Íomha: Pharma TF Web Banner GAE

Ón 1 Márta 2024, is féidir le hoideasóirí, lena n-áirítear dochtúirí ginearálta, oidis a scríobh d'othair ar feadh suas le 12 mhí. Is féidir le cógaiseoirí oidis, a scríobhadh tar éis an 1 Márta 2024, a leathnú go dtí suas le 12 mhí, más rud é gur scríobhadh é do thréimhse 6 mhí ar dtús.

Ciallaíonn an t-athrú seo go mbeidh roinnt othar in ann oideas leantach 12 mhí a fháil óna ndochtúir teaghlaigh nó ó oideasóir eile. Braithfidh sé seo ar an gcineál cógais agus ar shláinte an othair féin.

Ciallaíonn an t-athrú seo freisin gur féidir le hothair a fhaigheann oidis 6 mhí síneadh a iarraidh óna gcógaiseoir. Arís, beidh sé seo ag brath ar an gcineál cógais agus ar shláinte an othair féin.

Seo an chéad athrú atá curtha i bhfeidhm sna sála ar mholadh ón Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn.

Cuideoidh an t-athrú seo le líon na gcuairteanna chuig dochtúirí teaghlaigh le haghaidh oideas a laghdú, chomh maith leis an éileamh ar chlinicí gnóthacha de dhochtúirí teaghlaigh a laghdú fosta. Cuirfidh sé coigilteas costais agus solúbthacht mhéadaithe ar fáil do roinnt othar, mar d'fhéadfadh a gcógaiseoir a bheith in ann a n-oideas a leathnú, gan gá le coinne le dochtúir teaghlaigh. Leathnaíonn an t-athrú seo ról cógaiseoirí freisin, rud a chuireann ar a gcumas a saineolas a úsáid ar mhaithe le sláinte othair.

Oideas 12 mhí a fháil

Má tá suim agat oideas 12 mhí a fháil, is féidir leat é seo a phlé le do dhochtúir teaghlaigh nó le d'oideasóir. Déanfaidh siad cinneadh an bhfuil oideas 12 mhí oiriúnach duit.

Ní eiseofar oidis 12 mhí go huathoibríoch. Bainfidh oideasóirí úsáid as a mbreithiúnas cliniciúil chun cinneadh a dhéanamh faoi thréimhse an oidis. Ní scríobhfaidh siad oideas 12 mhí muna n-oireann sé don othar.

Oideas a shíneadh

Má scríobhann do dhochtúir teaghlaigh nó d'oideasóir oideas 6 mhí duit (tar éis an 1 Márta 2024), is féidir leat iarraidh ar do chógaiseoir é a shíneadh go dtí suas le 12 mhí nuair atá d'oideas le dul in éag. Déanfaidh do chógaiseoir athbhreithniú ar d’oideas leat, cuirfidh sé roinnt ceisteanna ort agus cinnfidh sé ansin an bhfuil sé oiriúnach duit síneadh a chur le d’oideas.

Ní eiseofar síneadh ar oideas go huathoibríoch. Bainfidh cógaiseoirí úsáid as a mbreithiúnas gairmiúil chun cinneadh a dhéanamh an gcuirfidh siad síneadh le hoideas. Ní leathnóidh siad oideas muna n-oireann sé don othar.

Samplaí

Seo thíos roinnt samplaí a d'fhéadfadh a bheith úsáideach duit le feiceáil an bhféadfadh oideas 12 mhí nó síneadh oidis a bheith ceart duitse. Is le haghaidh faisnéise amháin atá na samplaí seo. Tá gach duine difriúil agus beidh oideas 12 mhí nó síneadh oidis ag brath ar do shláinte, ar do riocht(aí) sláinte agus ar an gcógas/na cógais atá á nglacadh agat. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do chógaiseoir chun tuilleadh eolais a fháil ar oideas 12 mhí nó ar shíneadh oidis.

