Cuirtear Mótarcháin agus athruithe ar úinéireacht feithicle in iúl don NVDF trí phróisis phoist agus ar líne ag an Roinn agus ag Oifigí Mótarchánach ar fud na tíre
Taifid Tiománaí
Áirítear le taifid tiománaí faisnéis faoi cheadúnais tiomána agus faoi cheada foghlaimeora, sonraí pearsanta maidir le tiománaithe agus formhuinithe tráchta ar bhóithre, amhail cionta pointe pionóis agus dícháiliú tiománaithe. Bailítear sonraí taifid tiománaí ar na bealaí seo a leanas:
• Iarratas/Iarratas Athnuachana ar Cheadúnas Tiomána/ar Chead Foghlaimeora: Is í an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS), arna hoibriú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), a bhailíonn na taifid ar cheadúnais tiomána agus ceada foghlaimeora, agus a thugann don NVDF iad.
• Formhuiniú de dheasca Cion Pointe Pionóis: Is iad an Garda Síochána agus an tSeirbhís Chúirteanna a bhailíonn na taifid ar chionta pointe pionóis, agus a thugann don NVDF iad.
• Dícháiliú de dheasca Cion Muirir Sheasta: Is é an Garda Síochána a bhailíonn na taifid ar dhícháilithe de dheasca cion muirir sheasta, agus a thugann don NVDF iad
• Dícháiliú Cúirte: Is í an tSeirbhís Chúirteanna, tríd an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána, a bhailíonn na taifid ar dhícháilithe cúirte, agus a thugann don NVDF iad
Cuirtear sonraí an NVDF ar fáil do thríú páirtithe ceadaithe de réir Alt 60(3) den Acht Airgeadais, 1993, arna leasú, agus de réir Rialacháin Rochtana an NVDF, arna ndéanamh faoi I.R. Uimh. 287/2015 - Na Rialacháin um an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (Rochtain) (Uimh. 2), 2015, arna leasú.
Cuirtear sonraí an NVDF ar fáil do thríú páirtithe ceadaithe faoi na forálacha seo a leanas chomh maith:
• An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, Alt 22 (4)
• An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1993, Alt 64A(1)
• An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2014, Alt 5(1)
Tugadh beartas cosanta sonraí na Roinne cothrom le dáta leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá fógraí príobháideachais in-íoslódáilte ar fáil maidir le gach foirm mhótarchánach agus gach foirm ceadúnais leantóra.
1. Ba chóir iarratais ar rochtain ar shonraí ón NVDF (Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe) a chur transportdata@transport.gov.ie
2. Nuair a fhaigheann an Roinn Iompair iarratas ar chomhroinnt sonraí don NVDF, cuirtear foirm chuig an iarrthóir ina n-iarrtar eolas ar na réimsí a theastaíonn agus ar an mbunús dlí (i gcás sonraí pearsanta/íogair).
3. Gheobhaidh an Roinn Iompair amach an bhfuil na sonraí a iarradh ar fáil. Mura bhfuil, cuirtear an méid sin in iúl don iarrthóir agus cuirtear deireadh leis an bpróiseas.
4. Má bhíonn na sonraí ar fáil agus iad aicmithe mar shonraí atá oscailte nó neamhphearsanta, déantar an t-iarrthóir a threorú i dtreo sonraí oscailte atá foilsithe nó tugtar na sonraí don iarrthóir.
5. Más rud é go bhfuil na sonraí a iarradh pearsanta nó íogair, déanfaidh an Roinn Iompair an bunús dlí a tugadh a dheimhniú
6. Más rud é nach bhfuil aon bhunús reachtach leis na sonraí, is féidir le hiarrthóirí roghanna eile nó an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí a phlé más mian leo, ach tagann deireadh leis an bpróiseas féin agus is féidir tús a chur le próiseas nua.
7. Más rud é go bhfuil bunús reachtach ann, déanfaidh an Roinn Iompair plé lena fháil amach an cuí na sonraí a sholáthar.
8. Más cuí, iarrfar ar an iarrthóir measúnú mionsonraithe tionchair ar chosaint sonraí a sholáthar agus déanfaidh bord na Roinne Iompair um rialachas sonraí agus an tAonad um Chosaint Sonraí é sin a mheas.
9. Ní chuirfear aon sonraí ar fáil go dtí go ndéanfaidh bord na Roinne Iompair um rialachas sonraí an bunús dlí agus an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a údarú.
10. Agus athbhreithniú déanta ar an bhfoirm, féadtar rochtain ar na sonraí a cheadú, ansin déantar Comhaontú Comhroinnte Sonraí a dhréachtú agus a chomhaontú.
Is é beartas na Rannóige Sonraí agus Anailísíochta (DAAD) modhanna um Rialú Nochta Staitistiúil (SDC) a chur i bhfeidhm maidir le haon sonraí atá le foilsiú.
Cuirfear SDC i bhfeidhm ar shonraí sula bhfoilseofar iad i gcás go measfar na rioscaí seo a leanas a bheith i gceist:
Is é beartas na Rannóige Sonraí agus Anailísíochta (DAAD) cealla aonair a bhfuil a luach < 3 a cheilt, agus rúndacht thánaisteach a chur i bhfeidhm nuair is gá le riosca nochta a chosc. Mar sin féin, d’fhonn an gá le doiléiriú a sheachaint agus caillteanas faisnéise dá bharr sin a íoslaghdú, déanfaidh an Rannóg iarracht ar dtús réimsí a chomhiomlánú ar bhealach loighciúil agus comhsheasmhach, agus ábhar faisnéise na sonraí á choinneáil ag an am céanna.
Le tuilleadh eolais a fháil ar an Rialú Nochta Staitistiúil (SDC) agus ar dhea-chleachtas SDC, féach na treoirlínte ón bPríomh-Oifig Staidrimh maidir leis an Rialú Nochta Staitistiúil, atá ar fáil anseo .