Léirítear le "Deiseanna faoin Tuath" cuid de na bealaí is fearr a bhfuil ag éirí le pobail tuaithe teacht ar chúnamh agus ar chistí Rialtais chun a gcinniúint féin a mhúnlú. Léirítear sin trí shraith chomhordaithe d'imeachtaí réigiúnacha, fógraí agus cás-staidéir físeáin. Cuirfear daoine a fhreastalóidh ar na himeachtaí ar an eolas faoi mar a fuarthas maoiniú do thionscadail rathúla tuaithe agus phobail. Tabharfar eolas dóibh freisin maidir leis na bearta a chaithfidh siad a dhéanamh le go bhfaighidh siad cúnamh dá dtionscadail.
Forbraíodh an mhír físeáin thíos chun cuid de na tionscadail a cuireadh ar fáil i bpobail tuaithe go dtí seo leis na tacaíochtaí a fuarthas a léiriú.
Beidh imeachtaí "Deiseanna faoin Tuath" ar siúl sna háiteanna seo a leanas:
Cill Chainnigh | Ceoláras Bhaile Mhic Andáin | 2pm an 22 Márta |
An Longfort | Leabharlann Ghránaird | 9am an 27 Márta |
An Clár | Cora Finne | 9am an 10 Aibreán |
Dún na nGall | Baile Dhún na nGall | 9am - an 12 Aibreán |
Corcaigh | Mala | an 15 Bealtaine |
Tá cuireadh tugtha do ghrúpaí pobail a bhfuil spéis acu teacht ar mhaoiniú Rialtais do thionscadail tuaithe freastal ar na himeachtaí thuas.
Cloisfear ag an himeachtaí réigiúnacha seo ó ionadaithe ó phobail tuaithe ar éirigh leo cúnamh a fháil agus dá bharr a chuir clár nó tionscadal ar fáil ina gceantar féin. D'imir na tionscadail seo tionchar dearfach i dtaobh forbairt pobail agus acmhainneacht pobail, forbairt fiontair nó fostaíochta, forbairt turasóireachta, srl.
Táthar ag súil go gcabhróidh na scéalta faoi thionscadail ar éirigh leo le pobail eile fís a fhorbairt ina gceantar féin agus go mbeidh teacht acu ar an gcúnamh atá ar fáil tríd Tionscadal Éireann 2040 agus tionscnaimh éagsúla eile an Rialtais.
Is tionscnamh tras-Rialtas é "Deiseanna faoin Tuath" faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail. Is féidir tuilleadh eolais faoi na scéimeanna maoinithe a fháil anseo.
Is féidir tuilleadh eolais faoi scéimeanna maoinithe a fháil ó Ranna eile ag na naisc thíos.