Tá sé measta go mbeidh fadhbanna sláinte meabhrach ag duine amháin as gach ceathrar daoine in Éirinn le linn a saoil. Is féidir le fadhbanna meabhairshláinte raon fadhbanna a áireamh, idir thréimhse den ísle brí nó den bhrón, agus an dúlagar níos tromchúisí. Bíonn daoine áirithe ann a mbíonn fadhbanna móra meabhairshláinte acu i ndiaidh fadhbanna níos éasca.
Tá tionchar ag an meabhairshláinte ar gach uile dhuine. Tá an rialtas dírithe ar an meabhairshláinte is fearr a bhaint amach agus a chothabháil in Éirinn.
Mar chuid de Sláintecare, tá sé mar aidhm ag an rialtas seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú sa phobal. Sa tslí sin, deimhneofar go mbeidh an cúnamh agus an tacaíocht le fáil in aice láimhe má theastaíonn sé ó dhaoine.
Léigh tuilleadh ábhar faoi seirbhísí míchumais agus aimsigh an tseirbhís i do cheantar áitiúil.
Ar 13 Iúil, d’fhaomh an Rialtas dréachtchinn billí chun leasú a dhéanamh ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001 .
Is éard atá sa Dréachtchinn billí ná toradh mhórathbhreithnithe a rinneadh ar an Acht Meabhair-Shláinte. I gceist leis an athbhreithniú bhí Athbhreithniú Grúpa Saineolaithe 2015 , comhairliúchán poiblí 2021 agus comhairliúchán leathan le príomhpháirtithe leasmhara eile ar nós FSS agus an Coimisiún Meabhair-Shláinte. Chuir an t-athbhreithniú san áireamh freisin athruithe reachtaíochta ar nós an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 agus an Acht Meabhair-Shláinte (Leasú) 2018 , agus oibligeagáidí idirnáisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear Coinbhinsiú na NA maidir le Cearta Dhaoine faoi Mhíchumas, Coinbhinsiú na NA ar Chearta an Linbh agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Cuireadh na dréachtchinn billí go dtí an Comhchoiste Oireachtais ar Shláinte, chun mionscrúdú réamhreachtaíochta a dhéanamh orthu agus oibreoidh an Roinn Sláinte le Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun Bille a ullmhú ar aon dul leis an dréachtchinn billí.
I measc rudaí eile, leagann an tAcht Meabhair-Shláínte 2001 amach an próiseas a bhaineann leis an gcoinneáil neamhdheonach de dhaoine a bhfuil neamhord meabhrach orthu. Bhunaigh sé an Coimisiún Meabhair-Shláinte agus an Chigireacht ar Sheirbhísí Meabhair-Shláinte, agus thug sé isteach mórán cosaintí do dhaoine faoin Acht, lena n-áirítear an ceart go ndéanfadh Binse athbhreithniú rialta ar ar an gcoinneáil.
Is é ‘An Fhís a Chomhroinnt’ comharba ar ‘Fís don Athrú’ ar seoladh é in 2006. Leis an fhís sin, cuirtear ar aghaidh na gnéithe sin den bheartas bunaidh a bhfuil ábharthacht fós acu i bhfianaise thuairim na saineolaithe. Tá moltaí nua curtha isteach ann de réir mar is cuí chun an beartas náisiúnta a fheabhsú, agus ag an am céanna tá sé ailínithe leis an bhfís deich mbliana dn athchóiriú agus do chlaochlú seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann atá cuimsithe sa tuarascáil ar Sláintecare.
Tugtar Connecting for Life ar straitéis náisiúnta na hÉireann chun an fhéinmharú a laghdú. Leagtar amach sa straitéis seo fís don tír ina gcailltear níos lú daoine mar gheall ar an fhéinmharú, agus ina gcuirtear an pobal i gcumhacht chun a meabhairshláinte a fheabhsú.
Déanann an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc an straitéis a chomhordú.