Bíonn sé nádúrtha go mbíonn ceisteanna ag tuismitheoir nó ag caomhnóir (dá ngairtear tuismitheoir ina dhiaidh seo) agus imní orthu ó am go ham faoi eispéireas a linbh ina scoil. Tá sé mar aidhm ag an bhfaisnéis seo freagra a thabhairt ar na ceisteanna coitianta a chuireann tuismitheoirí ina leith seo. D’fhéadfadh an eolas seo comh maith do daltaí os cionn 18 mbliana d’aois a bheith san áireamh.
Níl sé beartaithe go n-úsáidfear an fhaisnéis seo mar léirmhíniú ar reachtaíocht agus níl an fhaisnéis seo saintreorach. Cuirtear an fhaisnéis ar fáil chun eolas a thabhairt do thuismitheoirí maidir le daoine ar féidir labhairt leo nuair atá ceisteanna acu nó nuair atá imní orthu faoi eispéireas a linbh ar scoil.
Soláthraíonn an Roinn treoir do thuismitheoirí agus do dhaltaí maidir le hoibriú nósanna imeachta gearán na scoileanna. Is féidir gearáin a dhéanamh faoi ábhar a bhaineann leis an bhfoireann nó leis an scoil féin, e.g. méideanna ranga, maoirseacht sa chlós, iompar scoile, saincheisteanna tearcfheidhmíochta/inniúlachta nó más rud é go mbraitheann tú gur caitheadh go héagórach leat nuair a rinne tú gearán.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus freagraíar Cheisteanna Coitianta Féach Gearáin ó Thuismitheoirí .
Más rud é go mbraitheann tú go bhfuil bulaíocht á déanamh ar do leanbh ar scoil, féach eolas agus Ceisteanna Coitianta ar Bulaíocht .
Más rud é go bhfuil amhras ort go ndearna leanbh eile nó duine fásta mí-úsáid ar do leanbh nó ar leanbh eile. Más rud é go mbraitheann tú go bhfuil imní ort faoi chosaint do linbh. D’fhéadfadh bulaíocht throm teacht faoin gcatagóir seo freisin. féach eolas agus Ceisteanna Coitianta ar Cosaint Leanaí.
Tá idirdhealú neamhdhleathach faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2008 ar naoi bhforas: inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, ballraíocht den Lucht Siúil agus cine (lena n-áirítear dath craicinn, náisiúntacht, bunaidh eitneach nó náisiúnta).
Má mheasann tú go ndearnadh idirdhealú in aghaidh do pháiste i dtaca lena c(h)uid oideachais, má tá an fhadhb sin ardaithe agat leis an scoil roimhe seo agus má tá tú fós míshásta leis an bhfreagra, féadfaidh tú eolas a fháil maidir le do chearta ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Féadfaidh tú an t-eolas sin a rochtain ar an suíomh gréasáin atá aige ar https://www.ihrec.ie/ .
An líne eolais maidir le do chearta Fón: 01 858 3000 (uaireanta oscailte ó Luan go hAoine 9.30 am go 1.00 pm)
Pléann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) anois le gach gearán maidir le hidirdhealú i dtaca le cúrsaí fostaíocht agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí. Ba é an Binse Comhionannais a pléadh leis na gearáin sin roimhe seo, ach aistríodh feidhmeanna an Bhinse chuig an WRC amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015. Tá tuilleadh eolais maidir leis an nós imeachta chun gearán a dhéanamh chomh maith le foirmeacha gearáin ar fáil ar an suíomh gréasáin atá aige ar https://www.workplacerelations.ie/ga/