Is é cuspóir na Roinne Forbatha Tuatha agus Pobail ná “chun forbartha tuatha agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, iniatacha agus inbhuannaithe ar fud na hÉireann.”
Tá an dualgas le cinntiú go leanann pobail inbhuanaithe bheith ina gconaí ar na hoileáin laistigh de chúraimí na Roinne seo anois.
Tá daoine ina gcónaí ar thart ar 30 de na hoileáin mórthimpeall an chósta agus tá oidhreacht chultúrtha luachmhar le fáil orthu.
Ní mór seirbhísí sásúla agus infreastruchtúr forbartha a chur ar fáil chun inmharthanacht na n-oileán a chinntiú. Tá sé mar chuspóir ag an Roinn féachaint chuige go ndéantar freastal ar na riachtanais sin trí infheistíocht chaipitil agus reatha a chur ar fail tríd an Roinn féin agus trí Ranna agus eagraíochtaí ábhartha eile.
Tá tús áite tugtha le blianta beaga anuas d'fhorbairt infreastruchtúr na n-oileán chomh maith le seirbhísí cuimsitheacha rochtana a fhóirdheonú. Tá caighdeán maireachtála phobal na n-oileán feabhsaithe go mór dá réir.
Is cuid thábhachtach d'oidhreacht an Stáit na hoileáin mhara. Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Roinn seo go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin.
Léigh tuilleadh