Iniúchadh agus Smaoineamh
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Baineann an téama seo le leanaí ag baint brí as na rudaí, na háiteanna agus na daoine ina ndomhan. Téann siad i mbun seo trí chaidreamh a dhéanamh le daoine eile, trí shúgradh, fiosrú, ceistiú, agus trí smaointe a dhéanamh, a thástáil agus a bheachtú.
Oideas Sláthaigh
Measc i mbabhla, doirt ar thráidire agus bí ag súgradh. Is gníomhaíocht dheas chéadfach é an stuif seo.
Oideas le haghaidh Gaineamh Súgartha Déan Féin É
Cuir an ola leis na comhábhair thirime agus measc le spúnóg chun iad a chumasc. Agus iad measctha, bain úsáid as do láimhe chun cinntiú go bhfuil an ola dulta tríd an bplúr. Coinneoidh an ‘gaineamh’ a chruth agus is féidir é a mhúnlaigh.
Oideas Taois Súgartha
Taos Píotsa
• 650g plúir
• Saicín giosta sochumaiscthe
• 2 tsp salainn
• 25 ml ola olóige
Measc na comhábhair thirime. Réitigh i gcrúiscín an saicín giosta de réir na dtreoracha ar chúl an tsaicín, agus measc isteach leis na comhábhair thirime. Cuir amach ar dhromchla glan plúrtha. Déan é a fhuineadh go maith ar feadh cúpla nóiméad. Cuir é ar ais sa bhabhla agus clúdaigh le tuáille gréithe tais é. Cuir i leataobh é ar feadh 40 nóiméad go dtí go méadóidh sé faoi dhó. Roinn i 6 píotsa bheaga nó 2 cheann mhóra (nó ar bhealach ar bith is maith leat). Cuir an t-oigheann ar shocrú ard. Cuir passata nó aon anlann pasta bunaithe ar thrátaí leis. Mura dtaitníonn anlann trátaí le duine ar bith sa teaghlach bain triail as píotsa bianco, ní gá ach steall bheag ola olóige a chroitheadh ar an mbonn agus ansin cuir na barráin leis. Cuir aon bharráin agus cáis ghrátáilte atá agat leis agus cócaráil ar feadh thart ar 12 nóiméad go dtí go bhfuil siad órga agus bonn brioscánach leo.
Mura dtaitníonn leat an taos a dhéanamh bain úsáid as fillteoga réamhcheannaithe mar bhonn.
Scónaí
Cuir an plúr agus an púdar bácála le chéile i mbabhla. Cuimil an t-im isteach le barr na méar. Cuir an siúcra leis. Buail na huibheacha agus déan iad a mheascadh isteach sa mheascán le spúnóg. Cuir braon beag bídeach bainne leis agus measc go dtí go mbeidh taos bog agat. Cuir amach ar chlár plúrtha. Múnlaigh agus buail go héadrom an taos go dtí go mbeidh sé 2cm ar tiús. Gearr amach cruinneáin má tá gearrthóir agat nó bain úsáid as gloine (tum an t-imeall i mbeagán plúir). Cuir gach scóna ar thráidire bácála atá clúdaithe le parpháipéar agus cuimil gach barr le braon bainne. Bácáil ag 220˚C ar feadh 12-15 nóiméad go dtí go mbeidh sé ardaithe agus órga.
Cuir ar an mbord le him nó subh agus uachtar.
Bain triail as sútha craobh úr a chur leis an meascán
Measc na comhábhair i mbabhla. Déan brúitín maith díobh. Blais, cuir gráinne luibheanna triomaithe nó salainn leis. Déan meallóga de le lámha fliuch agus déan iad a leacú le cúl spúnóga. Clúdaigh i ngrabhróga aráin agus croith aon bharraíocht as. Cuir ar thráidire bácála líneáilte le parpháipéar iad. Cuir in oigheann te iad ar feadh 20 nóiméad. Cas uair amháin le linn na cócaireachta.
Is féidir an t-oideas seo a dhéanamh le sicphiseánaigh – roll amach iad ina meallóga beaga le haghaidh falafel.
Cácaí Éisc
Measc na comhábhair le chéile. Cuir iad sa chuisneoir ar feadh 15 nóiméad. Bris ina phíosaí beaga, roll ina meallóg beag, clúdaigh le hubh agus ansin le grabhróga aráin. Frioch iad.
Líreacáin Reoite
Déan na cairéid a ghrátáil go mín agus cuir i lár tuáille gréithe ghlain iad. Cruinnigh suas an tuáille, agus fáisc an sú cairéid i gcrúiscín, ag caitheamh amach an brúitín. Cuir an sú oráiste leis agus cuir beagán uisce fhuair leis más gá chun 360ml leachta a dhéanamh. Cuir i múnlaí líreacán agus déan iad a reo nó bain úsáid as tráidire ciúib oighir agus cuir cipíní manglaim leo nuair a bheidh siad leathreoite.
Tá na féidearthachtaí gan deireadh leo seo. Bain triail as abhacád brúite, líoma agus iógart nó ceap oideas nua.
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge de na físeáin seo a leanas ar fáil.
[youtube https://www.youtube.com/watch?v=YpPkIPvq
Dhearamar sraith bileog leideanna faoin teideal Spraoi sa Bhaile chun leanaí agus a dteaghlaigh a thacú agus a spreagadh chun súgradh agus foghlaim le chéile.
Bain triail as cuid de na hoidis seo agus na leanaí ag déanamh a oiread agus is féidir. Beidh tú ag obair ar réimse scileanna sna gníomhaíochtaí céadfacha seo. Ina measc tá comhdhíriú, tógáil cuimhne, sealaíocht agus forbairt mínluaile. Tá go leor foghlama réamh-mhatamaitice agus eolaíochta ann leis na gníomhaíochtaí seo lena n-áirítear: doirteadh, tomhas, meascadh, téamh srl.