Is cur chuige é JobPath maidir le gníomhachtú fostaíochta a fhreastalaíonn go príomha ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach chun cabhrú leo fostaíocht íoctha lánaimseartha nó féinfhostaíocht a fháil agus a choinneáil.
Tar éis próiseas soláthair phoiblí a chríochnú, síníodh conarthaí chun JobPath a sheachadadh le dhá chuideachta – Seetec Teoranta agus Turas Nua Teoranta. Tá seirbhísí JobPath á gcur ar fáil ag na cuideachtaí seo in dhá réimse conartha atá bunaithe ar struchtúr rannáin na roinne.
Tá na conarthaí atá i bhfeidhm á rialú agus á bhforléiriú de réir dhlíthe na hÉireann. Tá dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann ar na conarthaí seo.
Roghnaíonn an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí cuardaitheoirí poist ar bhonn randamach lena n-atreorú chuig JobPath. Roinntear sonraí ábhartha ar gach cuardaitheoir poist a roghnaítear leis an gcuideachta JobPath chun cur ar a gcumas seirbhísí fostaíochta a sholáthar thar ceann na Roinne.
Tá na cuideachtaí JobPath faoi réir oibleagáidí diana a fhorchuireann an Roinn maidir le cosaint sonraí.
Ceanglaítear de réir conartha ar sholáthróirí JobPath clárú le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Ceanglaítear leis an reachtaíocht um chosaint sonraí nach gcoimeádfar sonraí pearsanta ach chun críocha sonraithe dleathacha amháin nó níos mó agus nach n-úsáidfear agus nach nochtfar sonraí pearsanta ach ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na críocha sin. Éilíonn an reachtaíocht freisin go mbeadh na sonraí leordhóthanach, ábhartha agus gan a bheith iomarcach.
Ní féidir leat iarratas a dhéanamh chun dul i dteagmháil leis an tSeirbhís JobPath. Beidh na cuardaitheoirí poist sin a bhfuil bliain caite acu le seirbhís JobPath incháilithe le roghnú arís le haghaidh tacaíocht gníomhachtaithe breise leis an tseirbhís JobPath má fhanann siad dífhostaithe ar feadh 2 mhí tar éis dóibh críochnú.
Gheobhaidh cuardaitheoirí poist a roghnófar le haghaidh atreoraithe chuig JobPath litir a thugann cuireadh dóibh chuig seisiún faisnéise ina bhfaighidh siad faisnéis faoin tseirbhís a bheidh ar fáil agus iad ar JobPath.
Tar éis an tseisiúin faisnéise, beidh an chéad chruinniú duine le duine ag an duine lena chomhairleoir pearsanta. Breathnóidh an cruinniú seo ar a gcuid scileanna agus a gcuid taithí a bhaineann le hobair, agus roghanna fostaíochta chun críche Plean Dul Chun Cinn Pearsanta (PDCCP) a aontú. Is é seo plean pearsanta an duine a chabhróidh leo agus iad ag cuardach fostaíocht lánaimseartha inbhuanaithe. Tá sé éigeantach go gcomhaontódh duine le PDCCP má atreoraíodh iad chuig aon cheann de na Seirbhísí Gníomhachtaithe a sholáthraíonn an Roinn, lena n-áirítear an tSeirbhís JobPath.
Iarrfar orthu freisin foirm maidir le toiliú a shíniú chun ligean don Chuideachta JobPath teagmháil a dhéanamh le fostóirí nó le fostóirí ionchasacha ar son an chuardaitheora poist. Níl aontú leis an toiliú éigeantach. Mar sin féin, cuireann sé roinnt buntáistí ar fáil don chuardaitheoir poist.
Gheobhaidh rannpháirtithe ar JobPath diantacaíocht aonair a chabhróidh leo dul i ngleic le bacainní fostaíochta, lena n-áirítear oiliúint agus cúrsaí oiriúnacha a chabhróidh leo poist a aimsiú. Caithfidh siad bliain ar JobPath agus, má chuirtear i bpost iad, féadfaidh siad leanúint ar aghaidh ag fáil tacaíochta ar feadh suas le 52 sheachtain agus iad i bhfostaíocht. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bhFostóir nó is féidir é a sholáthar go díreach don Fhostaí.
Coinneoidh cuardaitheoirí poist a n-íocaíocht leasa shóisialaigh iomlán agus iad ar JobPath. Mar sin féin, d’fhéadfadh mainneachtain páirt a ghlacadh sa tseirbhís cur isteach ar íocaíocht leasa an duine. Is iad oifigigh na roinne a dhéanfaidh gach cinneadh faoi theidlíochtaí leasa cliant.
Cuireann na cuideachtaí JobPath seirbhís saor in aisce ar fáil d’fhostóirí. Cuireann siad tacaíocht tiomnaithe earcaíochta agus oiliúna tosaigh ar fáil d’fhostóirí. Oibreoidh siad leis an roinn agus lena chéile chun a chinntiú go nglactar cur chuige comhordaithe maidir le rannpháirteachas le fostóirí. Ina theannta sin, cuirtear tacaíocht ar fáil san obair do chuardaitheoirí poist, go háirithe le linn na chéad chúpla seachtainí ríthábhachtacha, chun a chinntiú go bhfuil an seans is fearr ag daoine an t-aistriú ón dífhostaíocht go dtí an fhostaíocht a dhéanamh.
JobPath Customer Satisfaction Survey 2017
JobPath Performance Report - 2017