Cosaint an Chomhshaoil
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an rialtas beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme lena bpléitear le raon saincheisteanna comhshaoil difriúla, lena n-áirítear aercháiliocht, torann, astaíochtaí tionsclaíocha, ceimiceáin ghuaiseacha, agus orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Tá sé freagrach freisin as an gCiste Comhshaoil a bhainistiú agus ioncam an Chiste a dháileadh ar fud roinnt tionscnamh comhshaoil.
Foráiltear leis an Acht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú), 2001, do Chiste Comhshaoil a bhunú atá le bainistiú agus le rialú ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Déantar ioncam ó na tobhaigh ar mhálaí plaisteacha siopadóireachta agus ar líonadh talún dramhaíola a íoc isteach sa Chiste. Féadfar an t-ioncam sin a úsáid le haghaidh roinnt cuspóirí difriúla. Áirítear leo sin cúnamh a thabhairt sna réimsí seo a leanas:
Ullmhaítear Cuntais an Chiste Comhshaoil ar bhonn bliantúil. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais sin agus leagtar faoi bhráid an Oireachtais iad.
Mór-riosca sláinte is ea droch-aercháiliocht. Is féidir léi a bheith ina cúis le galair scamhóg, le galair chardashoithíocha agus le hailse. Is iad leanaí, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil asma nó riochtaí riospráide eile orthu na daoine a ndéanann droch-aercháilíocht an difear is mó dóibh. Is féidir le haerthruailliú tionchair eacnamaíocha agus chomhshaoil a bheith aige freisin. Rinne Éire cuid mhór beart cheana féin chun dul i ngleic le haerthruailliú, agus tá roghanna beartais eile á mbreithniú aici faoi láthair. Is é an aidhm atá leis na bearta sin a chinntiú go n-éireoidh linn an méid truailleán áirithe a laghdú chun na spriocanna AE agus na spriocanna idirnáisiúnta atá againn a bhaint amach faoin mbliain 2030. Cé gurb í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a dhéanann faireachán ar aercháiliocht in Éirinn, féadfaidh údaráis áitiúla faireachán a dhéanamh ina limistéir áitiúla féin freisin. Bíonn sonraí ó gach stáisiún faireacháin de chuid na Gníomhaireachta ar fáil ar líne i gcónaí ar an Innéacs Aercháiliochta uaithi.
Leagfar amach sa Straitéis Náisiúnta um Aer Glan creat trínar féidir leis na ranna rialtais uile obair chun aerthruailliú a laghdú agus chun aer níos glaine a chur chun cinn. Cuirfear chun feidhme í i gcomhar le pleananna eile, amhail an Clár Náisiúnta um Rialú ar Aerthruailliú agus an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, chun dul i ngleic le príomhdhúshláin an aerthruaillithe. Áirítear iad seo a leanas leo sin:
Faigh tuilleadh faisnéise faoi Aercháiliocht in Éirinn.
Is é is torann comhshaoil ann ná fuaim neamh-inmhianaithe nó dhochrach lasmuigh a thagann as gníomhaíochtaí an duine. Áirítear leis sin an torann a thagann as modhanna iompair, as trácht ar bhóthar agus ar iarnród agus as aerthrácht, agus an torann ó láithreáin ghníomhaíochta tionsclaíche. Ní áirítear leis sin torann a chruthaíonn an duine nochta, torann ó ghníomhaíochtaí baile, torann a chruthaíonn comharsana, torann ag áiteanna oibre, torann a chruthaítear laistigh de mhodhanna iompair ná torann a thagann as gníomhaíochtaí míleata laistigh de limistéir mhíleata.
De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), is é torann an dara cúis comhshaoil is mó leis an drochshláinte. Bítear ag léiriú níos mó agus níos mó i dtaighde eolaíoch a bhfuil mar aidhm leis tionchair an torainn a thuiscint go laghdaíonn nochtadh fada do thruailliú torainn cáilíocht beatha daoine agus go ndéanann sé dochar dá sláinte. D’fhorbair Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip tacar treoirlínte atá bunaithe ar an tuiscint mhéadaitheach ar na tionchair shláinte sin a bhíonn ag nochtadh do thorann comhshaoil. Tá an tionscadal taighde Noise-Health, atá á chistiú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ag déanamh measúnú ar an gcaidreamh idir torann agus sláinte i gcomhthéacs náisiúnta.
Chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe torainn comhshaoil in Éirinn, rinne an rialtas Treoir 2002/49/CE ón Aontas Eorpach a thrasuí isteach i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhshaoil), 2018 (I.R. Uimh. 549 de 2018), arna leasú. Tá sé mar aidhm leis na Rialacháin creat coiteann a sholáthar ar fud na hEorpa chun éifeachtaí dochracha an torainn comhshaoil a sheachaint, a chosc nó a laghdú. Leagtar amach sna Rialacháin próiseas dhá chéim le haghaidh dul i ngleic le torann comhshaoil:
1. Léarscáiliú Straitéiseach Torainn: ní mór torann a mheasúnú trí léarscáileanna straitéiseacha torainn a ullmhú do limistéir agus bonneagar a thagann faoi chritéir shainithe, e.g., ceirtleáin mhóra, mórbhóithre, iarnróid, agus aerfoirt.
