Anois agus Éire ag dul leis an inbhuanaitheacht níos mó agus níos mó, tá feithiclí leictreacha tar éis teacht chun cinn mar chuid lárnach de na hiarrachtaí chun astaíochtaí carbóin a laghdú san earnáil iompair.
Agus os cionn 125,000 feithicil leictreach cláraithe in Éirinn inniu, is cosúil go mbainfimid amach ár sprioc go mbeidh 195,000 feithicil leictreach ar an mbóthar faoi dheireadh 2025.
Bíodh sin mar atá, más mian linn ár sprioc a bhaint amach agus 30% den fhlít feithiclí a leictriú faoi 2030, beidh líonra forleathan bonneagair luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ag teastáil atá inrochtana, iontaofa agus éasca a úsáid do na tiománaithe ar fad.
Chun tacú leis sin, beidh Rialtas na hÉireann, tríd an tionscnamh um Fheithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), ag infheistiú €100m idir seo agus 2025 chun bonneagar Feithiclí Leictreacha a chur ar fáil mar chuid de Straitéis Bonneagair Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha.
Chomh maith le hinfheistiú a dhéanamh i mBonneagar Feithiclí Leictreacha, tá an Rialtas tiomanta do thacú leis an aistriú chuig an inbhuanaitheacht trí leanúint ar aghaidh le tionscnaimh amhail an deontas chun feithiclí ceallra-leictreacha a cheannach, scéimeanna luchtaithe baile agus árasáin, faoiseamh cánach sochair chomhchineáil d’fheithiclí ceallra-leictreacha, faoiseamh VRT suas le €5,000 d’fheithiclí ceallra-leictreacha agus ráta íseal mótarchánach bliantúla.
I measc na dtacaíochtaí Rialtais d’fheithiclí atá ann faoi láthair, tá:
• Deontas chun feithiclí ceallra-leictreacha a cheannach.
• Scéim i gcomhair luchtairí árasáin.
• Faoiseamh cánach Sochair Chomhchineáil d’fheithiclí ceallra-leictreacha.
• Faoiseamh VRT suas le €5,000 d’fheithiclí ceallra-leictreacha.
• Scéim deontais le haghaidh beagfheithiclí seirbhíse poiblí leictreacha – deontas do thiománaithe tacsaí chun an aistriú a dhéanamh chuig feithiclí leictreacha.
• Scéim deontais d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha – deontas d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha chun an bhearna idir iad agus feithiclí astaíochtaí ísle a líonadh.
• Ráta íseal mótarchánach bliantúla.
-
Íomha: An Straitéis um Bonneagar Feithiclí Leictreacha, 2022-2025
-
Íomha: An Plean um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Náisiúnta Bóithre
-
Íomha: Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha
-
Íomha: An Plean Náisiúnta um Luchtú Feithiclí Leictreacha.
-
Íomha: Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha
-
Íomha: Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt
-
Íomha: Scéim Saoráidí Pobail um Luchtú Feithiclí Leictreacha Chiste um Aistriú Cóir an AE
-
Íomha: An Scéim Deontais i gcomhair Luchtaire Baile
-
Íomha: An Scéim Deontais i gcomhair Luchtaire Árasáin
-
Íomha: Scéim Deontais chun Feithicil Leictreach a Cheannach
-
Íomha: Scéim Deontais i gcomhair Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí Leictreacha
-
Íomha: Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach
-
Íomha: Scéim Deontais i gcomhair Bonneagar Luchtaithe Feithiclí ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha Saothair Éadroim
-
Íomha: Maidir linne