Ardteistiméireacht 2021 - Freagraí ar do Chuid Ceisteanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sraith de dhoiciméid threorach forbartha ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Tá eolas maidir le próisis na scrúduithe agus na nGrád Creidiúnaithe, lena n-áirítear caighdeánú, rochtain ar thorthaí agus próisis na n-achomharc sna doiciméid sin.
Tá treoracha breise ar fáil anseo, ar treoracha iad a bhaineann le tabhairt isteach shamhail na nGrád Creidiúnaithe, na roghanna a tugadh do scoláirí agus an chaoi a bhféadfá leas a bhaint astu sin, agus an próiseas a bhain le scoláirí a raibh staidéar á dhéanamh acu ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil agus le foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil.
Tá roinnt de na ceisteanna is coitianta atá curtha ag iarrthóirí faoin Ardteistiméireacht in 2021 aibhsithe thíos.
Ba é a bhí mar phríomhthosaíocht a chinntiú go gcaithfí chomh cóir agus chomh cothrom agus ab fhéidir le cohórt na hArdteistiméireachta i mbliana, ag féachaint don tionchar diúltach a bhí ag COVID-19.
Ba é a bhí mar aidhm leis an gcinneadh Gráid Chreidiúnaithe agus scrúduithe Ardteistiméireachta coigeartaithe a sholáthar ná an cuspóir sin a bhaint amach a oiread agus ab fhéidir.
De bharr gur cinneadh an dá phróiseas chomhthreomhara sin a thairiscint, cinntíodh go mbeadh bealach ar fáil do gach scoláire chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas agus chuig an mbreisoideachas, agus chuig saol na hoibre. Ceapadh próiseas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS, chun gráid chreidiúnaithe a chur ar fáil don oiread scoláirí agus ab fhéidir, lena n-áirítear scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil chomh maith leo siúd a bhfuil an staidéar go léir á dhéanamh acu taobh amuigh den scoil.
Tugadh aitheantas freisin sa chinneadh do chúinsí neamhghnácha na paindéime agus don chaillteanas foghlama a tharla i gcás an ghrúpa scoláirí seo, de bharr gur cuireadh isteach ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim phearsanta le linn na dtréimhsí ina raibh na scoileanna dúnta.
Más rud é, in ábhar ar bith, go ndearna tú na scrúduithe agus gur roghnaigh tú Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a fháil, is é a bheidh sna torthaí sealadacha ná an toradh is airde den dá thoradh a bhain tú amach idir na scrúduithe agus na Gráid Chreidiúnaithe. Ní bheidh a fhios agat ar an 3 Meán Fómhair an ar an scrúdú nó ar an nGrád Creidiúnaithe atá an toradh a baineadh amach bunaithe.
Meastar go bhfuil torthaí na hArdteistiméireachta ó aon bhliain ar leith comhionann leis na torthaí ó aon bhliain eile agus is amhlaidh do thorthaí na hArdteistiméireachta in 2021.
Tá an stádas céanna ag na torthaí ón dá phróiseas. Ní dhéanfar aon idirdhealú idir torthaí scrúdaithe agus Gráid Chreidiúnaithe sa ráiteas sealadach ar thorthaí a gheobhaidh tú ar an 3 Meán Fómhair ná sa teastas deiridh, a gheobhaidh tú níos déanaí.
Ón dáta sin ar aghaidh beidh tú ábalta amharc ar do chuid marcanna do na comhpháirteanna agus ar an marc grádaithe deiridh do gach ábhar sna scrúduithe. Beidh tú ábalta amharc ar an marc céatadáin measta a thaisc do scoil do gach ábhar i dtaca le próiseas na nGrád Creidiúnaithe agus ar an marc ríofa agus ar an ngrád creidiúnaithe i ndiaidh don chaighdeánú a bheith curtha i bhfeidhm.
Níorbh fhéidir dul ar aghaidh leis na scrúduithe praiticiúla lae san Fhoirgníocht agus san Innealtóireacht de bharr cúrsaí sláinte poiblí. Cuirfear torthaí ar fáil d’iarrthóirí a rinne na scrúduithe sna hábhair sin bunaithe ar na comhpháirteanna scríofa agus ar na comhpháirteanna a bhain leis an obair chúrsa phraiticiúil agus déanfar na marcanna do na trialacha scileanna praiticiúla a athdháileadh ar an obair chúrsa phraiticiúil.
Níorbh fhéidir dul ar aghaidh ach oiread leis an Measúnú Feidhmíochta sa Chorpoideachas, de bharr cúrsaí sláinte poiblí. Cuirfear torthaí ar fáil d’iarrthóirí a rinne na scrúduithe san ábhar sin bunaithe ar na comhpháirteanna scríofa agus ar chomhpháirteanna an tionscadail gníomhaíochta coirp agus déanfar na marcanna don mheasúnú feidhmíochta a athdháileadh ar an tionscadal gníomhaíochta coirp.
