Íomha: First 5 irish banner

Réamhrá

Is straitéis uile-rialtais é Na Chéad 5, chun an saol a fheabhsú do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Plean ar feadh deich mbliana atá ann chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil luathéispéiris dhearfacha ag leanaí agus go bhfaigheann siad tús iontach sa saol.

Baineann Na Chéad 5 úsáid as fianaise chun na haidhmeanna, na cuspóirí agus na gníomhartha i leith atá ag teastáil ar bhonn tras-Rialtais a chinneadh, chun tacú le leanaí (agus a dteaghlaigh) sna luathbhlianta dá saolta. In Na Chéad 5 tá tiomantas ann do réimse leathan gníomhaíochta, lena n-áirítear tionscadail mhóra maidir le saoire theaghlaigh, seirbhísí sláinte do leanaí, tacaíocht do thuismitheoireacht, do phobail agus do Sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige atá oiriúnach do leanaí. Cuirfidh an Straitéis feabhas mór ar an luathóige agus tabharfaidh sí cabhair an-mhór do shaol leanaí óga, don tsochaí agus don gheilleagar sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Fís don Luath-Óige

Léireofar luach ar luathbhlianta gach naíonáin agus linbh óig mar thréimhse ríthábhachtach agus ar leith ar cheart taitneamh a bhaint aisti. Cabhrófar le teaghlaigh agus cuirfear ar a gcumas naíonáin agus leanaí óga a chothú agus tacú lena bhforbairt, agus cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil dóibh siúd óna dteastaíonn sé. Beidh ar chumas iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí do naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh cur lena bhfoghlaim, forbairt, sláinte agus folláine. Cabhróidh comhthéacsanna pobail le naíonáin agus leanaí óga chun an tairbhe is mó a bhaint dá luathbhlianta agus a lánchumas a bhaint amach.

Íomha: a vision for early childhood GA

Na Chéad 5 Chéim Mhóra

1. Teacht ar raon níos leithne roghanna do thuismitheoirí chun cothromaíocht a fháil idir obair agus cúram

Ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh le linn Chéim 1, soláthróidh Na Chéad 5 teidlíochtaí sínte ar shaoire íoctha d’aithreacha agus do mháithreacha araon chun a chinntiú gur féidir le leanaí níos mó ama a chaitheamh lena dtuismitheoirí, go háirithe sa chéad bhliain. Leagtar amach in Na Chéad 5 pleananna chun teidlíochtaí ar Shaoire agus Sochar Tuismitheoireachta a mhéadú ó 7 seachtaine go 9 seachtaine i gcomhréir le Treoir AE maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil. Faoi 2025 nuair a chuirfear fad na Saoire Máithreachais, Atharthachta agus Thuismitheoireachta le chéile, beidh sé comhionann le 46 seachtain de shaoire le pá.

2. Samhail de thacaíocht do thuismitheoirí

Leanfaidh Aonad Beartais Tacaíochta do Thuismitheoirí na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) de na tacaíochtaí reatha do thuismitheoirí a chuirtear ar fáil ar fud raon Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit a chuíchóiriú agus a fheabhsú trí Thacaíocht do Thuismitheoirí: Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí. Déanfar acmhainní faisnéise do thuismitheoirí a chomhdhlúthú ar shuíomh gréasáin nua “Tacaíocht do Thuismitheoirí” chun iompar stuama a chur chun cinn, luathfhoghlaim dhearfach bunaithe ar shúgradh a éascú, agus na coinníollacha a chruthú chun caidrimh láidre idir tuismitheoirí agus leanaí a chruthú agus a chothabháil. Déanfaidh Aonad Beartais Tacaíochta do Thuismitheoirí RLCMLÓ critéir a fhorbairt agus a chomhaontú freisin maidir le cláir cuairte baile do naíonáin agus do leanaí óga a mhaoinítear go poiblí.

