Scéim Saoráidí Pobail um Luchtú Feithiclí Leictreacha Chiste um Aistriú Cóir an AE
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann Scéim Saoráidí Pobail um Luchtú Feithiclí Leictreacha Chiste um Aistriú Cóir an AE a osclaíodh i mí Iúil 2023 maoiniú ar fáil chun tacú le bonneagar pointí luchtaithe gasta atá inrochtana don phobal a chur i bhfeidhm ag saoráidí pobail i gcontaetha Laoise, an Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin agus sna ceantair bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), mBaile Átha Í, Claonadh-Maigh Nuad, (Co. Chill Dara), Carraig na Siúire agus Durlas (Co. Thiobraid Árann).
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo luchtú d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil ag saoráidí poiblí a bhfuil tóir orthu, lena n-áirítear ionaid phobail, leabharlanna poiblí, ionaid sláinte phoiblí, saoráidí áineasa, agus ag ionaid fiontraíochta ar fud an limistéir um Aistriú Cóir.
Tá an scéim mar chuid de Chlár Ciste um Aistriú Cóir an AE atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach agus tá sé mar aidhm aici tacú le réigiúin a bhfuil drochthionchar ag an aistriú ó thionscail atá dian ar bhreoslaí iontaise nó ar gháis ceaptha teasa orthu; tionscail, mar shampla, a úsáideann an mhóin chun fuinneamh a ghiniúint.
Le tuilleadh eolais a fháil, téigh anseo.