Cuir oiliúint ar fáil don fhoireann de do chuid ionas go bhforbróidh siad scileanna nua
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le Réidh don Athrú Aeráide tugtar na scileanna do do ghnólacht a theastaíonn uait chun freagairt ar an athrú aeráide agus chun déanamh go maith i ngeilleagar ísealcharbóin.
Áirítear na nithe a leanas le Réidh don Athrú Aeráide:
Tá Réidh don Athrú Aeráide agus an tAcadamh Réidh don Athrú Aeráide deartha do bhainisteoirí is úinéirí, d’fhoirne ceannasaíochta agus d’fhostaithe i ngnólachtaí na hearnála príobháidí agus i ngach tionscal in Éirinn.
Is tionscnamh arna mhaoiniú ag an Rialtas Scileanna chun Dul Chun Cinn lena soláthraítear deiseanna uasoiliúna agus chun scileanna nua a fhoghlaim d’fhostaithe i bpoist atá ag athrú agus dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair in earnálacha leochaileacha.
Trí obair dhlúth a dhéanamh le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuidíonn Scileanna Chun Dul Chun Cinn le fostóirí riachtanais scileanna a shainaithint agus infheistíocht a dhéanamh ina lucht saothair trí oideachas agus oiliúint atá fóirdheonaithe a sholáthar.
Tugtar cúnamh d’fhostóirí le Scileanna Chun Dul Chun Cinn trí bhearnaí ionchasacha i scileanna ina ngnólacht a shainaithint agus trí chuidiú leo dul in oiriúint le hathruithe sa mhargadh. Cuireann muid roghanna fóirdheonaithe ar fáil maidir le huasoiliúint agus scileanna nua do bhaill foirne, agus dóigh shimplí á cruthú chun táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú in earnáil gnó atá ag athrú go mear.
Le Scileanna Chun Dul Chun Cinn cuirtear roghanna oiliúna ar fáil do do bhaill foirne:
Tá cúrsaí ar fáil sna réimsí seo a leanas:
Tá cúrsaí Scileanna chun Dul Chun Cinn fóirdheonaithe ar bhonn substaintiúil. Déan teagmháil le do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil chun a fháil amach cad dó a bhfuil tú incháilithe.
Tá raon tionscnamh oiliúna nua á bhforbairt ag Scileanna Chun Dul Chun Conn faoi láthair d’fhonn tacú le fostóirí agus le fostaithe.
Tabhair cuairt ar skillstoadvance.ie .
Is gníomhaireacht tacaíochta gnó náisiúnta Skillnet Ireland a thacaíonn le níos mó ná 18,000 gnólacht ar fud na tíre agus a sholáthraíonn raon d’eispéiris foghlama luachmhara do níos mó ná 70,000 duine.
Cuidíonn Skillnet Ireland agus na 70 Líonra Gnó Skillnet dá chuid le gnólachtaí chun a gcumas a fhorbairt d’fhonn dul i ngleic le príomhdhúshláin ghnó agus digitiú méadaithe agus athrú aeráide san áireamh. Is é misean Skillnet Ireland cuidiú le gnólachtaí in Éirinn barr a gcumais a bhaint amach, trí dhaoine a fhorbairt ar bhonn nuálach atá spreagtha ag fiontraíocht.
Is cnuasach iad gach Líonra Gnó Skillnet de ghnólachtaí na hearnála príobháidí a chomhoibríonn chun tabhairt faoi riachtanais ghnó laistigh den earnáil nó réigiún dá gcuid trí chumas a fhorbairt. Tá Líonraí Gnó Skillnet bunaithe i ngach réigiún sa tír agus i mórchuid na n-earnálacha, agus TFC, miondíol, agraibhia, teicneolaíocht mhíochaine, teicneolaíocht, déantúsaíocht, dearadh, innealtóireacht, seirbhísí airgeadais, fóillíocht, beochan, cúram sláinte príobháideach, na meáin, eitlíocht, tógáil agus a lán réimsí eile san áireamh
Le tacaíocht ó Skillnet Ireland agus ó na comhpháirtithe dá chuid in earnáil na tionsclaíochta, oibríonn Líonraí Gnó Skillnet le húinéirí agus le bainisteoirí gnólachtaí d’fhonn oiliúint shaincheaptha a fhorbairt do do ghnólacht san áit agus ag an am nuair a theastaíonn sí uait.