2. Pleananna Gníomhaíochta in aghaidh Torainn: bunaithe ar thorthaí an phróisis léarscáilithe, ceanglaítear leis na Rialacháin go n-ullmhófaí pleananna gníomhaíochta in aghaidh torainn do gach limistéar lena mbaineann. Is é bunchuspóir na bpleananna gníomhaíochta ná torann comhshaoil a chosc agus a laghdú.
Gach cúig bliana, ón dáta a ullmhaíodh na léarscáileanna torainn agus na pleananna gníomhaíochta, agus cibé uair a thagann mórfhorbairt a dhéanann difear do thorann chun cinn, ceanglaítear na léarscáileanna agus na pleananna a athbhreithniú agus iad a leasú, más gá.
Údarás Náisiúnta
Rinne an rialtas an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a ainmniú mar Údarás Náisiúnta chun críocha na Rialachán um Thorann Comhshaoil, arna leasú. Tá feidhmeanna maoirseachta, comhairleacha agus comhordaithe ag an nGníomhaireacht i ndáil le léarscáiliú torainn agus pleanáil gníomhaíochta araon. Ceanglaítear uirthi tuairisciú don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil freisin.
Comhlachtaí um Léarscáiliú Torainn agus Údaráis um Pleanáil Gníomhaíochta
Rinne an rialtas an phríomhfhreagracht as léarscáiliú torainn agus pleanáil gníomhaíochta araon a shannadh d’údaráis áitiúla freisin. Cé go bhfuil feidhmeanna léarscáiliú torainn ag roinnt comhlachtaí eile amhail Bonneagar Iompair Éireann, Iarnród Éireann, agus Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath freisin, cuirfear na feidhmeanna sin i gcrích thar ceann na n-údarás áitiúil lena mbaineann. Tá údaráis áitiúla freagrach as gearáin a láimhseáil ina limistéir faoi seach.
Is é is núis torainn ann ná “torann atá chomh mór nó chomh leanúnach sin, nó chomh minic sin, nó a mhaireann chomh fada sin nó atá chomh hard sin, nó a tharlaíonn le linn tráthanna gurb amhlaidh gur cúis réasúnach é i leith crá a bheith ar dhuine”. San Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, sainaithnítear torann mar chineál truaillithe comhshaoil. Tá san Acht forálacha le haghaidh déileáil le torann “ar núis é nó a chuirfeadh sláinte an duine i mbaol nó a dhéanfadh damáiste do mhaoin nó a dhéanfadh dochar don chomhshaol”. Féadfaidh daoine aonair roinnt cineálacha gnímh a dhéanamh agus iad ag déileáil le saincheist torainn. Beidh an cineál gnímh ag brath ar chineál an torainn agus ar stádas an ghearánaigh.
Leagtar amach sa Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha rialacha maidir le cosc agus rialú comhtháite truaillithe a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha. Leagtar síos inti freisin rialacha atá deartha chun astaíochtaí isteach san aer, san uisce agus ar talamh a chosc nó a laghdú agus rialacha atá ceaptha chun giniúint dramhaíola a chosc ar mhaithe le hardleibhéal cosanta comhshaoil a bhaint amach. Foráiltear le Rialacháin do na nithe seo a leanas: iarratais ar cheadúnais; athbhreithnithe ar cheadúnais nó ceadúnais leasaithe; agóidí a bheith á mbreithniú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, lena n-áirítear éisteachtaí ó bhéal a thionól; nósanna imeachta rannpháirtíochta poiblí a bhaineann leis an gcóras ceadúnúcháin astaíochtaí tionsclaíocha atá á riar ag an nGníomhaireacht; agus inneachar an chláir ceadúnas. Leis an Treoir, athbhreithnítear an reachtaíocht a bhaineann le suiteálacha tionsclaíocha chun na forálacha atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a laghdú agus chun cur chun feidhme a dhéanamh ar chonclúidí na dTeachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir leis na Straitéisí Téamacha um Aerthruailliú, um Chosaint Ithreach agus um Chosc agus Athchúrsáil Dramhaíola. Leagadh síos sna Teachtaireachtaí ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh cuspóirí chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ar cuspóirí iad nach bhféadfaí iad a chomhlíonadh gan laghduithe breise a dhéanamh sna hastaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha.
Tagann daoine i dteagmháil le raon éagsúil ceimiceán ó fhoinsí comhshaoil agus ó ghnáth-tháirgí laethúla tomhaltais. Ós rud é go bhfuil roinnt de na ceimiceáin sin guaiseach don tsláinte, tá ríthábhacht ag baint le rialacháin agus beartais atá ceaptha chun úsáid agus bainistíocht fhónta ceimiceán a chinntiú. Tá roinnt ranna agus gníomhaireachtaí rialtais freagrach as creat náisiúnta rialála ceimiceán na hÉireann. Áirítear leo sin an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, dhaingnigh Éire na coinbhinsiúin ceimiceán seo a leanas ó na Náisiúin Aontaithe, agus tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide freagrach as a chinntiú go bhfuil creat náisiúnta beartais agus rialála i bhfeidhm ag Éirinn chun ceanglais na gcoinbhinsiún sin a chomhlíonadh faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. Is é atá i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin Ghuaiseacha agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta ná comhaontú comhshaoil lena gcuirtear úsáid ceimiceán guaiseach agus lotnaidicídí sonraithe atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de chun cinn. Is é atá i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha ná conradh domhanda a bhfuil mar aidhm leis sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha. Is é is truailleáin orgánacha mharthanacha ann ná ceimiceáin thocsaineacha a fhanann sa chomhshaol tar éis iad a úsáid agus nach féidir iad a bhaint go héasca. Is féidir le nochtadh do na ceimiceáin sin a bheith ina chúis le hailse agus le neamhoird eile. Rialáiltear truailleáin orgánacha mharthanacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (Rialachán (AE) 2019/1021) agus ar an leibhéal náisiúnta (I.R. Uimh. 146 de 2020). Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil freagrach as iad a rialáil in Éirinn.
Tá mearcair agus an chuid is mó dá chomhdhúile thar a bheith tocsaineach agus is féidir leo a bheith ina gcúis le mórdhamáiste don chomhshaol. Is é atá i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair ná conradh idirnáisiúnta atá deartha chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar mhearcair a scaoiltear de dheasca ghníomhartha an duine. Tá sé mar aidhm leis an gcoinbhinsiún a chinntiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le mearcair agus a chomhdhúile a úsáid agus go ndiúscrófar dramhaíl mearcair go sábháilte. Áirítear leis sin an rún atá ann úsáid mearcair a laghdú i malgaim fiaclóireachta (ábhar a úsáidtear i líonta airgid i bhfiacla) agus srian a chur leis an úsáid a bhaintear as mearcair i dtáirgí amhail ceallraí, lampaí agus feistí neamhleictreonacha tomhais. Is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta a rialáiltear mearcair.
Tá roinnt comhlachtaí freagrach as an mbeartas náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla, agus soláthraíonn an Chomhairle Fiaclóireachta treoir don tionscal ina leith.
Is é atá sa Chur Chuige Straitéiseach maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán ná creat beartais deonach idirnáisiúnta dá bhfuil 175 cinn de thíortha (Éire san áireamh), d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, de ghrúpaí tionscail agus de pháirtithe leasmhara eile ina mball. Is é an aidhm atá leis bainistiú fónta ceimiceán a bhaint amach ar fud an domhain ionas go ndéanfar ceimiceáin a tháirgeadh agus a úsáid ar bhealaí a íoslaghdaíonn tionchair dhiúltacha shuntasacha ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine.
Is é is orgánach géinmhodhnaithe ann ná aon orgánach ar modhnaíodh a ábhar géiniteach trí theicnící géiniteacha a úsáid. Tá Éire ina Páirtí i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Agus é ina chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, rialaítear leis an gconradh idirnáisiúnta sin gluaiseachtaí orgánach géinmhodhnaithe ó thír amháin go tír eile. Tagann rialáil orgánach géinmhodhnaithe faoi roinnt réimsí difriúla, agus oibríonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais, lena n-áirítear an Roinn Sláinte, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, chun a chinntiú go rialáiltear orgánaigh ghéinmhodhnaithe go cuí in Éirinn.
Áirítear na nithe seo a leanas leis an reachtaíocht náisiúnta agus le dlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe d’aon turas isteach sa chomhshaol agus le húsáid imshrianta orgánach géinmhodhnaithe:
Déanann an tAire Ryan bearta chun ár gcomhshaol agus slándáil ár soláthair fuinnimh a chosaint trí iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tús áite a thabhairt do bhreithniú a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnas a bhaineann le tionscadail ghiniúna fuinnimh.
D’eisigh Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Treoir Ghinearálta Beartais chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoi alt 79 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Is é an aidhm atá leis an Treoir Ghinearálta Beartais tacú leis an nGníomhaireacht an comhshaol a chosaint ar an drochthionchar a bheadh ag cliseadh an tsoláthair leictreachais ar an gcomhshaol ina iomláine, ar aon dul le hAirteagal 1 den Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Mar aon leis an nGníomhaireacht a ordú tús áite a thabhairt do ghiniúint fuinnimh (ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil) le linn di na feidhmeanna ceadúnúcháin atá aici a chur i gcrích, iarrtar sa Treoir ar an nGníomhaireacht breithniú a dhéanamh ar chosaint an chomhshaoil ina iomláine le linn di an raon feidhmeanna cosanta comhshaoil atá aici i leith shlándáil ár soláthair fuinnimh a chur i gcrích. Tá cóip den Treoir Ghinearálta Beartais ar fáil thíos.