Íomha: LCSP GA

Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Mar chuid de thionscnamh nua ón Rialtas, tá Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann ag lorg cathaoirligh dheonacha chun Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a fhorbairt agus a bhainistiú ina limistéar.

Is cuid bhunriachtanach den chur chuige nua uile-Rialtais i leith sábháilteacht pobail iad Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla. Tá sé mar aidhm leis an gcur chuige na seirbhísí stáit ábhartha uile agus an pobal a thabhairt le chéile ar leibhéal an údaráis áitiúil chun pleananna sábháilteachta áitiúla saincheaptha a chur le chéile.

Beidh sé de chumas ag gach comhpháirtíocht an tírdhreach áitiúil a chur san áireamh de réir mar a bhaineann sé leis na seirbhísí atá á soláthar cheana féin agus leis na seirbhísí sin atá ag teastáil. Le creat reachtúil na straitéise, cuirtear ar chumas comhpháirtíochtaí soláthar an chuir chuige uile-Rialtais seo i leith sábháilteacht pobail a thabhairt le chéile, a fhormhaoirsiú agus a bhrú chun cinn.


Cuspóirí na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Tá an cur chuige comhpháirtíochta bunaithe ar dhá bhuntuiscint:

- Tá gach pobal difriúil agus tá fadhbanna agus saincheisteanna difriúla acu.

- Chun freagairt do na fadhbanna agus na saincheisteanna sin, teastaíonn ionchuir éagsúla ón Rialtas, ó sheirbhísí áitiúla, ón earnáil dheonach agus ón bpobal é féin.

Teastaíonn na gnéithe seo a leanas sa fhreagairt do na saincheisteanna atá luaite thuas:

- Rannpháirtíocht an phobail chun a shainaithint cé na riachtanais atá ag an bpobal;

- Tiomantas agus tacaíocht ó sholáthraithe seirbhíse Stáit, áitiúla agus deonacha chun obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin.

Féachfaidh na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla le rannpháirtíocht mharthanach an phobail a chothú maidir le riachtanais a shainaithint agus le réitigh a chomhdhearadh, agus féachfaidh siad freisin le tiomantas marthanach a chothú i measc seirbhísí agus iad ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin.


Ról an Chathaoirligh

Déanfaidh an Cathaoirleach:

  • Ceannaireacht agus treo straitéiseach a sholáthar;
  • An Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil a stiúradh le linn di teacht ar chinntí eolacha agus réitigh eolacha atá curtha in oiriúint do riachtanais an phobail ar leith ina bhfuil an chomhpháirtíocht ag obair;
  • An Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a chur chun feidhme i gcomhar le seirbhísí pobail agus le seirbhísí poiblí araon;
  • Gníomhú mar thathantóir don Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil agus ionadaíocht a dhéanamh di os comhair an phobail, na meán agus geallsealbhóirí eile de réir mar is cuí.

Is ról suntasach saorálaíochta ardleibhéil é laistigh de phobal/chontae an chathaoirligh agus éileofar dúthracht agus am ina leith.

Gheobhaidh gach Comhpháirtíocht tacaíocht ó Chomhordaitheoir Sábháilteachta Pobail tiomnaithe agus ó riarthóir. Maidir leis an dá cheann de na poist bhuana sin, cisteoidh an Roinn Dlí agus Cirt iad agus earcóidh gach údarás áitiúil iad, agus is san údarás áitiúil a bheidh siad lonnaithe.

Is é an comhordaitheoir sábháilteachta pobail áitiúil a sholáthróidh an Rúnaíocht le haghaidh gach Comhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúla.


Conas iarratas a dhéanamh

Foilseoidh gach Údarás Áitiúil fógra le haghaidh Cathaoirleach ar na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla ina limistéar. Post deonach is ea post an Chathaoirligh agus, mar sin de, ní ghabhann aon luach saothair leis. Is iníoctha a bheidh caiteachais eile as póca a bheidh tabhaithe as freastal ar chruinnithe, i measc nithe eile.

Fógrófar na poist ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúil ábhartha.

Liosta de shuíomhanna Gréasáin Údaráis Áitiúil

Tá tuilleadh faisnéise faoin ról ar fáil sa leabhrán thíos:

Pdf

Nota faisneise Maidir le Cathaoirligh ar Chomhphairtiochtai Sabhailteachta Pobail Aitiula

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc