Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir leis na hEalaíona/Cultúr
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi Rialacháin Acht Sláinte 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19) (Uimhir 8) 2020, tugtar éifeacht do shrianta leibhéal 5 atá leagtha amach i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19. Faoi na rialacháin seo, meastar gur seirbhís riachtanach í an ghníomhaíocht seo a leanas:
cláracha teilifíse agus raidió, ábhar físeáin, fuaime, digiteach nó leictreonach eile a léiriú agus sin a chraoladh nó a fhoilsiú don phobal nó do sciar den phobal:
Faoin Acht Craolacháin 2009, sainmhínítear craoladh mar an tarchuradóireacht, leaschraoladh nó dáileadh trí líonra cumarsáide leictreonaí.
Maidir le haon ghníomhaíocht faoi cheachtar de na forálacha seo, níor cheart leanúint léi ach amháin sa chás go gcloítear go docht leis na prótacail Filleadh ar an Obair go Sábháilte atá foilsithe ag an Rialtas. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na láthair oibre seo ina dtimpeallachtaí rialaithe a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir agus bearta cosanta iomlán i bhfeidhm iontu.
Faoi Rialacháin Acht Sláinte 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19) (Uimhir 8) 2020, tugtar éifeacht do shrianta leibhéal 5 atá leagtha amach i bPlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19. Faoi na rialacháin seo, ceadaítear an ghníomhaíocht seo a leanas:
Alt 12(3)(a) scannánaíocht, nó taifeadadh eile ar léirithe ar siúl in amharclann, ceoláras, músaem nó gailearaí ealaíne, gan lucht aon lucht féachana a bheith ann chun críocha na léirithe mar seo a chraoladh ar an idirlíon, raidió nó teilifís.
Faoin Acht Craolacháin 2009, sainmhínítear craoladh mar an tarchuradóireacht, leaschraoladh nó dáileadh trí líonra cumarsáide leictreonaí.
Maidir le haon ghníomhaíocht faoi cheachtar de na forálacha seo, níor cheart leanúint léi ach amháin sa chás go gcloítear go docht leis na prótacail Filleadh ar an Obair go Sábháilte atá foilsithe ag an Rialtas. Dá bhrí sin, ba cheart gur timpeallachtaí rialaithe a bheadh sna láithreacha oibre seo a bhfuil eagraí, úinéir nó bainisteoir imeachta ainmnithe ina bhfeighil agus bearta cosanta iomlána i bhfeidhm iontu.
Is féidir teacht ar Threoirlínte Theatre Forum maidir le hionaid ealaíon a oscailt arís anseo: https://www.theatreforum.ie/forum-notice/reopening-arts-centres-guidelines/
Ní dhéantar foráil do ranganna Príobháideacha/Tráchtála faoi Leibhéal 5 an Rialtais Seasmhacht agus Téarnamh 2020-2021: Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19, ach amháin sa chás go bhfuil na ranganna sin faoi réim an tsainmhínithe ar "Obair Ógra" dá bhforáiltear faoi Alt 3 den Acht um Obair Ógra, 2001.
Tá treoir foilsithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (D/LCMLO) chun tacú le hearnáil na hoibre don ógra atá maoinithe. Leis an treoir seo, tugtar aitheantas don tábhacht a bhaineann le hearnáil na hoibre don ógra maidir le seirbhísí a chothabháil le linn thréimhse na paindéime ar bhealach an-chosúil leis na hearnálacha oideachais agus cúraim leanaí.
Aithnítear go bhféadfadh drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus gnéithe ealaíon/cultúir eile a bheith san áireamh i roinnt cláir oibre don ógra. Ba chóir a thabhairt ar aird ina dhiaidh sin féin, go bhfuil an treoir seo forbartha ag an earnáil oibre don ógra atá maoinithe agus don earnáil sin agus ní d'oibritheoirí tráchtála/príobháideacha. Sainmhínítear earnálacha Obair don Ógra atá maoinithe faoi Alt 3 den Acht um Obair Ógra, 2001 mar seo a leanas:
“ San Acht seo is éard is brí le “hobair don ógra” clár pleanáilte d'oideachas deartha d'fhonn forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga a chothú agus a fheabhsú trí pháirt a ghlacadh go deonach, agus a chuireann
(a) leis an oideachas agus oiliúint acadúil fhoirmiúil nó ghairme, agus;
(b) a chuireann eagraíochtaí deonacha oibre don ógra den chuid is mó ar fáil.
Ba chóir d'eagraíochtaí a chinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais an tsainmhínithe seo maidir le bheith ina heagraíocht deonach oibre don ógra sula gcuireann siad an treoir (D/LCMLO) seo i bhfeidhm. Is féidir an treoir sin a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/58393-guidance-for-youth-organisations-on-resuming-full-services-after-covid-19/ https://www.gov.ie/en/publication/58393-guidance-for-youth-organisations-on-resuming-full-services-after-covid-19/
Cuirtear liosta de na siopaí miondíolacháin agus seirbhísí bunriachtanacha a fhéadfaidh a fanacht i mbun oibre faoi shrianta leibhéal cúig ar fáil sna Rialacháin Acht Sláinte 1947 (Alt 31A -Srianta Sealadacha) (Covid-19) (Uimhir 8) 2020, rialacháin a thugann éifeacht do shrianta leibhéal 5 faoin bplean. Níl ranganna príobháideacha ná tráchtála ceoil, drámaíochta ná damhsa san áireamh ar an liosta seo.
Meastar áfach gur seirbhís bunriachtanach é oideachas faoi na rialacháin. Faoi Chuid 2 den sceideal a théann leis na rialacháin, áirítear mar oideachas bunriachtanach bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, chomh maith le hardoideachas agus breisoideachas sa chás nach féidir foghlaim ó chian a dhéanamh. Sa chás is go measann soláthraí seirbhíse go dtiteann siad faoin gcatagóir oideachas bunriachtanach e.g. mar chuid den churaclam náisiúnta nó mar chuid de chúrsa staidéir sainiúil atá maoinithe ag an stát, ba chóir dóibh tagairt a dhéanamh do threoir na Roinne Oideachais maidir le seirbhísí oideachais a reáchtáil faoi shrianta leibhéal 5.
Chun tuilleadh eolais maidir leis na treoracha do na hearnálacha Turasóireachta, Ealaíon agus Cultúir, agus Spóirt a aimsiú lean an nasc seo