3. Forbairtí nua i sláinte leanaí

Tugtar gealltanas sa straitéis seo go dtógfar lucht saothair le haird ar leith ar shláinte leanaí, lucht saothair a dhíreofar ar dtús ar cheantair ina bhfuil dlús ard daonra agus míbhuntáiste. Chuir an Roinn Sláinte Grúpa Stiúrtha i dtoll a cheile in 2019 chun tús a chur le lucht saothair a chur ar bun. Mar thoradh ar athrú tosaíochta oibre I bhfianaise phaindéim COVID-19, ní dhearnadh dul chun cinn ar an obair sin. Mar sin féin, tá an Roinn Sláinte, faoi cheannaireacht na Príomh-Oifige Altranais, tar éis tús a chur arís leis an obair thábhachtach seo.

Sa chéad chéim eile seo d’fheidhmiú Na Chéad 5, beidh bearta breise ann chun iompar dearfach sláinte agus meabhairshláinte naíonán, leanaí óga agus a dteaghlach a chur chun cinn. Is iad an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bheidh i gceannas ar sheachadadh na mbeart seo i gcomhpháirtíocht le Príomh-Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit eile.

4. Athchóiriú ar an gcóras Luathfhoghlama agus Cúraim (FCLÓ)

Agus tógáil á déanamh ar na forbairtí suntasacha i bhFoghlaim agus Cúram na LuathÓige (FCLÓ) agus i gCúram Leanaí d’Aois Scoile (CLAS) le blianta beaga anuas, féachann an chéad chéim eile seo d’fheidhmiú Na Chéad 5 le hinacmhainneacht, inrochtaineacht agus cáilíocht a fheabhsú arís eile.

I measc na mbeart tá: cur le forbairt Níos Fearr le Chéile (an tsamhail nua mhaoinithe do FCLÓ agus CLAS), chomh maith le feidhmiú Scileanna Cothaithe, an Plean Lucht Saothair do FCLÓ agus CLAS (2022-2028) agus feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí (2021-2028).

Beidh struchtúr rialachais neartaithe ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil mar bhonn agus mar thaca ag na hathchóirithe sin, lena n-áirítear ullmhúchán chun gníomhaireacht stáit ar leith nua a bhunú don earnáil.

5. Pacáiste beart chun dul i ngleic le bochtaineacht na luath-óige

Dírítear in Na Chéad 5 ar ghníomhartha a thabharfaidh aghaidh ar bhochtaineacht na luath-óige. Sa chéad chéim eile seo de chur chun feidhme Na Chéad 5, tabharfar isteach an Tús Cothrom. Beidh Tús Cothrom ar an gceathrú gné de Níos Fearr Le Chéile (lena n-áirítear freisin an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ), an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (SNCL) agus an Bunmhaoiniú). Féachann Tús Cothrom le rannpháirtíocht chothrom a chur chun cinn do leanaí ó gach cúlra in FCLÓ agus CLAS, le béim ar leith ar leanaí a bhfuil cineálacha éagsúla míbhuntáiste acu. Téann gníomhartha níos faide ná suíomhanna FCLÓ agus CLAS freisin, rud a chuireann le seachadadh na ngealltanas ábhartha in Ó Bhochtaineacht go Lánchumas: Plean Cláir maidir le Bochtaineacht Leanaí agus Folláine Leanaí 2023- 2025 agus Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann faoin Ráthaíocht AE do Leanaí.

Réamhscoil sa Bhaile

Íomha: Pre school image

Cuireann an Mol Réamhscoile sa Bhaile réimse gníomhaíochtaí ar fáil chun tacú le leanaí agus chun a gcuid caithimh aimsire a spreagadh. Is í aidhm an Mhoil na leanaí a choinneáil ag súgradh agus ag foghlaim sa bhaile.

Tá na gníomhaíochtaí seo gnách sa naíonra agus cuireadh iad in oiriúint do pháistí le déanamh sa bhaile, ag am a oireann dóibh agus don teaghlach.

Ná déan dearmad, bíonn leanaí ag foghlaim agus iad ag súgradh. Bíonn leanaí ag foghlaim freisin nuair a bhíonn siad páirteach i ngníomhaíochtaí laethúla an teaghlaigh.