Íomha: CAW Banner irish

Is clár náisiúnta rannpháirtíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide é “Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide”. Leis sin, cuirtear ar chumas daoine agus ar chumas pobail ar fud na hEireann a bheith páirteach sa chomhrá faoin athrú aeráide. Leis an tionscadal “Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide”, áirítear an méid seo a leanas:

• Clár leathnaithe gníomhaíochtaí agus imeachtaí rannpháirtíochta atá ag cur leis an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide

• Cistiú agus acmhainní do ghrúpaí pobail chun tacú le cumarsáid agus rannpháirtíocht aeráide ag leibhéal áitiúil

• Léarscáil idirghníomhach de ghníomhaíochtaí réigiúnacha atá ag tarlú i do cheantar

• Feachtas náisiúnta cumarsáide chun scéal na ngníomhartha aeráide pobail atá ag déanamh difear cheana féin a insint

Tugann gníomhartha ar son na haeráide le chéile muid.

Éiríonn le gníomhartha ar son na haeráide.