Tom ag glacadh staitiní chun dul i ngleic lena cholaistéaról

Tá Tom 55 bliain d’aois agus tá sé ag glacadh staitiní go laethúil chun srian a choinneáil ar a cholaistéaról le 7 mbliana anuas. Déantar tástáil ar a chuid fola uair sa bhliain chun a cholaistéaról a sheiceáil. Thug a dhochtúir teaghlaigh oideas 6 mhí dó. Tar éis 6 mhí, iarrann Tom ar a chógaiseoir a oideas a shíneadh go 12 mhí dó. Cuireann a chógaiseoir cúpla ceist sláinte air, seiceálann sé brú fola Tom, agus déanann sé athbhreithniú ar an eolas a tugadh, agus ansin, aontaíonn sé a oideas a shíneadh 6 mhí agus tugann sé an chéad mhí dó.

Niamh ag baint úsáide as braonta súl antaibheathacha do thoinníteas baictéarach

Tá Niamh 36 bliain d'aois agus tá beirt pháistí óga aici a thug ionfhabhtú súile di. Deimhníonn a dochtúir teaghlaigh go bhfuil toinníteas baictéarach uirthi, an dara huaire uirthi i mbliana. Tá an dochtúir teaghlaigh sásta go bhfaighidh sí buidéal de bhraonta súl eile óna cógaiseoir má tharlaíonn sé seo arís agus tugann sé oideas 12 mhí di a bheith ar fuireachas lena cógaiseoir. Thart ar 8 mí ina dhiaidh sin, tá ionfhabhtú súile eile ar Niamh, deimhníonn a cógaiseoirí gur toinníteas baictéarach atá ann arís agus tugann sé braonta súl antaibheathacha di, atá clúdaithe faoina hoideas. Ní gá di cuairt a thabhairt ar a dochtúir teaghlaigh.

Azibo ag glacadh an phiolla frithghiniúna

Tá Azibo 38 bliain d'aois. Tá sí ag glacadh an phiolla frithghiniúna le 17 mbliana gan aon fhadhb aici agus de ghnáth tugann a dochtúir teaghlaigh oideas 6 mhí di. Tá sé i gceist ag Azibo dul ag taisteal ar feadh cúpla mí agus tá sí ag iarraidh a dhóthain frithghiniúna a ghlacadh léi. Iarrann sí ar a cógaiseoir a hoideas a shíneadh chuig 12 mhí. Déanann a cógaiseoir athbhreithniú ar a taifead, cuireann sí cúpla ceist ar Azibo, seiceálann sí a brú fola agus déanann sí athbhreithniú ar an eolas a tugadh, agus ansin, aontaíonn sí a hoideas a shíneadh. Faigheann Azibo a dhóthain cógais dá turas.

Bill ag glacadh drugaí frith-athlastacha dá airtríteas

Tá Bill 74 bliain d’aois agus tá airtríteas sna dhá ghlúin aige. Cuireann sé smacht ar a riocht sláinte le drugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha ó bhéal, le hoideas tugtha ag a réamaiteolaí. Ag a choinne rialta, tá oideas 12 mhí uaidh. Aontaíonn a réamaiteolaí, tar éis a chomhrá le Bill. Meabhraíonn sé do Bill coinne a dhéanamh má thagann athrú ar a shláinte laistigh den 12 mhí.

Pawel ag baint úsáide as análóir le haghaidh asma

Tá Pawel 15 bliana d’aois agus úsáideann sé análóir le haghaidh asma. Is iondúil go dtéann a athair i dteagmháil lena dhochtúir teaghlaigh le haghaidh oideas leantach. Tá a fhios aige nach dtéann Pawel ar cuairt chuig an dochtúir teaghlaigh ach amháin má thagann athrú ar a shláinte. Tugadh oideas 6 mhí dó an uair dheireanach. Tá sé le rith amach as go luath agus mar sin, iarrann athair Pawel ar a gcógaiseoir é a shíneadh go 12 mhí. Breathnaíonn an cógaiseoir ar thaifead leighis Pawel, cuireann sé cúpla ceist ar Pawel agus ar a athair, agus déanann sé athbhreithniú ar an eolas uilig a tugadh, agus ansin aontaíonn sé a oideas a shíneadh go 12 mhí.

Tá teiripe athsholáthair hormón á cur ar Ana mar gheall ar an meanapás

Tá Ana 53 bliain d’aois agus tá teiripe athsholáthair hormón á cur uirthi mar gheall ar shiomptóim a bhaineann le meanapás le cúpla bliain anuas, gan aon fhadhb leis. De ghnáth faigheann sí oideas 6 mhí óna dochtúir teaghlaigh. Tá a hoideas le rith amach go luath, agus mar sin, iarrann sí ar a cógaiseoir é a shíneadh go 12 mhí. Déanann an cógaiseoir athbhreithniú ar stair Ana atá ar chomhad, cuireann sé cúpla ceist uirthi agus aontaíonn sé a hoideas a shíneadh go 12 mhí.

Tá Dave ag glacadh frithdhúlagrán

Tá Dave 42 bliain d’aois. Diagnóisíodh go raibh dúlagar air cúpla bliain ó shin ach tá ag éirí go maith leis anois agus é ag glacadh frithdhúlagrán, mar aon le comhairleoireacht. Ag a choinne dheireanach, thug a dhochtúir teaghlaigh oideas 6 mhí dó agus dúirt sé leis go bhféadfadh sé é a shíneadh trína chógaiseoir má tá ag éirí go maith leis amach anseo. Tar éis 6 mhí, iarrann sé ar a chógaiseoir a oideas a shíneadh go 12 mhí. Déanann an cógaiseoir athbhreithniú ar chomhad David, cuireann sé cúpla ceist air agus déanann sé athbhreithniú ar an eolas uilig a tugadh, agus ansin, aontaíonn sé a oideas a shíneadh.

Tá Emma ag baint úsáide as uachtar stéaróidigh d’eachma

Tá Emma 19 mbliana d’aois agus tá eachma uirthi agus baineann sí úsáid as uachtar stéaróidigh, mar a threoraigh a deirmeolaí. Tugadh oideas 6 mhí di toisc go dteastaíonn óna deirmeolaí go ndéanfaí monatóireacht ar úsáid fhadtéarmach an uachtair. Tar éis 6 mhí, iarrann Emma ar a cógaiseoir a hoideas a shíneadh. Déanann a cógaiseoir athbhreithniú ar chomhad Emma, cuireann sé cúpla ceist uirthi agus seiceálann sé a heachma. Feiceann sé go bhfuil a heachma beagán níos measa. Míníonn a cógaiseoir nach molann sé go leathnófar a hoideas agus molann sé d’Emma dul chuig a deirmeolaí. Míníonn Emma go bhfuil coinne aici i gceann 3 seachtaine ach nach bhfuil aon uachtar fágtha aici. Tugann a cógaiseoir tiúb amháin di mar sholáthar éigeandála.

Glacann Alan PreP chun é a chosaint in aghaidh VEID

Tá Alan 32 bliain d’aois. Glacann sé PreP chun é féin a chosaint in aghaidh VEID. Iarrann sé ar a dhochtúir ag a chlinic sláinte gnéis áitiúil oideas 12 mhí a thabhairt dó. Tugann a dhochtúir comhairle d'Alan go dteastaíonn monatóireacht rialta uaidh lena n-áirítear tástálacha fola, agus mar sin tugann sé oideas 6 mhí dó. Bunaithe ar chomhairle a dhochtúra, tá a fhios ag Alan nach féidir leis a oideas a shíneadh lena chógaiseoir toisc go gcaithfidh sé dul ar ais chuig a dhochtúir le haghaidh tástálacha.

Glacann Li táibléid bhoilg chun dul I ngleic le haife

Tá Li 48 bliain d’aois agus tá fadhbanna leis an díleá aici. Bíonn sí ag fulaingt le haife aigéid. Tar éis roinnt tástálacha, chuir a gaistreintreolaí í ar oideas leantach le haghaidh táibléad H2 receptor antagonist chun aigéad boilg a laghdú agus an aife a smachtú. Tá a hoideas 6 mhí le rith amach go luath, mar sin iarrann sí ar a cógaiseoir é a shíneadh go 12 mhí. Déanann an cógaiseoir athbhreithniú ar stair Li, cuireann sí cúpla ceist uirthi, agus déanann sí athbhreithniú ar an eolas uilig a tugadh, agus ansin, aontaíonn sí an t-oideas a shíneadh go 12 mhí.

Glacann John leigheas i gcomhair NHEA

Tá John 28 bliain d’aois. Tá NHEA aige agus tá sé ar a chógas le blianta. Bunaithe ar dhiagnóis a fuair sé óna shíciatraí, scríobhann a dhochtúir teaghlaigh oideas leantach dó. Toisc gur druga rialaithe é a chógas, tá coinníollacha speisialta ann, agus mar sin scríobhann a dhochtúir teaghlaigh oideas dó le haghaidh míosa amháin ag an am. Tá John ag bailiú a chógais agus iarrann sé ar an gcógaiseoir an féidir leis a oideas a shíneadh. Míníonn a chógaiseoir nach féidir leis agus go gcaithfidh sé a oideas a fháil óna dhochtúir teaghlaigh mar gheall ar na coinníollacha speisialta.

Epipen Sarah don ailléirge phiseanna talún atá uirthi

Tá Sarah 9 mbliana d’aois agus tá ailléirge phiseanna talún uirthi. Scríobh a dochtúir teaghlaigh oideas le haghaidh Epipen agus tá a fhios aici conas é a úsáid. Téann a máthair i dteagmháil lena dochtúir teaghlaigh le haghaidh oidis leantach agus fiafraíonn sí an féidir léi oideas 12 mhí a bheith aici. Aontaíonn a dochtúir teaghlaigh agus scríobhann sé oideas di a mhairfidh 12 mhí.

Eolas do Chógaiseoirí

Tá treoir do chógaiseoirí ar fáil ón Pharmaceutical Society Ireland, an Rialálaí Cógaisíochta.

Sonraí Tábhachtacha

  • Ní thabharfaidh oideasóirí cead uathoibríoch d’othair le haghaidh oideas 12 mhí. Bainfidh oideasóirí úsáid as a mbreithiúnas cliniciúil agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cé chomh fada agus ba cheart a bheith an tréimhse scríofa ar an oideas.
  • Ní thabharfaidh cógaiseoirí cead uathoibríoch d’othair le haghaidh oideas leathnaithe. Bainfidh cógaiseoirí úsáid as a mbreithiúnas gairmiúil agus cinneadh á dhéanamh acu ar cheart síneadh a chur le hoideas.
  • Baineann na hathruithe ar bhailíocht dhlíthiúil le hoidis a scríobhtar ar an 1 Márta 2024 nó ina dhiaidh.
  • Ní féidir le hoideasóir oideas 12 mhí a scríobh roimh 1 Márta 2024.
  • Níl oidis a scríobhadh roimh an 1 Márta 2024 incháilithe le haghaidh sínidh ag cógaiseoir.
  • Níl ach oidis 6 mhí a scríobhadh tar éis an 1 Márta 2024 incháilithe le haghaidh sínidh ag cógaiseoir. Ní féidir le cógaiseoir oidis a scríobhadh tar éis an 1 Márta 2024 le tréimhsí eile orthu a shíneadh.
  • Ní bheidh cógais áirithe incháilithe le haghaidh sínidh ar oideas.
  • Ní bheidh aon oibleagáid ar othair oideas 12 mhí a lorg nó a ghlacadh óna n-oideasóir.
  • Ní bheidh aon oibleagáid ar othair síneadh oidis a lorg nó a ghlacadh óna gcógaiseoir.

Eolas sa bhreis