An Plean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh 2022-2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh i mí na Nollag 2022. Leagadh amach sa Phlean sin an raon beart a cuireadh chun feidhme ar fud an Rialtais le linn gheimhreadh na bliana 2022/23 chun tacú le daoine a gcostais fuinnimh a sheasamh, mar aon leis na gníomhartha fadtéarmacha atá á ndéanamh chun a chinntiú gur féidir leis na daoine is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh a dteach a théamh agus a chumhachtú go leordhóthanach. Leis an bPlean, nuashonraíodh an Straitéis roimhe chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha trasrannach idirghníomhaireachta chun forbairt, cur chun feidhme agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na beartais agus na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta.
Ceanglaítear ar an nGrúpa Stiúrtha um Bochtaineacht Fuinnimh faoin bPlean Gníomhaíochta breac-chuntas a thabhairt i dTuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn a rinneadh i gcomparáid leis na gníomhartha éagsúla atá le fáil sa Phlean agus an Tuarascáil Bhliantúil sin a chur faoi bhráid an Rialtais roimh fhoilsiú. Is é aidhm an tuairiscithe sin ná tionchar trasnaí na mbeart tacaíochta agus na ngníomhartha tacaíochta a thug an Rialtas isteach a ghabháil agus bonn eolais a chur faoi dhéanamh beartas comhordaithe.
Is ar fáil thíos atá Tuarascáil Bhliantúil ina leagtar amach gníomhartha, stádas agus torthaí an Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh.