ÁSPC – Árachas Sóisialta Pá Coibhneasta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Téann ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh (CÁS) a chabhraíonn le sochair agus pinsin leasa shóisialaigh a íoc.
Íocann an chuid is mó d’fhostóirí agus fostaithe (os cionn 16 bliana d’aois agus faoi bhun 66, aois an phinsin faoi láthair) ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh Náisiúnta.
Go ginearálta, tá sé éigeantach ÁSPC a íoc. Úsáidtear an téarma ‘fostaíocht inárachaithe’ chun cur síos a dhéanamh ar fhostaíocht ar a ndlitear ranníocaíochtaí ÁSPC. Tá daoine áirithe le hioncam neamhthuillte faoi dhliteanas ÁSPC a íoc chomh maith.
Is éard atá sa CÁS ná airgead ó dhaoine atá ag obair. Úsáidtear an t-airgead seo chun leasa árachais shóisialaigh a mhaoiniú, Is cuntas coigiltis é an cuntas infheistíochta atá faoi bhainistiú an t-Aire Airgeadais.
Tá an t-Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as cinntiú go gcoinnítear cuntais in ord agus go ndéantar tuairiscí do Thithe an Oireachtais.
Déantar foráil leis An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005 go gcuirfear athbhreithnithe achtúireacha i gcrích gach cúig bhliain ar an gCiste Árachais Shóisialaigh (CÁS).
I ndiaidh próisis tairisceana iomaíoch, cheap an Roinn Coimirce Sóisialaí KPMG chun an ceathrú Athbhreithniú Achtúireacha ar an CÁS a chur i gcrích le dáta éifeachtach an 31 Nollaig, a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2017. Éiríonn le haidhm an athbhreithnithe déanamh de réir an cheanglais reachtaigh agus chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt polasaí sa ghearr-go-mheántéarma agus san fhadtéarma maidir leis an gcóras árachais shóisialaigh tríd is tríd. Cuireann an t-athbhreithniú is déanaí le torthaí na na n-athbhreithnithe i 2000, 2005 agus 2010 maidir le leasa a bhain le árachais agus pinsin shóisialaigh, agus tá tús curtha le forálacha d’athbhreithniú 2020.
Chun rochtain a fháil ar an Athbhreithniú Achtúireacha ar an gCiste Árachais Shóisialaigh 31 Nollaig, cliceáil Item was unpublished or removed
Chun cóip de do thaifid árachais shóisialaigh Éireannaigh a iarraidh, le do thoil, teigh chuig MyWelfare.ie
Tá ranníocaíochtaí ÁSPC roinnte i gcatagóirí éagsúla, ar a dtugtar ‘Aicmí PRSI’. Rialaíonn sé seo an rata ÁSPC a bhfuil tú faoi dhliteanas a íoc, nó do ‘ráta ranníocaíochta’.
Rialaíonn nádúr d’fhostaíocht agus do mheántuilleamh seachtainiúil an aicme agus ráta ranníocaíochta a íocann tú.
Mar shampla, bheadh duine atá ag obair in ollmhargadh agus ag tuilleamh níos lú ná €38 sa tseachtain faoi árachas faoi Aicme J. Dá dtuillfeadh an duine sin os cionn €38, is dócha go mbeidis faoi árachas faoi Aicme A. Íocann an chuid is mó d’fhostaithe Rang A ÁSPC.
Tá réimse aicmí ÁSPC ann (A, B, C, D, E, H, J, K, M, S, AGUS P) agus fo-aicmí (ar nós A1, J0, CX, srl.).
Rialaíonn an aicme ÁSPC a íocann tú na sochair leasa shóisialaigh a bhféadfadh tú a bheith i dteideal a fháil. Áirítear leis an réimse sochar leithéidí an Pinsean Stáit (Ranníocach), Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Breoiteachta, mar shampla. Is gá do dhuine critéir ar leith a shásamh chun a bheith i dteideal sochar a fháil.
Chun níos mó a fháil amach faoi na haicmí éagsúla ÁSPC, cé mhéad ÁSPC a íocfaidh tú i.e. do ‘ráta ranníocaíochta’ agus na sochair a bhféadfadh tú a bheith i dteideal a fháil, breathnaigh, le do thoil, ar Rátaí íocaíochtaí- LS19.
Tá eolas níos mionsonraithe faoi aicmí ÁSPC le fáil anseo.
Gan ach correisceacht:
Atá os cionn 16 bliana d’aois agus faoi bhun 66,( aois an phinsin faoi láthair) a íocann árachas shóisialaigh (i.e. ÁSPC) isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.
Tá fostóirí na bhfostaithe thuas faoi dhliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc ar thuilleamh ináirithe an fhostaí, lena n-áirítear pá barúlach.
Tá ranníocaíochtaí ÁSPC iníoctha ar an mbonn a leanas:
Ní íocann fostaithe le tuilleamh ináirithe níos lú ná €352 atá clúdaithe faoi na haicmí A, B, C , D agus H ÁSPC don tseachtain sin. Bíonn sciar an fhostóra iníoctha mar is gnách, áfach.
Leantar le fostaithe a bheith clúdaithe do na sochair cúi a bhaineann lena haicme ÁSPC.
Nuair a bhíonn tuilleamh os cionn €352 gearrtar ÁSPC ar an bfostaí agus ar an bhfostóir mar aon.
Is iad tuilleamh ináirithe le haghaidh ÁSPC ná pá comhlán, lena n-áirítear pá barúlach ( nó sochar comhchineáil) más bainteach, móide aoisliúntas agus ranníocaíochtaí árachais chosanta ioncaim a dhéanann fostaí.
D’fhéadfadh na híocaíochtaí seo a bheith inlamhála le haghaidh cáin ioncaim.
De ghnáth íocann fostaithe ÁSPC sa tír ina bhfuil siad ag obair. Tá comhaontuithe seanbhunaithe ag Éire le Ballstáit an AE agus tá comhaontuithe déthaobhacha aici le tíortha nach bhfuil san AE, chun a shoiléiriú cén tír inar cheart ÁSPC a íoc nuair atá fostaithe ag obair thar lear.
I gcomhair tuilleadh eolais, féach, le do thoil, ar Treoirlínte Oibríochta: ÁSPC do dhaoine féinfhostaithe .
Mar fhostóir, déanann tú taifead agus íocann tú ranníocaíochtaí ÁSPC do gach fostaí os cionn 16 bliana d’aois.
Den chuid is mó bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim ranníocaíochtaí ÁSPC tríd an cáin ioncaim Ióc-Mar-A-Thuillir (ÍMAT) agus an córas féinmheasúnaithe do dhaoine féinfhostaithe.
Le socruithe fostaíochta neamhghnách áirithe, d’fhéadfadh nach bhfuil rochtain ag fostóirí ar an gcóras ÍMAT chun ÁSPC a thabhairt ar ais dá bhfostaithe. Nuair a tharlaíonn sé seo, bailítear ÁSPC (ar bhonn pá-choibhneasa chomh maith) agus íoctar é go díreach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi chóras bailiúcháin speisialta.
Tá tuilleadh sonraí ina leagtar amach socruithe bailiúcháin speisialta ar fáil ag: Treoirlínte Oibríochta: ÁSPC-Córas Bailiúcháin Speisialta ÁSPC.
Is é Aicme S an aicme den ranníocaíocht ÁSPC a íocann daoine féinfhostaithe.
Caithfidh daoine féinfhostaithe os cionn 16 bliana d’aois agus faoi bhun 66, (aois an phinsin faoi láthair) le tuilleamh os cionn méid ar leith (€5,000 sa bhliain faoi láthair) ÁSPC a íoc.
Is é 4% de do thuilleamh ináirithe go léir an ranníocaíocht ÁSPC seo, nó íostáille bhliantúil €500, cíbe ceann acu atá níos mó. Faoin gcóras féinmheasúnaithe, íoctar ÁSPC go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim le haon airgead eile ata dlite.
Maidir le féinfhostaíocht inárachaithe, tá daoine os cionn 16 bliana d’aois agus faoi bhun 66, (aois an phinsin faoi láthair) faoi árachas go héigeanteach mar ranníocóirí féinfhostaithe má:
nó
I gcomhair tuilleadh eolais, féach, le do thoil, ar Treoirlínte Oibríochta: ÁSPC do dhaoine féinfhostaithe.
Tá eisceachtaí áirithe ar na rialacha ginearálta maidir le ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc agus tá siad seo i gceist i gcás ‘Fostaíocht Teaghlaigh’. Úsáidtear an téarma seo chun cur síos a dhéanamh ar chás ina bhfostaíonn nó ina bhfaigheann trádálaí aonair/fear/bean ghnó cúnamh chun gnó a reáchtáil ó chéile/pháirtí sibhialta nó ó bhall/bhaill teaghlaigh eile.
Tá an t-eolas go léir maidir le Fostaíocht Teaghlaigh le fáil ag ÁSPC agus Fostaíocht Teaghlaigh.
Más fostaí thú, déantar asbhaintí ÁSPC as do thuilleamh gach seachtain. Más rud é go mbíonn tú tinn, dífhostaithe nó má théann tú ar luathscor, mar shampla, d’fhéadfaí nach ndéanfaí asbhaintí ÁSPC. D’fhéadfá a bheith i dteideal ranníocaíochtaí curtha chun sochair nó ‘creidmheasanna’ ina áit sin. Tá na creidmheasanna seo cosúil leis na ranníocaíochtaí ÁSPC a íocann tú nuair atá tú ag obair.
De ghnáth, bronntar creidmheasanna ag an ráta céanna le do ranníocaíocht ÁSPC dheireanach. Mar shampla, más rud é gur íoc tú ÁSPC Aicme A i d’fhostaíocht dheireanach agus go bhfuil tú incháilithe do chreidmheasanna, cosnóidh siad do cheart sochair Aicme A a fháil.
Is é an príomhchuspóir atá leis an Scéim ÁSPC do ranníocaíochtaí curtha chun sochair sochair leasa shóisialaigh agus pinsin fostaithe a chosaint, trí bhristeacha san árachas, nuair nach bhfuil tú in ann ÁSPC a íoc a chlúdach, i gcaitheamh tréimhsí dífhostaíochta nó tinneas mar shampla. Déanann na creidmheasanna seo do cheart sochair agus pinsin a fháil sa todhchaí a chosaint. Den chuid is mó, tá nasc acu le buncheart íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil fad is nach bhfuil tú ag obair nó ceart a bheith agat saoire reachtúil a thógáil m.sh. saoire thuismitheoireachta/mháithreachais
Chun a bheith i dteideal creidmheasanna ÁSPC, ní mór gur obair tú roimhe sin agus ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat. Más rud é, ag am ar bith i do shaol oibre, nach bhfuil aon ranníocaíoctaí ÁSPC íoctha agat agat nó curtha chun sochair do dhá bhliain chánach iomlán i ndiaidh a chéile, ní féidir leat creidmheasanna a fháil go dtí go bhfilleann tú ar an obair agus go n-íocann tú ranníocaíochtaí ÁSPC do 26 seachtaine ar a laghad. Ní fhéadfaí ranníocaíochtaí a íoctar ag Aicme J nó Aicme S a úsáid chun an coinníoll seo a shásamh.
I gcomhair tuilleadh eolais, féach, le do thoil, ar Treoirlínte Oibríochta: ÁSPC Ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Curtha Chun Sochair.
Más rud é nach bhfuil tú i do fhostaí a thuilleadh, nó má tá tú féinfhostaithe agus gan ranníocaíochtaí ÁSPC éigeantacha á n-íoc agat a thuilleadh d’fhéadfá an rogha a dhéanamh Ranníocaíochtaí Saorálacha a dhéanamh. Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fhail agat nó ag síniú do chreidmheasanna d’fhéadfadh go bhfaighfeadh tú ranníocaíochtaí saorálacha, rud a choinneoidh do thaifead árachais shóisialaigh suas chun dáta.
D’fhéadfadh Ranníocaíochtaí Saorálacha cabhrú leat do thaifead árachais shóisialaigh a chaomhnú agus cabhróidh siad leat a bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialaigh sa todhchaí. Cludaíonn siad sochair fhadtéarmach ar nós pinsean. Ní chludaíonn siad sochair ghearrthéarmach do thinneas, do mháithreachas nó do chuardaitheoirí poist.
D’fhéadfá cinneadh a dhéanamh Ranníocaíochtaí Saorálacha a íoc (má tá tú faoi bhun 66, aois an phinsin faoi láthair agus má shásaíonn tú na coinníollacha eile) má:
I gcomhair tuilleadh eolais, féach, le do thoil, ar Treoirlínte Oibríochta: ÁSPC Ranníocaíochtaí Saorálacha .
Is iad na feidhmeanna atá ag Rannóg Scóip cinntí agus eolas a thabhairt ar inárachas fostaíochta de réir an dlí.
Bíonn Rannóg Scóip ag déileáil le fostóirí agus fostaithe, nó a n-ionadaithe, a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh chun iniúchadh a dheanamh ar fhostaíocht chun a chinntiú go bhfuil an aicme cheart de ÁSPC á cur i bhfeidhm. D’fhéadfadh Cigirí Leasa Shóisialaigh cásanna a aithint le linn a oibre cigireachta gur fiú Rannóg Scóip iad a fhiosrú. D’fhéadfadh cásanna inárachais teacht chun cinn le linn éileamh a phróiseáil.
D’fhéadfadh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, a bhfuil a reachtaíocht maidir le hIomarcaíocht agus Dócmhainneacht ceangailte le hinárachas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh deimhniú ar inárachas a iarraidh. I gcás ina bhfuil amhras ann, déanfaidh Oifigeach Cinnidh (OC) i Rannóg Scóip cinneadh go foirmiúil faoin gcás.
Chun treoir a fháil ar chinntí ar stádas fostaíochta (cé acu a bhfuil duine féinfhostaithe nó fostaí), tá an Cód Cleachtais leasaithe anseo.
I gcomhair tuilleadh eolais, féach, le do thoil, ar Treoirlínte Oibríochta: Scóp- Inárachas Fostaíochta .
PRSI Advance Notice for 2024
Updated: 20 December 2023
PRSI contribution rates and user guide 2022 (SW14)
Eagrán: Feabhra 2022