Ceapachán Cathaoirligh chun Bhord Amharclann na Mainistreach
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iarrthóir amháin atá cáilithe go hoiriúnach a cheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord Amharclann na Mainistreach.
Iarrtar léirithe spéise ó iarrthóirí a cheapann go bhfuil an taithí seo a leanas acu.
• An cumas agus an taithí chun tacú leis na Comhstiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Ealaíonta agus fís fhadtéarmach á forbairt don amharclann agus chun monatóireacht a dhéanamh agus treoir a thabhairt i leith ord tosaíochta na gcuspóirí straitéiseacha chun an fhís seo a bhaint amach.
• An cumas gníomhú go neamhspleách agus teacht ar thuairim faoi cheisteanna tábhachtacha, agus a bheith réidh le foinsí seachtracha a úsáid chun eolas ar a mbeidh sé/sí ag brath a dheimhniú agus é/í ag teacht ar thuairim faoi cheist áirithe
• Eolas agus taithí ar a bheith ag obair faoi cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na cóid rialachais atá i bhfeidhm in Éirinn, cosúil leis an Chód Rialachais do Charthanais, an Cód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit, agus/nó cóid rialachais chorparáidigh eile
• An cumas chun an bhainistíocht a mheasúnú agus a choinneáil cuntasach i leith feidhmíochta – ní amháin feidhmíocht airgeadais ach feidhmíocht maidir le cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach freisin.
• Eitic agus ionracas láidir agus tuiscint mhaith ar cad a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa nó a d’fhéadfadh go mbreathnófaí air mar choinbhleacht leasa
• An cumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, obair a dhéanamh i bhfoireann agus a bheith mar urlabhraí do threoir straitéiseach, fís agus misean Amharclann na Mainistreach.
Riachtanach
• Taithí ar a bheith ina c(h)omhalta boird agus, go hidéalach, taithí ar a bheith ina c(h)athaoirleach ar bhord
• Taithí ar bhord a bhraitheann ar thiomsú airgid chun a mhisean, a spriocanna agus a chuspóirí a bhaint amach
• Suim láidir san amharclannaíocht agus eolas ar an timpeallacht agus an earnáil ina bhfeidhmíonn Amharclann na Mainistreach
• An inniúlacht chun an méid mór ama atá de dhíth don ról seo a chaitheamh air
• Eolas ar rialachas corparáideach agus comhlíontacht – lena n-áirítear réidhe chun coinneáil suas chun dáta ar pholasaí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon a bhaineann le hinstitiúidí cúltúir.
Inmhianaithe
• Feasacht ar thionchar an athraithe aeráide agus an gá atá le hinbhuanaitheacht sna healaíona
• Taithí i leith caidrimh le geallsealbhóirí a chothú
• An cumas sonraí airgeadais ar ard-leibhéal a thuiscint, chomh maith le buiséid agus dea-chleachtas bainistíochta airgeadais
• Taithí ar a bheith ag déileáil le mórthionscadail infheistíochta caipitil
• Tuiscint ar cad is dea-chleachtas ann d’earnáil na hamharclannaíochta maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas san áit oibre, cosaint sonraí, cosaint acmhainní, comhlíontacht le reachtaíocht, comhlíontacht le ceanglais chánach srl.
• Ballraíocht i bhforas gairmiúil ábhartha
Léiriú Spéise a Chur Isteach
Ba cheart d’iarratas a dhéanamh trí ríomhphost chuig artsunit@tcagsm.gov.ie in éineacht le do Curriculum Vitae agus Litir Chumhdaigh (le do sheoladh poist, ríomhphost, agus uimhir ghutháin san áireamh) ina dtugtar léargas, agus tagairt á déanamh do na critéir thuas, ar an tsaineolas ar leith atá agat a bhaineann le ról Chathaoirleach an Bhoird.
Dáta deiridh:
Dé hAoine 5ú Iúil