Ar an 4 Iúil, 2023, i ndiaidh cinnidh Rialtais, d’fhógair an tAire Catherine Martin go gcoimisiúnófar iniúchadh neamhspleách ar RTÉ a bheadh comhdhéanta de dhá athbhreithniú chomhuaineacha ar leith:
• athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí; agus
• athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus Nithe Eile arna dhéanamh ag Sainchoiste Comhairleach ar a mbeadh triúr comhaltaí freisin.
Ar 12 Iúil, ghair an tAire Martin na cumhachtaí atá aici faoin Alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009 le cuntasóir fóiréinseach a cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar an chuntas babhtála agus sainaithint aon chuntas eile in RTÉ nach bhfuil ar an chlár comhardaithe.
- Fógraíonn an tAire Catherine Martin scrúdú neamhspleách cuimsitheach ar RTÉ (4 Iúil 2023)
- Fógraíonn an tAire Martin ceapachán seirbhíse cuntasaíochta fóiréinsí agus ceapacháin ar na Sainchoistí Comhairleacha (12 Iúil 2023)
- Foilsíonn an tAire Catherine Martin tuarascáil eatramhach ón chuntasóir fhóiréinseach lena ndéantar iniúchadh ar úsáid an chuntais bhabhtála in RTÉ (25 Lúnasa 2023)
- Foilsíonn an tAire Martin athbhreithnithe ag éirí as an mionscrúdú neamhspleách ar RTÉ (7 Bealtaine 2024)