Scéim na Siúlóidí

Tá léirithe spéise á lorg le haghaidh scéim a chuireann maoiniú ar fáil d'úinéirí talún chun cothabháil a dhéanamh ar chonairí.

Seoladh Scéim na Siúlóidí in 2008 agus tá sí dírithe ar fheirmeoirí, ar úinéirí talún príobháideacha, ar shealbhóirí talún agus ar dhaoine a úsáideann an talamh. Baineann sé le forbairt, feabhsúcháin agus cothabháil a dhéanamh ar chonairí atá forbartha, atá faofa ag Spórt Éireann agus liostaithe ar Chlár na gConairí Náisiúnta.

Tá an scéim á leathnú amach faoi láthair agus fáilteofar roimh léirithe go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2024.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi le dul isteach sa scéim, féach ar Leabhrán Eolais Scéim na Siúlóidí