Réidh le Súgradh
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá méid dochreidte smaointe súgartha agus foghlama ginte agus roinnte ar na meáin shóisialta i láthair na huaire. D’fhéadfadh sé seo a bheith thar cionn chun smaointe a thabhairt ach féadann sé freisin go mbraitheann tuismitheoirí go bhfuil siad róbhuartha agus amhail is nach bhfuil go leor á dhéanamh acu. Is féidir leis a bhrath freisin go gcaithfidh soláthar gan deireadh ábhar agus acmhainní a bheith ag tuismitheoirí le súgradh leo. Is é an rud is mó ná spás a dhéanamh le haghaidh súgartha gach lá.
Tá a fhios againn gur eispéireas é an súgradh a fheabhsaíonn an saol. Tógann an súgradh cumas leanaí a bheith rathúil in ainneoin struis agus aimhleasa ina saol. Is féidir le “díreach ag súgradh” cuidiú le leanaí bheith níos acmhainní.
Tógann an súgradh sláinte agus folláine - cuidíonn a bheith gníomhach trí shúgradh le leanaí go fisiciúil agus go mothúchánach, ag cur lena sláinte agus lena sonas.
Tacaíonn an súgradh le forbairt inchinne agus raon scileanna foghlama.
Tógann súgradh acmhainneacht - treisíonn an súgradh muinín, cruthaitheacht, scileanna réitigh fadhbanna agus buanseasmhacht leanaí, rud a chuireann ar a gcumas déileáil le strus agus dúshláin i rith an tsaoil.
De réir mar a fhásann siad agus a fhorbraíonn siad, tugann an súgradh an deis do leanaí raon scileanna fisiciúla, mothúchánacha agus sóisialta a fhorbairt, ag cabhrú leo ciall a bhaint as an domhan ina bhfuil siad.
Tógann súgradh comhdhíriú - rud a thugann an t-am agus an tsaoirse do leanaí súgradh go saor, na gníomhaíochtaí a roghnaíonn siad a chríochnú ina gcuid ama féin agus chun a sástachta féin, agus cuireann sé forbairt an chomhdhírithe agus na hairde chun cinn.
Tacaíonn an súgradh le forbairt teanga - léiríonn an fhianaise tábhacht an tsúgartha i bhforbairt scileanna teanga, réiteach fadhbanna, peirspictíocht a fháil, scileanna ionadaíochta, cuimhne agus cruthaitheacht. Foghlaimíonn leanaí le rudaí a fheiceáil ar bhealaí éagsúla agus ó dhearcadh daoine eile, scileanna ionadaíochta agus súgradh samhlaíoch nuair a dhéantar scuab ghruaige de spúnóg, cuimhne agus cruthaitheacht.
Tugann súgradh leis na healaíona agus le ceardaíocht an deis do leanaí matáin na méar agus na lámh a fhorbairt agus na scileanna mínluaileacha atá riachtanach le haghaidh lámhscríbhneoireachta.
Tá go leor bealaí ann chun cluichí a oiriúnú agus mar sin ní fhágtar aon duine amach, agus is minic a bhíonn páistí an-mhaith ar a réitigh féin a fháil air seo. Cé go bhfuil sé tábhachtach nach mbraitheann aon duine go bhfuil siad fágtha amach an t-am ar fad, ní gá do leanaí súgradh le chéile an t-am ar fad ach bíonn sé deacair é sin a bhainistiú. Maidir le leanaí níos sine, tá sé tábhachtach roinnt ama a bheith ag gach duine a rud féin a dhéanamh, agus níor cheart go mbraithfeadh daoine fásta gur gá smaointe a chur ar bun chun siamsa a dhéanamh do leanaí nó iad a choinneáil gnóthach an t-am ar fad. Déan “pota smaointe” agus lig do leanaí smaoineamh ar a gcuid gníomhaíochtaí féin.
Fiú mura féidir leat dul amach móran i láthair na huaire, tá sé tábhachtach go rachadh leanaí lasmuigh ar feadh tamaill gach lá. Tá go leor buntáistí ann, fiú mura mbíonn ann ach tréimhse ghearr. Nuair a théann tú lasmuigh, cuimhnigh ar an treoir reatha maidir le scaradh sóisialta agus nigh do lámha nuair a thagann tú isteach.
Is féidir le mothúcháin dhiúltacha amhail fearg agus strus a laghdú trí bheith amuigh sa dúlra. Má bhíonn tú taobh amuigh braitheann tú níos fearr agus ag an am céanna cuireann sé le d’fholláine choirp, ag laghdú brú fola, ráta croí, teannas sna matáin agus táirgeadh hormóin struis. Mar sin, tá sé go maith do thuismitheoirí atá faoi strus chomh maith leis na páistí!
Teastaíonn teagmháil leis an domhan nádúrtha ó leanaí chun tacú lena sláinte agus lena bhforbairt agus chun acmhainneacht a thógáil - fiú mura bhfuil ann ach tréimhse ghearr go laethúil. Bíonn sé deacair uaireanta an chuma a chur air seo go bhfuil sé taitneamhach do leanaí nuair a bhíonn siad cleachta le bheith sa teach.
Faigh beagán níos mó dúlra i do lá - roinnt leideanna laethúla maidir le súgradh lasmuigh:
Teastaíonn go leor deiseanna ó leanaí le haghaidh rudaí a athdhéanamh agus mar sin ná bíodh eagla ort gníomhaíochtaí a dhéanamh níos mó ná uair amháin!