DEIS a leathnú chuig tuilleadh scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé Céadaoin an 9 Márta 2022, d’fhógair Norma Foley, an tAire Oideachais, go leathnófaí an clár um Chomhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (clár DEIS). Is féidir leat an phreaseisiúint a léamh anseo .
Áireofar leis an gclár 273 ceann de bhunscoileanna breise agus 37 ceann d’iar-bhunscoileanna breise ó mhí Mheán Fómhair 2022 amach. Is féidir leat teacht anseo ar an liosta scoileanna a bhainfidh tairbhe as an gcinneadh.
Áireofar leis an gclár 322 scoil bhreise (284 bhunscoil agus 38 n-iar-bhunscoil) ó mhí Mheán Fómhair 2022 amach. Is féidir leat teacht anseo ar an liosta scoileanna a bhainfidh tairbhe as an gcinneadh.
De bhreis air sin, athaicmeofar 39 scoil DEIS atá ann cheana (athaicmeofar 37 scoil DEIS atá ann cheana ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 1 den chlár DEIS agus athaicmeofar dhá scoil tuaithe DEIS ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 2). Is é seo an infheistíocht aonair is mó riamh sa chlár DEIS.
Ba trí úsáid a bhaint as an leagan beachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS a sainaithníodh na scoileanna a roghnaíodh lena gcur ar áireamh sa chlár DEIS agus lena n-aicmiú ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 1 den chlár DEIS. Leis an tsamhail sin, baintear úsáid as faisnéis ó bhunachair sonraí rollaithe na Roinne Oideachais don bhliain 2021/22 agus as sonraí dhaonáireamh náisiúnta na bliana 2016, mar atá léirithe in Innéacs Díothachta Pobal HP .
Leis an leagan beachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS atá á chur i bhfeidhm do scoileanna sa bhliain 2022, cuirtear le hoibiachtúlacht agus cothroime leagan na bliana 2017, gabhtar leithead méadaithe míbhuntáiste agus tugtar cuntas ar dhéine an mhíbhuntáiste trí phróiseas ualaithe a úsáid.
Is é atá sa tsamhail anois ná comhpháirteanna atá ceaptha chun léiriú a dhéanamh ar na leibhéil mhíbhuntáiste oideachasúil atá ann i measc daltaí a shainaithníonn iad féin mar dhaoine den Lucht Siúil nó den phobal Romach, i measc daltaí a chónaíonn in ionaid soláthair dhírigh agus i measc daltaí gan dídean. Cuireadh an tsamhail i bhfeidhm i leith gach scoile, agus níor ghá do scoileanna aon iarratas a dhéanamh.
Is é an leagan beachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS an toradh ar mhórfhiontar oibre de chuid ghrúpa teicniúil an chláir DEIS.
I gcur i bhfeidhm tosaigh an leagain bheachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS, sainaithníodh 310 scoil (273 bhunscoil agus 37 n-iar-bhunscoil) lena gcur ar áireamh sa chlár ó mhí Mheán Fómhair 2022 amach. De bhreis air sin, sainaithníodh 37 scoil DEIS atá ann cheana lena n-athaicmiú (athaicmíodh 35 scoil DEIS atá ann cheana ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 1 den chlár DEIS agus athaicmíodh dhá scoil tuaithe DEIS ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 2). Is é sin an rud a fógraíodh an 9 Márta 2022.
Maidir leis na scoileanna uile nach raibh sásta leis an toradh ar an tsamhail sainaitheanta DEIS a chur i bhfeidhm i leith a sonraí rollaithe scoile, tugadh deis dóibh achomharc a dhéanamh. Tugadh breac-chuntas i gCiorclán 0019/2022 ar mhionsonraí an phróisis achomhairc DEIS.
Faoin bpróiseas achomhairc DEIS, tugadh deis do scoileanna a iarraidh go n-athbhreithneofaí cur i bhfeidhm an leagain bheachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS i leith shonraí a scoile. Toradh eile a bhí ar an bpróiseas achomhairc ba ea gur tugadh deis do scoileanna na sonraí rollaithe scoile a chuir siad faoi bhráid na Roinne a athbhreithniú agus feabhas a chur ar chruinneas na sonraí sin, dá mba ghá. Ba é an dáta deiridh ar ar glacadh le hachomhairc ná an 29 Aibreán 2022. Cuireadh an toradh ar an bpróiseas achomhairc in iúl do scoileanna an 29 Meitheamh 2022. Ag teacht sna sála ar an bpróiseas achomhairc, bhain 16 scoil leas as na cinntí. Tá an líon sin comhdhéanta de 12 scoil (11 bhunscoil agus iar-bhunscoil amháin) atá le cur ar áireamh sa chlár DEIS ó mhí Mheán Fómhair 2022 amach agus de cheithre scoil a athaicmíodh ina scoileanna ag a bhfuil stádas Bhanda Uirbeach 1 acu.
