Ráiteas Stráitéise 2024-2025
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Le Chéile 25 an Ráiteas Straitéise don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Legann sé amach an fhís, an misean agus na spriocanna straitéiseacha d'ár Roinn thar na dhá bhliain amach romhainn, 2024-2025.
An fhís atá againn ná d'Éire atá neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha go digiteach.
An misean atá againn ná beartais agus cláir a sheachadadh i gcomhar le chéile chun cumhacht a thabhairt do dhaoine, do phobail agus do ghnólachtaí leanúint leis an aistriú chuig caighdeán maireachtála níos fearr do ghlúnta na linne seo agus do ghlúnta na todhchaí.
Is iad na sé Sprioc Straitéiseacha atá againn ná:
1. A bheith mar cheannaire aitheanta maidir le gníomhú ar son na haeráide
2. Ár gcóras fuinnimh a athrú chun todhchaí glan-astaíochtaí nialais a bhaint amach
3. Ár dtimpeallacht nádúrtha a athshlánú, a chosaint agus a fheabhsú
4. Nascacht agus cumarsáid den scoth a sholáthar;
5. Cosaint agus athléimneacht fheabhsaithe cibearshlándála a sholáthar ar fud an Rialtais agus na Sochaí, agus
6. Ár ndaoine, ár gcultúr agus ár n-eagraíocht a fhorbairt