Is córas coigiltis scoir nua é Clárú Uathoibríoch d’fhostaithe a thabharfar isteach an 30 Meán Fómhair 2025
I gcás daoine nach bhfuil scéim phinsin acu a shaothraíonn níos mó ná €20,000 sa bhliain agus atá idir 23 agus 60 bliain d’aois, clárófar go huathoibríoch ar an gcóras nua iad. Ciallaíonn sé sin go mbeidh airgead sa bhreis acu nuair a théann siad ar scor agus ní bheidh orthu brath ar phinsean an stáit amháin.
Buntáiste sa bhreis atá ann d’fhostaithe go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát leis freisin – le haghaidh gach €3 a chuireann an fostaí isteach, cuirfidh an fostóir €3 isteach freisin agus cuirfidh an Stát €1 sa bhreis leis. Ciallaíonn sé sin go gcuirfear €7 i gcuntas an fhostaí le haghaidh gach €3 a shábhálann sé/sí.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cuireadh seinniosta d’fhíseáin a mhíníonn an scéim uathchláraithe lenár gcainéal YouTube. Cuimsíonn sé an chaoi a n-oibreoidh uathchlárú, a dhéanfar a chlárú go huathoibríoch, cad iad na rátaí ranníocaíochta agus faisnéis d’fhostaithe agus d’fhostóirí.