Íomha: PUB CON PHARM GA

Ag leathnú Ról na gCógaiseoirí in Éirinn

Tá Comhairliúchán Poiblí á reáchtáil ón Déardaoin 16 Bealtaine go dtí Dé hAoine 28 Meitheamh 2024 ag an Tascfhórsa Cógaisíochta chun tuairimí a bhailiú maidir le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn.

An 24 Iúil 2023, bhunaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly, Tascfhórsa Saineolaithe chun beartais a chruthú lena gcumasófar leathnú ar ról na gcógaiseoirí in Éirinn. Is iad aidhmeanna leathnú ról na gcógaiseoirí ná:

  • rochtain ar chúram sláinte do dhaoine a fheabhsú
  • an t-ualach oibre do dhochtúirí i gcleachtadh ginearálta a laghdú
  • na seirbhísí cúram sláinte ar féidir le cógaiseoirí iad a sholáthar do dhaoine a mhéadú

Tá cógaiseoirí a fhorordaíonn roinnt cógas aitheanta ag an Tascfhórsa mar leathnú féideartha ar ról na gcógaiseoirí. Mar shampla, cógaiseoirí atá ag scríobh oideas faoi Scéim maidir le Riochtaí Coitianta. Faoi scéim den sórt sin, bheadh cógaiseoirí in ann cógas áirithe ar oideas a ordú agus a sholáthar do riochtaí neamhchasta, gan gá le cuairt dochtúra. I dtíortha eile, is faoi chógaiseoirí atá sé oideas a scríobh le haghaidh riochtaí coitianta amhail scornach tinn, ionfhabhtuithe neamhchasta chonair an fhuail, ionfhabhtuithe coitianta craicinn ar nós impitíogó, etc.

Tá Comhairliúchán Poiblí ar siúl ag an Tascfhórsa faoi láthair chun tuairimí a bhailiú i dtaca leis an Scéim maidir le Riochtaí Coitianta agus faoi leathnú ról na gcógaiseoirí go ginearálta. Cabhróidh na torthaí leis an Tascfhórsa Cógaisíochta moltaí a fhorbairt maidir le ról na gcógaiseoirí in Éirinn a leathnú.

An lia-chleachtóir cláraithe tú?

An gairmí sláinte nó cúraim shóisialta tú?

An ionadaí tú ar eagraíocht chúram sláinte nó chógaisíochta?

An ball den phobal is páirtí leasmhar tú?

Is féidir leat do thuairim a chur in iúl dúinn tríd an suirbhé ar líne seo: https://ec.europa.eu/eusurvey/PharmacyConsultationGaeilge

Má tá aon cheist agat faoin gComhairliúchán Poiblí seo nó más mian leat aiseolas breise a sholáthar seol ríomhphost chuig pharmacyconsultation@health.gov.ie

Glac páirt sa Chomhrá! Cuirfear deireadh leis an gComhairliúchán Poiblí seo an 28 Meitheamh 2024.