Samhail Mhionchoigeartaithe sainaitheantais DEIS
Márta 2022
Fuair scoileanna fógra ón Roinn Oideachais go gcuirfí iad ar áireamh sa chlár DEIS an 09 Márta 2022. Thar na seachtainí atá romhainn, seolfar chuig na scoileanna sin tuilleadh mionsonraí faoi sheisiún faisnéise ar na nithe ar cheart dóibh a bheith ag súil leo nuair a éireoidh siad ina scoil DEIS.
Is é an clár DEIS príomhthionscnamh beartais na Roinne chun freagairt don mhíbhuntáiste oideachasúil. Dírítear ann ar acmhainní breise a spriocdhíriú ar na scoileanna sin atá ar áireamh sa chlár chun a chinntiú gur ag gach leanbh a bheidh deis chothrom chun barr a gcumais a bhaint amach.
Tabharfar do scoileanna a thiocfaidh isteach sa chlár DEIS rochtain ar na tacaí céanna atá ar fáil do scoileanna atá páirteach sa chlár cheana féin. Ar leibhéal na bunscoile, beidh sé sin bunaithe ar an ‘mbanda DEIS’ ina bhfuil an scoil.
Sanntar scoileanna do Bhanda Uirbeach 1 den chlár DEIS, do Bhanda Uirbeach 2 den chlár DEIS nó do Bhanda Tuaithe den chlár DEIS, bunaithe ar láthair na scoileanna agus ar a leibhéal míbhuntáiste.
Baineann scoileanna úsáid as na hacmhainní atá ar fáil faoin gclár DEIS chun tacaíocht agus deiseanna a thabhairt dá gcuid daltaí, ar nithe iad a bhféadfadh nach mbeadh siad ar fáil dóibh ar shlí eile.
I measc na dtacaí a fhaigheann scoileanna atá páirteach sa chlár DEIS tá tacaíocht teagmhála baile, scoile agus pobail atá ceaptha chun caidreamh dearfach a chothú idir saol baile agus saol scoile an dalta. Ina theannta sin, faigheann siad ráta méadaithe deontas leabhar scoile atá ceaptha chun maolú a dhéanamh ar an ualach airgeadais atá ar theaghlaigh agus ar scoileanna.
Tá liosta iomlán de na tacaí atá ar fáil do scoileanna DEIS ar fáil anseo .
Is ann don mhíbhuntáiste ar fud ár bpobal agus ár scoileanna araon. Soláthraítear acmhainní do gach scoil chun deis a thabhairt do gach dalta barr a gcumais a bhaint amach.
Soláthraíonn an Roinn Oideachais raon leathan tacaí do gach scoil, idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile, chun tacú le cuimsiú gach dalta agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá le sárú ag daltaí ionas gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach. Áirítear iad seo a leanas le roinnt samplaí de na tacaí sin:
Is ionann na scoileanna atá ar áireamh sa chlár DEIS faoi láthair agus na scoileanna sin ar measúnaíodh iad a bheith ina scoileanna ag a bhfuil an céatadán is airde de dhaltaí a thagann ó chúlraí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil. Rinneadh an measúnú sin trí úsáid a bhaint as an leagan beachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS.
Is ionann na scoileanna nach bhfuil ar áireamh sa chlár faoi láthair agus na scoileanna sin nár sainaithníodh iad a bheith ina scoileanna a thagann faoin gcatagóir sin. Ní ionann an fíoras nár cuireadh scoil ar áireamh sa chlár an babhta seo agus a rá nach gcuirfear í ar áireamh ann tráth níos déanaí. Cuirfear scoil ar áireamh sa chlár DEIS, mar shampla, i gcás go ndéanfar athbhreithniú ar an gclár tráth níos déanaí agus go bhfágfaidh an leibhéal míbhuntáiste sa scoil an tráth sin go gcomhlíonann sí na ceanglais le haghaidh ligean isteach sa chlár.