Íomha: Commission on Care - Banner - ga

An Coimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta

Chun an gealltanas sa Chlár don Rialtas: Ár dTodhchaí le Chéile (2020) a chomhlíonadh, tá Coimisiún neamhspleách um Chúram do Dhaoine Scothaosta bunaithe ag an Rialtas. Is é an tOllamh Alan Barrett (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta) atá ina chathaoirleach ar an gCoimisiún agus tá saineolaithe neamhspleácha ann. Tacaíonn rúnaíocht ón Roinn Sláinte leis.

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta do dhaoine scothaosta agus moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir lena bhforbairt straitéiseach. Ina dhiaidh sin, bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil na tacaíochtaí don aosú dearfach feadh shaolré oiriúnach don fheidhm agus chun plean cur chun feidhme costáilte a fhorbairt le haghaidh roghanna chun na tacaíochtaí sin a bharrfheabhsú.

Commission on Care for Older People

Seoladh:
An Coimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta, C/O Older Persons Strategy Unit, An Roinn Slainte, Bloc 1, Plaza Miesach, 50 - 58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 XW14
Suíomh gréasáin: