Filleadh Sábháilte ar bhreisoideachas agus ar ardoideachas agus oiliúint ar an láthair
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 29 Aibreán 2021, thug an rialtas gealltanas maidir le méadú suntasach ar bhreisoideachas agus oiliúint, ardoideachas agus taighde a dhéanfaí ar an láthair ó thús na chéad bliana acadúla eile.
Is gníomhaíochtaí ríthábhachtacha iad ardoideachas agus breisoideachas agus oiliúint, agus taighde, agus mar sin de tá sé beartaithe don tréimhse 2021 go 2022 go mbeidh gníomhaíochtaí ar siúl ar an láthair go príomha do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí, agus don fhoireann uile.
Mar gheall ar phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, táthar ag forbairt creata lena ligfear d’fhilleadh sábháilte do chách. Tríd an gcreat ligtear d’institiúidí dul in oiriúint le cúinsí atá ag athrú.
Táthar ag súil go mbeidh mórchuid na ndaoine níos sine ná 18 mbliana d’aois in Éirinn vacsaínithe faoi Mheán Fómhair 2021, agus mar sin de tá pleanáil ag dul ar aghaidh ar an mbonn go mbeidh atosú iomlán gníomhaíochtaí ar an láthair indéanta, agus ag an am céanna ag cinntiú go ndéanfar monatóireacht agus rialú ar líon foriomlán na ndaoine ag freastal ar an láthair.
Tarlóidh an filleadh ar ghníomhaíochtaí ar an láthair laistigh de threoirlínte sláinte poiblí. Trí phleanáil luath, tréimhse mheasartha roimh thús na bliana acadúla, ligtear d’athbhreithnithe leanúnacha ar an bplean agus do choigeartú ar aon dul le hathruithe ar bith ar threoirlínte sláinte poiblí.
Sa bhreis ar an bhfilleadh sábháilte ar ghníomhaíochtaí ar an láthair, baineann seacht gcuspóir bhreise leis an obair sin. Is iad na cuspóirí:
Rachfar ar aghaidh le soláthar don samhradh i breisoideachas agus ardoideachas agus oiliúint, lena n-áirítear láithreacht ar an láthair do phrintísigh, oideachas Béarla, agus atosú gníomhaíochtaí taighde, le linn na míonna le teacht ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí atá i bhfeidhm. Beidh bearta cosanta iomchuí i bhfeidhm agus déanfar líonta na ndaoine ar an láthair a rialú.
Tríd an gcur chuige sin maidir le filleadh ar an láthair thar thréimhse an tsamhraidh cuideofar le hinstitiúidí agus le soláthraithe filleadh sábháilte líonta móra daoine san fhómhar a eagrú agus a bhainistiú.
Forbraíodh creat nua maidir le filleadh sábhailte ar ghníomhaíocht ar an láthair do Mheán Fómhair 2021.
Leis an gcreat ligtear d’institiúidí agus do sholáthraithe dul in oiriúint i rith an ama agus ar bhonn sábhailte le hathruithe leanúnacha ar threoir agus ar chúinsí COVID-19.
Tá an clár vacsaínithe á chur i bhfeidhm go rathúil ar bhonn céimneach, agus dá bhrí sin táthar ag súil go mbeidh filleadh iomlán ar ghníomhaíocht ar an láthair indéanta.
Ciallóidh sé sin gur féidir léachtaí níos mó a chur ar siúl laistigh de theorainneacha atá nasctha le méid nó toilleadh hallaí léachta an-mhóra a laghdú agus le hathruithe ar an amchlár chun líon na ndaoine ar an láthair a laghdú ag am áirithe amháin ar bith. Is iad na hinstitiúidí agus na soláthraithe a shocróidh conas é sin a dhéanamh ar an mbealach is fearr ina gcomhthéacs féin.
Beidh na nithe a leanas ar siúl ar an láthair ó Mheán Fómhair i leith:
Freastalóidh institiúidí agus soláthraithe ar riachtanas na mball foirne agus na mac léinn ar bhonn aonair atá fós i mbaol ionfhabhtaithe, ar aon dul le comhairle sláinte poiblí.
Rinneadh roinnt míonna oibre roimh fhoilsiú an phlean seo agus í déanta i gcomhpháirtíocht ag an roinn, ag institiúidí, ag ionadaithe na mac léinn agus ag ionadaithe na foirne.
Áirítear leo sin gealltanais agus gníomhaíochtaí ar leith a bhaineann leis na nithe a leanas:
Meitheamh | Iúil agus Lúnasa | Meán Fómhair |
Filleadh Sábhailte arna fhoilsiú | Monatóireacht leanúnach ag an nGrúpa Stiúrtha | Filleadh sábháilte ar ghníomhaíocht ar an láthair |
Leanfaidh institiúidí agus soláthraithe le pleanáil, agus pleanáil teagmhais san áireamh | Forbróidh institiúidí agus soláthraithe pleananna um thinreamh uasta nó aistreoidh siad go pleananna teagmhais más gá | |
Tosóidh soláthar don samhradh |
Oibreofar an creat nua in éineacht leis na nithe a leanas óna mbeidh tacaíocht ar fáil dó:
Agus aitheantas á thabhairt don deacracht a bhaineann le dul ar mhalairt slí i lár an chláir nó an tseimeastair, tríd an mbonnlíne choiteann seo a úsáid, is féidir le hinstitiúidí agus le soláthraithe leanúint le hathruithe a dhéanamh ar feadh na bliana, agus athruithe á ndéanamh atá oiriúnach ar an mbonn is fearr dá gcomhthéacs féin agus do riachtanais na foirne, na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí dá gcuid.
Is féidir le hinstitiúidí agus soláthraithe leanúint lena ndiscréid féin a úsáid agus cinneadh á dhéanamh idir gníomhaíochtaí ar an láthair nó gníomhaíochtaí cianda maidir le sceidealú na ngníomhaíochtaí ar leith, agus gealltanas á thabhairt don phrionsabal ag an am céanna gur cheart go mbeadh an méid gníomhaíochta agus is féidir ar siúl ar an láthair.
Cé go bhfuil an clár vacsaínithe náisiúnta ag dul ar aghaidh go maith, agus go bhfuil pleanáil le haghaidh athoscailte á déanamh ar an mbonn sin, tá sé fós riachtanach an phaindéim atá ar siúl a choinneáil i gcuimhne agus a bheith ullamh maidir le ráigeanna féideartha ar bith COVID-19.
Áireofar leis an ullmhúchán sin:
D’fhéadfadh mearthástáil antaiginí a bheith ina gné den chóras sin go hionchasach. Má dhéantar é sin a chruthú trí thástáil phíolótach agus trí indéantacht, d’fhéadfadh tairbhí na mearthástála gné bhreise a sholáthar don straitéis rialaithe atá leagtha amach sa treoir náisiúnta. Mar thoradh ar an bPrótacal um Shábháilteacht ag an Obair a foilsíodh le déanaí agus ar staidéir indéantachta atá ar siúl, tosóidh an earnáil le hullmhúchán a dhéanamh do scéim de thástáil antaiginí trí ghrúpaí oibre a chruthú.
Agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le cumarsáid thráthúil le mic léinn, le foghlaimeoirí agus leis an bhfoireann, agus leis na teaghlaigh dá gcuid, cuirfear pleananna, treoir agus beartais in iúl dóibh chomh fada roimh ré agus is féidir, agus aitheantas á thabhairt don fhíric go mbíonn comhairle sláinte poiblí faoi réir ag athruithe agus go mbeidh neamhchinnteacht de chineál éigin ann i gcónaí.