Leagtar amach i bPlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2022 – 2027 na gníomhartha a dhéanfaidh chun cáilíocht uisce ár ndobharlaigh (aibhneacha, lochanna, inbhir, uiscí cósta) a chosaint, a fheabhsú agus a athshlánú go dtí 2027. Tá an plean dírithe ar cháilíocht an uisce a chosaint agus a athchóiriú trí thruailliú a chosc agus a laghdú, trí fheidhmeanna éiceachórais nádúrtha a athshlánú agus trí leanúint le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar uisce. Ceanglaítear ar Éirinn plean bainistíochta abhantraí a chumadh faoin Treoir Réime maidir le hUisce
Tá tuilleadh eolais faoi cháilíocht uisce agus faoi ghníomhaíochtaí uisce i do cheantar áitiúil ar fáil ar shuíomh gréasáin Dobharcheantair .
Le haghaidh sonraí ar conas a bheith rannpháirteach i do phobal áitiúil, téigh chuig suíomh gréasáin an Chláir Uisce Údaráis Áitiúil .