Athbhreithniú ar leabhair agus taifid chuntais de chuid RTÉ (Mazars)
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag an Chruinniú Rialtais ar an 4 Iúil, chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, in iúl dá comhghleacaithe Rialtais go raibh sé ar intinn aici Alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009 a ghairm chun duine a cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar leabhair nó taifid chuntais eile de chuid RTÉ.
I ndiaidh Chinneadh an Rialtais, ar an 12 Iúil, cheap an tAire Mazars faoi Alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009 chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntas babhtála RTÉ agus aon chuntas de chuid RTÉ nach bhfuil ar an chlár comhardaithe a aithint.
Ar an 25 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an tAire tuarascáil eatramhach a chuir Mazars ar fáil, faoi fheidhmiú an chuntais babhtála, ina leagtar amach léargas fíriciúil ar chleachtais chuntasaíochta, próisis airgeadais, agus taifid ghaolmhara maidir le bainistíocht RTÉ ar an chuntas babhtála.
Ar an 4 Deireadh Fómhair 2023, d’fhógair an tAire, mar thoradh ar iarratas ón tSainchoiste Chomhairleach um Rialachas agus Cultúr in RTÉ, gur cheadaigh sí leathnú ar na téarmaí tagartha san iniúchadh ar na leabhair agus na taifid chuntais eile a raibh Mazars ag tabhairt faoi.
Ar an 7 Bealtaine, d’fhoilsigh an tAire an tuarascáil deiridh arna soláthar ag Mazars.
Is féidir an tuarascail a fháil anseo
Beidh leagan Gaeilge den tuarascáil ar fáil go luath.
De bhun alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009 (mar a leasaíodh), ón 12 Iúil ar aghaidh, tá Mazars ceaptha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun iniúchadh a dhéanamh ar leabhair agus taifid chuntais eile de chuid RTÉ. Faoi alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009, ceanglaítear ar RTÉ, ar an Ard-Stiúrthóir agus ar ball foirne ábhartha ar bith eile a leithéid d’iniúchadh ó Mazars a éascú.
Is iad seo a leanas téarmaí tagartha an iniúchta:
(a) chun gach cuntas nach bhfuil ar an chlár comhardaithe atá ag RTÉ faoi láthair, nó a raibh acu i rith an tréimhse 2019-2022, a aithint;
(b) chun aon idirbheart a rinneadh tríd an chuntas babhtála a aithint agus iniúchadh a dhéanamh air, chomh maith le haon idirbheart a rinneadh trí chuntas ar bith eile nach raibh ar an chlár comhardaithe a d’aithin Mazars don tréimhse idir 2019 agus 2022;
(c) chun a aithint an ndearnadh idirbhearta a rinneadh tríd an chuntas babhtála, nó aon chuntas eile nach bhfuil ar an chlár chomhordaithe a aimsíodh sa tréimhse faoi iniúchadh, a aithint agus a thaifead i gceart i ráitis airgeadais iniúchta RTÉ a tugadh don Aire faoi alt 109(4) den Acht Craolacháin 2009;
(d) chun plé a dhéanamh, agus iniúchadh á dhéanamh ar na hidirbhearta, ar gach doiciméad ábhartha atá ar fáil agus chun buaileadh le daoine ábhartha, de réir mar is cuí;
(e) chun tuarascálacha eatramhacha a chur ar fáil don Roinn mar is gá;
(f) tuarascáil deiridh a chur ar fáil don Roinn; agus,
(g) d’fhéadfadh an Roinn leasú a dhéanamh ar na téarmaí tagartha seo ó am go ham, lena n-áirítear raon nó tréimhse an iniúchta a leathnú; agus,
(h) chun athbhreithniú a dhéanamh ar phróiseas RTÉ maidir le bunú, agus cinneadh maidir le trádáil a dhéanamh trí, an cuntas babhtála in 2012 (lena n-áirítear, go háirithe, ag an leibhéal Feidhmeannach agus Boird), lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:
• soláthar agus faomhadh do chás gnó don chinneadh i leith trádáil a dhéanamh tríd an chuntas babhtála, lena n-áirítear an réasúnaíocht agus an measúnú riosca a bhain leis an chinneadh agus an anailís agus na meastacháin airgeadais a bhí mar bhonn faoin chás gnó;
• na socruithe rialachais a moladh agus a faomhadh i leith fheidhmiú an chuntais babhtála; agus,
• an ionramháil chuntasaíochta a moladh i leith taifead a dhéanamh ar gach ioncam agus caiteachas, foinsí an ioncaim sin agus ábhar gach caiteachais, agus an mhaoin, na sócmhainní agus na dliteanais.
(i) chun athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu an ndearna nó nach ndearna (agus mura ndearna, cén fáth) an feidhm iniúchta inmheánaigh in RTÉ agus na hiniúchóirí cáilithe, arna gceapadh ag bord RTÉ go cuí de bhun alt 109(3)(a) den Acht Craolacháin 2009, iniúchadh nó ceistiú i leith na nithe seo a leanas:
• an rialachas nó na nósanna imeachta a bhí mar bhonn faoi fheidhmiú an chuntais babhtála;
• aon idirbheart a rinneadh tríd an chuntas babhtála;
• ionramháil chuntasaíochta an chuntais babhtála; nó,
• an cuntas babhtála a bheith ann.