Bíonn tionchar ag strus ar gach duine ar bhealach difriúil. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an tionchar céanna ag an rud a chuireann barraíocht struis ar dhuine amháin ar dhuine eile. Freagraíonn corp an duine le himeachtaí a spreagann strus trí ghníomhachtú an néarchóras agus hormóin áirithe.
Cuireann na hormóin seo dlús le ráta croí, ráta análaithe, brú fola agus meitibileacht. Ullmhaíonn na hathruithe fisiceacha tú chun freagairt go tapa chun brú na huaire a láimhseáil. Tugtar an freagra ar an strus ar an imoibriú nádúrtha seo. Feabhsaíonn an freagra seo do chumas feidhmiú go maith faoi bhrú.
Is féidir le strus a bheith ina fhadhb nuair a thosaíonn sé ag cur isteach ar an gcaoi a ndéileálann tú le dúshláin laethúla.
Tá go leor cúiseanna eile ann a d’fhéadfadh mothúcháin struis a bheith ar dhuine agus d’fhéadfadh siad seo a bheith difriúil do chách.
Is féidir le tionchar tromchúiseach a bheith ag strus ar ár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach agus is féidir leis cur isteach ar an gcaoi a smaoinímid agus a n-iompairimid.
Seo thíos samplaí de chuid d’éifeachtaí an struis ar féidir linn a bheith thíos leo.
De ghnáth ní féidir an strus a bhaint go hiomlán de do shaol, ach is cinnte gur féidir é a bhainistiú agus ligeann sé duit dul ar aghaidh le rudaí.
Seo roinnt smaointe maidir le strus a bhainistiú chun tú a thriail:
Tá roinnt leideanna iontacha ag SpunOut maidir le déileáil le strus a bhaineann leis an obair agus le strus a bhaineann le scrúduithe
Tá eolas iontach ar shuíomh Gréasáin FSS maidir le conas déileáil le strus.
Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise faoi do mheáchan a bhainistiú ag gov.ie/healthyireland