Is cur chuige faoi stiúir an phobail é LEADER maidir le forbairt áitiúil a mhaoinítear trí Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.
Tá sé ag feidhmiú in Éirinn ó cuireadh tús leis in 1991 agus tá forbairt tagtha air le linn cúig chlárthréimhse i ndiaidh a chéile chun bheith ina phríomh-idirghabháil laistigh de bheartas forbartha tuaithe an Aontais Eorpaigh.
Tacaíonn LEADER le fiontair phríobháideacha agus le grúpaí pobail a chuireann feabhas ar chaighdeán na beatha agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gceantair thuaithe. Tá sé á sholáthar ag líonra de Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla (GGÁ) a roghnaíodh chun Straitéisí Forbartha Áitiúla a chur i bhfeidhm dá limistéir gheografacha faoi seach.