Íomha: Free Contraception Scheme GA

An Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce

Tá an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce leathnaithe anois do mhná idir 32-35 bliana d'aois.

Faoin scéim, tá frithghiniúint ar oideas agus éigeandála ar fáil anois do mhná, do dhaoine trasinscneacha agus daoine neamh-dhénártha ó lá a 17ú breithlá go dtí an lá roimh a 36ú breithlá.

Seirbhísí Frithghiniúna Saor in Aisce

Faigh tuilleadh eolais faoi Sheirbhísí Frithghiniúna Saor in Aisce FSS ag sexualwellbeing.ie

An Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce go dtí seo

Ar an 14 Meán Fómhair 2022, seoladh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce, ag cur seirbhísí frithghiniúna saor in aisce ar fáil do dhaoine idir 17-25 d'aois.

Ar an 1 Eanáir 2023, leathnaíodh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce chun daoine 26 bliana d'aois a chur san áireamh.

Ar an 1 Meán Fómhair 2023, leathnaíodh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce go daoine idir 27-30 bliain d'aois

Ar an 1 Eanáir 2024, leathnaíodh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce go daoine 31 bliain d’aois

Ar an 1 Iúil 2024, leathnaíodh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce chun daoine idir 32-35 bliana d'aois a chur san áireamh.

Faoin Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce

Aithníodh i dTuarascáil an Ghrúpa Oibre um Rochtain ar Fhrithghiniúint, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, go raibh bacainní ann maidir le rochtain a fháil ar fhrithghiniúint do líon suntasach daoine atá ina gcónaí in Éirinn, bacainní cosúil le, ach gan a bheith teoranta do, inrochtaineacht, faisnéis, acmhainn den lucht saothair agus costas.

Forbraíodh an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce chun bacainní costais a bhaint agus chun saineolas cliniciúil a fheabhsú. Leathnaíonn an scéim rochtain ar fhrithghiniúint, go háirithe, rochtain ar na cineálacha frithghiniúna is éifeachtaí, lena n-áirítear frithghiniúint ar oideas, chomh maith leis na cinn inchúlaithe fadghníomhacha (LARCanna) cosúil le cornaí agus hionchlannáin. Baineann an scéim an bhacainn chostais do LARCanna, agus d'fhéadfadh an costas ar an gcomhairliúchán, feistiú agus seiceáil a bheith chomh hard le €300-€400 d'othair phríobháideacha.

Príomhghnéithe den obair ar thacaigh an Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-2023 leo ná an scéim a sheoladh agus a leathnú. Leanfar leis an scéim a fhorbairt agus a leathnú faoina comharba, An Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2024-2026.

Tá an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce oscailte do mhná, do chailíní, agus do dhaoine trasinscneacha nó neamh-dhénártha, a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn agus dóibh siúd a mheasann a ndochtúirí go bhfuil frithghiniúint ar oideas oiriúnach.

Clúdaíonn an scéim costas na gcomhairliúchán le dochtúirí teaghlaigh, pleanáil clainne, ionaid shláinte mac léinn agus chúraim phríomhúil, agus oidis don raon leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil ar Liosta Aisíocaíochta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). I measc na roghanna seo, tá frithghiniúint inchúlaithe fhadghníomhach (LARCanna). I measc na LARCanna tá instealltaí, ionchlannáin agus feistí agus córais laistigh den bhroinn (ar a dtugtar cornaí). Tá feistis, aistrithe agus seiceálacha LARC saor in aisce faoin scéim. Áirítear leis an scéim freisin frithghiniúint éigeandála, chomh maith leis an bpiolla frithghiniúna béil, an paiste agus an fáinne.

Tá leanúnachas de chúram frithghiniúna san áireamh freisin do LARCanna atá feistithe faoin scéim; I gcás daoine a raibh feistiú cornaí nó ionchlannán acu agus iad incháilithe faoin scéim, clúdaítear seiceálacha agus aistriú na bhfeistí sin fós, fiú mura bhfuil an t-othar laistigh den raon aoise atá incháilithe a thuilleadh.

Tá rochtain ag mná ar an Scéim Frithghiniúina Saor in Aisce agus ar na seirbhísí a chuireann sí ar fáil saor in aisce trína ndochtúirí teaghlaigh agus a gcógaiseoirí, a thacaigh go láidir leis an scéim ó seoladh í. Cláraíodh beagnach 2,400 dochtúir teaghlaigh, ionaid de chúram príomhúil, phleanáil clainne agus shláinte mac léinn agus áiseanna leighis pobail gaolmhara eile, chomh maith le 2,050 cógaslann sa phobal cláraithe chun seirbhísí agus táirgí a sholáthar faoin scéim.

In 2022, fuarthas maoiniú €9 milliún i mBuiséad 2022 chun an scéim a chur i gcrích ó Mheán Fómhair na bliana sin. Leithdháileadh maoiniú méadaithe de thart ar €31.5 milliún i mBuiséad 2023 chun tacú le costais na bliana iomláine do dhaoine idir 17-25 bliana d'aois agus chun daoine idir 26-30 bliain d'aois a chur leis. In 2024, chomh maith le maoiniú bliana iomlán do dhaoine idir 26-31 bliana d'aois, sannadh maoiniú breise €4 mhilliún, mar chuid de leithdháileadh imfhálaithe chun seirbhísí sláinte na mban a sheachadadh agus tacaíochtaí atá le seachadadh trí Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2024-2025, chun an Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce a leathnú go daoine idir 32-35 bliana d'aois. Fágann an tacaíocht bhreise seo gur €48 milliún an leithdháileadh iomlán don Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce in 2024.