Sábháilteacht ar Líne
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cé go raibh rialacháin shuntasacha agus reachtaíocht ghinearálta ann maidir le ceisteanna ar líne, bhí gá le níos mó airde chun aghaidh a thabhairt ar cheist ábhar díobhálach ar líne ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Chuige sin bhí gá le rannpháirtíocht ní hamháin an Rialtais, ach lucht tionscail, múinteoirí, tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga chomh maith, rud a d’eascair cur chuige comhordaithe chun dul i ngleic le sábháilteacht ar líne tríd an bPlean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Ina dhiaidh sin, agus i measc nithe eile, d’fhorbair agus d’achtaigh an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, bhunaigh siad an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne, agus leanann siad den obair ar Ghrúpa Oibre Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise a fhorbairt.
Ba é an Plean Gníomhaíochta um Shábháilteacht Ar Líne 2018 - 2019 chéad phlean gníomhaíochta an Rialtais sa réimse seo. Ba é an cuspóir gníomhartha a leagan amach agus a chur i bhfeidhm gur féidir a bhaint amach agus a mbeadh an tionchar is mó acu ar shábháilteacht ar líne do gach duine in Éirinn. Foilsíodh roinnt tuarascálacha ar dhul chun cinn.
Leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022, i measc nithe eile, bunaíodh Coimisiún Meán ilduine (ar a dtugtar Coimisiún na Meán), díscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann, bunaíodh creat rialála um shábháilteacht ar líne agus nuashonraíodh rialáil seirbhísí craolacháin teilifíse agus físeáin ar éileamh.
Thug an tAcht de chumhacht don Choimisiún seirbhísí ar líne a ainmniú le haghaidh rialála ó chomhthiomsú de sheirbhísí ábhartha ar líne, agus cóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú agus a fhorfheidhmiú. Féachfaidh na cóid sábháilteachta ar líne sin, i measc nithe eile, le hinfhaighteacht catagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne a íoslaghdú agus déanfar foráil do chaighdeáin maidir leis na próisis láimhseála gearán arna n-oibriú ag na seirbhísí sin.
Cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne ar an 12 Eanáir 2022. Tionscnaíodh an Bille ansin i Seanad Éireann ar an 25 Eanáir 2022 agus i nDáil Éireann ar an 11 Iúil 2022 lena bhreithniú maidir le hachtú. Rinneadh grinnscrúdú ar an mBille i ndá Theach an Oireachtais, lena n-áirítear 30 uair sa Seanad agus timpeall 10 n-uaire sa Dáil sular síníodh ina dhlí é ar an 10 Nollaig 2022.
Cuireadh tús leis an Acht ina dhiaidh sin ar an 15 Márta 2023.
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Acht ar fáil anseo .
Ar an 15 Márta 2023, bunaíodh Coimisiún na Meán go foirmiúil agus ceapadh ceathrar Coimisinéirí go foirmiúil. Tá An Coimisiún á stiúradh ag na Coimisinéirí seo a leanas, a cheap an tAire Martin tar éis comórtas oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí:
• Jeremy Godfrey mar Chathaoirleach Feidhmiúcháin;
• Niamh Hodnett mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne;
• John Evans mar Choimisinéir Seirbhísí Digiteacha;
• Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir Forbartha na Meán; agus,
• Celene Craig mar Choimisinéir Craolacháin.
Tá tuilleadh faisnéise faoi Choimisiún na Meán, lena n-áirítear a fheidhmeanna, ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil .
Bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht Ar Líne (CCNSL), mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne. Fóram atá sa Chomhairle do gheallsealbhóirí neamhrialtasacha, tionscail agus acadúla chun fadhbanna sábháilteachta ar líne a phlé.
Tá 20 ball agus cathaoirleach ar an gComhairle. Tagann na baill ó eagraíochtaí leanaí agus tuismitheoirí, ardáin mhóra ar líne, agus saineolaithe ar cheisteanna sábháilteachta ar líne.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le hobair na Comhairle ar fáil anseo
Comhlíonann forbairt an Ghrupa Oibre moladh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán , inar iarradh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic leis an tionchar dochrach atá ag an mbréagfhaisnéis ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.
Bunófar an straitéis nua ar thionscnaimh litearthachta meán reatha na hÉireann, ar reachtaíocht intíre agus ar bhearta rialála Eorpacha.
Bunaíodh Grúpa Oibre agus tá sé de chúram air an Straitéis a fhorbairt. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an nGrúpa Oibre ar fáil anseo .