Is é Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn beartas tithíochta an rialtais go dtí 2030. Is plean ilbhliantúil, ilbhilliún euro é a fheabhsóidh córas tithíochta na hÉireann agus a sholáthróidh níos mó tithe de gach cineál do dhaoine le riachtanais tithíochta difriúla. Tá meicníocht athbhreithnithe bhliantúil ionsuite ann chun freagairt don dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an phlean, ar dhúshláin sa chur i bhfeidhm, agus ar athruithe sa timpeallacht sheachtrach.
Léigh nuashonrú bliantúil an Phlean Gníomhaíochta Tithíochta do Chách . Leagann sé amach tosaíochtaí don bhliain amach romhainn chun seachadadh tithíochta a ghníomhachtú agus a luathú.
Foilsítear Tuarascálacha Ráithiúla ar Dhul Chun Cinn , lena leagtar amach feidhmíocht i gcoinne na spriocanna agus na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean.
Má tá tú ag iarraidh áit a fháil ar cíos nó a cheannach, tá roinnt tacaíochtaí ar fáil anois. Cuidíonn tionscnaimh éagsúla ar bhealaí éagsúla. Díríonn cuid acu ar cheannaitheoirí céaduaire. Déanann cuid acu ceannach nó ligean ar cíos níos inacmhainne. Cuidíonn cuid eile le hathchóiriú.
-
Íomha: Nuashonruithe
-
Íomha: Tacaíochtaí atá ar fáil
-
Íomha: Tacú le húinéireacht tí agus inacmhainneacht a mhéadú
-
Íomha: Deireadh a chur le heaspa dídine, soláthar tithíochta sóisialta a mhéadú agus tacú le cuimsiú sóisialta
-
Íomha: Soláthar tithíochta nua a mhéadú
-
Íomha: Dul i ngleic le tithe folmha agus úsáid éifeachtach an stoic atá ann
-
Íomha: Acmhainneacht earnála
-
Íomha: Nuálaíocht agus táirgiúlacht
-
Íomha: Infheistíocht agus maoiniú