An Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO 2022): Freagraí ar do cheisteanna
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beifear in ann iarratais a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO 2022) ar https://ntess.tacgsm.gov.ie ó 1 pm an 21 Meitheamh 2022 go dtí 1pm Dé hAoine an 22 Iúil 2022 nó go dtí go mbeidh an ciste caite, cibé acu a tharlaíonn ar dtús.
Tabhair ar aird nach gceadaítear ach Iarratas Amháin in aghaidh an Iarratasóra faoin scéim seo.
- Gnóthaí Cláraithe atá lonnaithe sa Stát agus a bhfuil áitreabh fisiciúil/áitribh fhisiciúla acu óna dtrádálann siad.
- Ní mór don ghnó/ionad a bheith lonnaithe sa Stát don scéim seo agus ní mór na himeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir a reáchtáil sa Stát.
- Glacfar le hiarratais ó chomhghrúpa ionad ach ní mór d’iarratasóir amháin an t-iarratas agus tarraingt anuas an mhaoinithe a ghlacadh chuige féin.
- Ní mór na coinníollacha ar fad maidir le cúrsaí cánach a bheith á sásamh ag an nGnó.
- Ní mór don Iarratasóir a ghabháil air féin ar a laghad ceithre imeacht/ghníomhaíocht chultúir a thástáil. Glacfar le hiarratais ar níos mó ná ceithre imeacht, ach tabhair ar aird gurb ionann an deontas is mó atá ar fáil agus €10,000 in aghaidh an iarratais.
- Ní mór don Iarratasóir cur síos soiléir ar na gníomhaíochtaí cultúir atá beartaithe a chur san áireamh agus an t-amlíne a leagan amach do gach imeacht cultúir atá beartaithe.
- Ní mór gach imeacht cultúir a reáchtáil roimh Mhí Dheireadh Fómhair 2022. Glacfar le hiarratais ar imeachtaí a bheidh ar siúl i mí na Samhna 2022 áfach, má tá an t-imeacht a bheidh ar siúl á reáchtáil mar chuid den imeacht ‘Beo sa Chathair’ i mBaile Átha Cliath de chuid Fáilte Éireann mar chuid den chlár ‘An Geimhreadh i mBaile Átha Cliath.
Ní mór do na himeachtaí gné chultúir a bheith i gceist leo agus ní mór rannpháirtíocht nó taibhiú a bheith i gceist leo. Chun críoch na scéime seo, is éard atá i gceist le gníomhaíocht chultúir na cineálacha imeachtaí nó gníomhaíochtaí mar seo a leanas (ach gan a bheith teoranta dóibh):
- Ceol beo, lena n-áirítear ceol leictreonach, taibhiú
- Oícheanta grinn
- Damhsa a mbíonn taibhiú i gceist leis nó imeacht damhsa rannpháirteach,
- Oícheanta litríochta nó filíochta,
- Léiriúcháin amharclannaíochta nó drámaí
- Imeachtaí Ceardaíochta
- Taispeántais ealaíne/grianghrafadóireachta
Ní mór don Iarratasóir cur síos soiléir ar na gníomhaíochtaí cultúir atá beartaithe a chur san áireamh agus an t-amlíne a leagan amach do gach imeacht cultúir atá beartaithe. Níl na himeachtaí cultúir atá beartaithe san iarratas teoranta do chineál amháin imeachta. I bhfocail eile, is féidir a áireamh sna hiarratais, mar shampla, imeacht ceoil a bheidh ar siúl ar dháta amháin agus oíche grinn a bheidh ar siúl ar dháta eile. Ní mór gach imeacht cultúir a reáchtáil roimh Mhí Dheireadh Fómhair 2022.
• Iarratasóirí nach sásaíonn na himeachtaí atá beartaithe acu na critéir incháilitheachta. Tabhair ar aird nach mbeidh na himeachtaí seo a leanas incháilithe faoin scéim:
o Imeachtaí ar trí chuireadh amháin a bheidh siad. Ní mór don phobal trí chéile agus/nó do chuairteoirí a thagann chuig an gceantar a bheith in ann freastal ar na himeachtaí.
o Aonaigh trádála, comhdhálacha, seimineáir, lena n-áirítear cainteanna a bhfuil gné chultúir nó oidhreachta i gceist leo. Tabhair ar aird: tá líon mór sruthanna maoinithe do chainteanna cultúir/oidhreachta i bhfeidhm cheana, déan teagmháil le NTESS@tcagsm.gov.ie más mian leat tuilleadh eolais a fháil.
o Imeachtaí spóirt lena n-áirítear oícheanta ag na rásaí.
o Oícheanta Casaíne nó oícheanta Biongó.
• Coláistí Tríú leibhéal, ETBanna, nó scoileanna.
