Cumarsáid
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Baineann an chumarsáid le gach ócáid sa lá nuair a labhraímid le leanaí agus nuair a éistimid leo. Is í an aidhm atá agat ná deiseanna a thabhairt dóibh i gcónaí labhairt agus a stór focal a mhéadú.
Tosaigh scéal samhlaíochta trí fhéachaint amach an fhuinneog agus rud éigin a rá mar ‘Fadó fadó bhí sióg bheag bhídeach a bhí ina cónaí faoin gcrann sin’ Spreag do leanbh an chéad líne eile a rá agus tógann sibh an scéal le chéile. Is féidir leis na páistí an scéal a tharraingt.
Más féidir leat gnáthamh a chur sa lá, b’fhéidir go mbeadh sé rud beag mar seo.
Bígí ag léamh le chéile. Cabhraíonn sé le gnáthamh agus muintearas a fhorbairt.
Bain triail as an gcluiche iontach seo – déan cumarsáid gan focal a rá, ag baint úsáid as comharthaí agus gothaí gnúise amháin.
Bíonn cluichí cártaí agus cluichí cláir iontach chun focail nua agus sealaíocht a spreagadh.
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge de na físeáin seo a leanas ar fáil.