Tá gach gnólacht san earnáil phríobháideach, beag beann ar a mhéid, agus trádálaithe aonair san áireamh atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann cáilithe chun dul faoi oiliúint pháirtmhaoinithe le Skillnet Ireland.
Ní mór d’iarratasóirí na critéir iontrála ar leith a chomhlíonadh don chlár ar a bhfuil iarratas curtha isteach acu. Tá na critéir cháilitheachta maidir le gach clár oiliúna sainiúil ar fáil ar shuíomh gréasáin ábhartha an Líonra Gnó Skillnet.
Tá a shuíomh gréasáin féin ag gach Líonra Gnó Skillnet ina bhfuil liosta de na cláir oiliúna shainiúla agus de na tacaíochtaí a chuireann an líonra ar fáil.
Is tionscnamh de chuid Skillnet Ireland é MentorsWork agus cuimsítear leis clár tacaíochta gnó ar líne a mhaireann ocht seachtain agus atá saor in aisce atá deartha chun meantóireacht ó shaineolaithe, scileanna agus tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) lena gcuideofar leo déanamh go maith trí thabhairt faoina riachtanais ghnó shainiúla. Cuirtear MentorsWork ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhlachas na nGnólachtaí Beaga (SFA) agus le comhpháirtithe eile in earnáil na tionsclaíochta.
Cuirtear gnólachtaí rannpháirteacha ina mbeirteanna le meantóir a bhaineann go sainiúil leis an earnáil ag tús báire an chláir, a oibreoidh leo ar bhonn duine le duine ar feadh na n-ocht seachtain.
Déanfaidh na meantóirí saineolaíocha sin na nithe a leanas:
Tá MentorsWork ar fáil d’úinéirí agus do bhainisteoirí FBManna agus d’fhoirne ceannasaíochta i ngnólachtaí san earnáil phríobháideach, atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann, agus idir 5 fhostaí agus 250 fostaí acu.
Chun níos mó eolais a fháil faoi MentorsWork agus chun d’iarratas a chur isteach ar líne tabhair cuairt ar mentorswork.ie .
Tá síneadh ama go dtí deireadh mhí na Nollag 2021 curtha leis an Scéim Spreagtha Printíseachta.
Leis an Scéim Spreagtha Printíseachta cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhostóirí a chláraíonn printísigh i bprintíseacht náisiúnta.
Tá fostóirí atá faofa ag SOLAS chun printísigh a fhostú incháilithe d’íocaíocht €3,000 i dtaca le gach printíseach nua a chláraítear. Íoctar €2,000 le fostóirí incháilithe in aghaidh an phrintísigh tar éis chlárú don phrintíseach agus íoctar €1,000 sa bhreis tar éis bliana i leith gach aon phrintísigh má choimeádtar sa phrintíseacht é nó í.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim anseo .
Is líonra náisiúnta é sin de naoi bhFóram Réigiúnacha Scileanna a dhéanann iarracht naisc níos láidre a chothú idir fostóirí agus an earnáil oideachais agus oiliúna. Faigh níos mó eolais faoin dóigh a n-oibríonn siad: regionalskills.ie .
Tríd na Fóraim tugtar daoine le chéile ó na hearnálacha gnó agus oideachais ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach d’fhonn riachtanais fostóirí a shainaithint, chun a chinntiú go nasctar fostóirí agus gnólachtaí leis na hacmhainní oideachais a oireann dóibh ionas go mbeidh siad in ann an oiliúint scileanna agus tacaíochtaí a rochtain a theastaíonn uathu.
Tá gach Fóram treoraithe ag Bainisteoir Fóraim Réigiúnaigh Scileanna atá bunaithe sa réigiún.
D’fhonn cúnamh a fháil chun tabhairt faoi riachtanais scileanna do ghnólachta agus na bhfostaithe de do chuid déan teagmháil leis an mBainisteoir Fóraim Réigiúnaigh Scileanna i do cheantar ag regionalskills.ie/contact-us .