• Deontaithe atá ann cheana a fhaigheann maoiniú ó scéimeanna na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) nach gcomhlíonann Comhaontaithe Leibhéal Seirbhíse arna n-eisiúint agus na nósanna imeachta íostarraingthe.
Oibreoidh an scéim seo agus ciste teoranta €2.6 million aici. Ní hionann incháilitheacht agus deontas a thairiscint. Breithneofar iarratais go dian in ord de réir an dáta agus an ama a fhaigheann an Roinn iad agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta ceadaithe, mar a leagtar amach sna treoirlínte.
- Cuirfear ríomhphost chugat, ina dtabharfar comhairle duit maidir le toradh d’iarratais. Tabhair ar aird go ndéanfar íocaíochtaí deontais bunaithe ar na sonraisc íoctha a chuirtear ar aghaidh (bonn dliteanas aibithe) agus ní dhéanfar íocaíochtaí ach do na himeachtaí beartaithe a cuireadh ar aghaidh ar an iarratas bunaidh.
Cuirfear 75% den mhaoiniú atá de dhíth ar fáil leis an Scéim seo, agus beidh ar iarratasóirí an 25% de atá fanta a chur ar fáil.
Íocfar an deontas isteach i gcuntas bainc an ghnó trí Ríomhaistriú Airgid (EFT), agus úsáid á baint as na sonraí a cuireadh ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais.
Fáilteofar roimh iarratais faoi dhá Shruth ar leith:
Sruth A: Áitribh Cheadúnaithe –tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a oibríonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mian leo sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir a thástáil (ceithre imeacht ar a laghad) i rith uaireanta seachbhuaice ón Luan go dtí an Déardaoin (gan deiridh seachtaine san áireamh) ó 6pm ar aghaidh.
Sruth B: Áitribh Neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh sé go mbeadh a n-áitribh in ionad miondíola, beáir atá saor ó alcól, gailearaithe áitiúla agus aon áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mian leo sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúir a thástáil (ceithre imeacht ar a laghad) níos déanaí sa tráthnóna nó sa oíche ó 6pm ar aghaidh, agus an gealltanas ann iad a bheith oscailte go dtí ar a laghad 9pm sa tráthnóna, ón Luan go dtí an Domhnach.
• Conarthaí do sheirbhísí don Ealaíontóir/ don Taibheoir/ don Cheoltóir a fhostaíonn an t-ionad.
• Seirbhísí ó Thionscail na Cruthaitheachta (lena n-áirítear seirbhísí Dearthóirí Seit/Feistis)
• Costais a bhaineann le feistis do léirithe amharclannaíochta
• Costais a bhaineann le Fógraíocht, le PR, le ticéid i ndáil leis an imeacht cultúir ar leith
• Trealamh speisialta a fháil ar cíos a bheidh ag teastáil go sonrach don imeacht cultúir
• Costais a bhaineann le Sláinte agus le Sábháilteacht agus le Slándáil
• Costais Árachais an Imeachta
• Costais Mhaoine Intleachtúla
Tabhair ar aird: Is coinníoll maoinithe é go n-íocfar gach Ealaíontóir agus gach Taibheoir.
Is samplaí iad seo a leanas den chaiteachas nach bhfuil incháilithe do mhaoiniú a fháil ach ní liosta cuimsitheach é seo:
• Trealamh a cheannach
• Uirlisí Ceoil a cheannach
• Rátaí an Údaráis Áitiúil
• Conarthaí Fostaíochta nach mbaineann leis an léiriúchán i.e. Costais bhreise foirne nuair a bhíonn ionaid ar oscailt níos déanaí sa tráthnóna
• Táillí Dlí agus Cuntasaíochta
• Costais Bhliantúla Árachais (seachas árachas in aghaidh an imeachta)
Breithneofar aon ghnó incháilithe a mbíonn láimhdeachas bliantúil níos lú ná €191,000 acu, áirítear leis sin áitribh cheadúnaithe a thagann faoi ‘Banda Ceadúnais A’. Tabhair ar aird, má táthar ag déanamh iarratas ar réamh-mhaoiniú, go dtabharfaidh an Roinn réamh-mhaoiniú 75% den mhaoiniú a dheonaítear agus íocfar an 25% deiridh de nuair a chuirfear sonraisc agus fáltais ar aghaidh, ar cheart ráitis Bainc/doiciméid eile tacaíochta iad a chruthú freisin agus ar cuireadh ar aghaidh iad i gcomhréir leis na treoirlínte seo. Is é an tsuim uasta a dtabharfar réamh-mhaoiniú lena aghaidh €7,500 in aghaidh an iarratais.
Mar a leagtar amach sa Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO 2022), oibríonn an scéim bunaithe ar na sonraisc íoctha a chuirtear ar aghaidh. Ní mór do ghnóthaí gach cruthúnas agus gach doiciméad a choinneáil a thacaíonn leis an mbonn chun éileamh a dhéanamh faoin scéim seo mar d’fhéadfadh sé go n-éileodh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán air faoi sheiceálacha incháilitheachta a dhéanfar amach anseo.
Socróidh an Roinn go ndéanfar spotseiceálacha chun a chinntiú go gcomhlíontar na critéir incháilithe agus chun críocha iniúchóireachta
Léigh Treoirlínte na Scéime Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO 2022) sula dtosaíonn tú ar d’iarratas a dhéanamh. Déanfar an fhoirm iarratais don scéim seo a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag 1pm an 21 Meitheamh 2022.
Cliceáil ar an gcnaipe “Tosaigh Iarratas Nua” agus comhlánaigh an fhoirm. Nuair a chuirfidh an t-iarratasóir an t-iarratas ar aghaidh, beidh sé ag deimhniú go gcomhlíonann an t-iarratas atá á dhéanamh na critéir a leagtar amach sna Treoirlínte don Scéim.
Chun go mbeimis in ann do stádas imréitigh cánach a sheiceáil ní mór duit Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN) a chur ar fáil in éineacht le d’Aitheantas Cánach (arna iarraidh i réimse roimhe seo). Tugtar do TCAN duit nuair a éiríonn le d’iarratas ar Cháin Imréitigh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór don Roinn a bheith in ann stádas imréitigh gach iarratasóra a n-éiríonn leis a fhíorú chun íocaíocht a dhéanamh leis. Ní hionann do TCAN agus an uimhir atá ar d’Aitheantas Cánach.
Féadfar sonraí maidir le deontais ar leith a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne lena n-áirítear, ainm an deontaí, an contae ina bhfuil an tairbhí lonnaithe agus suim an deontais.
Is é 1pm Dé hAoine an 22 Iúil 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. D’fhéadfadh sé go ndúnfaí an scéim níos luaithe ná sin má bhíonn an maoiniú caite.
Oibreoidh an scéim seo agus ciste teoranta €2.6 million aici. Breithneofar iarratais go dian in ord de réir an dáta agus an ama a fhaigheann an roinn iad.
Ní éilítear ar iarratasóirí aon doiciméid a uaslódáil ach amháin má tá siad ag déanamh iarratas ar réamh-mhaoiniú. Mar sin féin, féadfaidh Iarratasóirí an áis chun doiciméid a uaslódáil a úsáid chun tuilleadh eolais a thabhairt maidir leis na himeachtaí atá beartaithe, amhail pleananna margaíochta nó cuir síos mionsonraithe ar na cineálacha imeachtaí atá beartaithe.
Má táthar ag déanamh iarratas ar réamh-mhaoiniú, éileofar ar Iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:
• Na cuntais iniúchta is déanaí/na cuntais atá ullmhaithe ag cuntasóir.
• Teastas ó Iniúchóir/Litir atá sínithe ag Cuntasóir
TÁBHACHTACH - Ní mór na sonraí seo a leanas a dheimhniú go soiléir i dTeastas ó Iniúchóir/ i Litir atá sínithe ag Cuntasóir;
An Sruth lena mbaineann an t-iarratas i.e. Sruth A, Sruth B
b) Deimhniú nach raibh an láimhdeachas atá ar leith ó CBL don ghnó níos mo ná €191,000
Ní mór na sonraí uile thuas a lua sa Teastas ón Iniúchóir/Litir ón gCuntasóir atá uaslódáilte agat chun d’iarratas a bhreithniú.
• Ní mór d’iarratasóirí cruthúnas a thabhairt sula bhfaighfear réamhíocaíocht, a léiríonn briseadh síos na gcostas lena n-áirítear luachana foirmiúla do chostais incháilithe faoin Scéim seo.
Ní féidir iarratais a bhreithniú ach amháin má tá na doiciméid thuas comhlánaithe ina n-iomláine agus má tá siad uaslódáilte agat.
Ní mór síniú clóscríofa a chur ar fáil san áit chuí ar leathanach deireanach na foirme iarratais.
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas.
Ní mór don Iarratasóir ríomhphost a bheith faighte aige ina bhfuil cinneadh atá déanta ag foireann an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh. Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh.
Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirfear ar aghaidh i ndiaidh an dáta sin.
Féach tuilleadh eolais maidir le próiseas achomhairc na Scéime Tacaíochta um an Geilleagar Oíche 2022 (STGO 2022)
Féach tuilleadh eolais maidir le The Night Time Economy Support Scheme (NTESS) 2022 Guidelines
Is féidir gach iarratas a chur ar ríomhphost chuig NTESS@tcagsm.gov.ie
Má tá uimhir iarratais agat, ná déan dearmad tagairt a dhéanamh di i ngach comhfhreagras a dhéanann tú.
Tabhair ar aird freisin go bhféadfaí go ndéanfaí an doiciméad seo a nuashonrú ó am go ham