Ghin CSS grád i dtaca le comhpháirt ar bith a raibh ualú 30% nó níos mó de na marcanna foriomlána don ábhar aige lena chinntiú go raibh gach deis ag iarrthóirí an toradh ab fhearr a bhí ar fáil dóibh a fháil ó cheachtar de na próisis. D'fhéadfadh sé go mbeadh suas le 60% den mharc foriomlán ag dul don obair chúrsa ag brath ar an ábhar.
Ciallaíonn sé sin, mar shampla, dá mbeadh an scrúdú praiticiúil sa cheol déanta ag iarrthóir ach nach ndearna sé nó sí na scrúduithe ina dhiaidh sin go bhfaighidh sé nó sí grád fós féin.
Má roghnaigh tú scrúduithe a dhéanamh agus Gráid Chreidiúnaithe a fháil freisin, fuair tú creidiúint don cheann ab fhearr den dá thoradh. Bronnadh gráid ar iarrthóirí ag teacht leis an tábla coibhéise thíos. I gcás go bhfuil na gráid cothrom (e.g. H1 agus O1), bronnadh an grád Ardleibhéil ar na hiarrthóirí. Más mian le hiarrthóir grád ag leibhéal níos ísle a fháil ar a t(h)eastas, caithfidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Tábla na nGrád
Ardleibhéal | Gnáthleibhéal | Bonnleibhéal |
H1 | ||
H2 | ||
H3 | ||
H4 | ||
H5 | O1 | |
H6 | O2 | |
H7 | O3 | |
O4 | ||
O5 | F1 | |
O6 | F2 | |
O7 | F3 | |
F4 | ||
F5 | ||
F6 | ||
F7 | ||
H8 | O8 | F8 |
Tá dhá phróiseas achomhairc ar leith ann, ceann do na scrúduithe agus ceann do na gráid chreidiúnaithe. Má rinne tú na scrúduithe beidh rochtain agat ar phróiseas achomharc na scrúduithe. Má fuair tú grád creidiúnaithe beidh rochtain agat ar phróiseas achomhairc na ngrád creidiúnaithe. Má fuair tú gráid sa dá cheann beidh rochtain agat ar an dá cheann.
Ó tharla go mbaineann dhá phróiseas ar leith leis na scrúduithe agus leis na gráid chreidiúnaithe, beidh ort iarratas ar leith a dhéanamh maidir le gach próiseas ar bhonn gach ábhair. Tá sé de rogha agat gan achomharc a dhéanamh in aghaidh grád ar bith, achomharc a dhéanamh in aghaidh grád amháin nó in aghaidh an dá ghrád.
Déanfar gach iarracht achomhairc a phróiseáil chomh tapa agus is féidir ach ag an am seo ní féidir dáta beacht a thabhairt maidir le heisiúint thorthaí an n-achomharc. Cuirfear an dáta sin in iúl do scoláirí a luaithe agus is féidir.
Ní mór gach iarratas ar achomharc a dhéanamh tríd an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí. Osclófar an t-iarratas ar achomharc ag 9 am ar an Satharn an 11 Meán Fómhair 2021 agus dúnfar é ag 12 pm ar an Luan an 13 Meán Fómhair 2021.
Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil sa Treoirleabhar d’Iarrthóirí maidir le Torthaí agus Achomhairc.
Sholáthair múinteoirí marc céatadáin measta amháin do gach scoláire in ábhar.
Ba cheart go léireodh an meastachán feidhmíocht fhoriomlán ilchodach gach scoláire san ábhar, agus go ndéanfaí gach comhpháirt den scrúdú (an scrúdú scríofa, an scrúdú praiticiúil, obair chúrsa, béaltriail, cluastuiscint) a bhreithniú i gcomhréir leis an ualú cuí don chomhpháirt sin agus na coigeartuithe ar scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2021 á gcur san áireamh.
Cinntíonn sé sin go léiríonn an marc measta a chuireann an scoil ar aghaidh chuig CSS obair agus dul chun cinn an scoláire i ngach gné den ábhar.
Ní raibh teacht ag na scrúdaitheoirí a d'fhostaigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun scrúduithe a mharcáil ar Ghráid Chreidiúnaithe ná ar mharcanna céatadáin measta na n-iarrthóirí.
D’fheidhmigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an dá phróiseas agus iad neamhspleách go hiomlán ar a chéile, agus níor tugadh le chéile iad ach amháin chun an toradh ab airde in ábhar ar leith a chinneadh i gcás na n-iarrthóirí sin a roghnaigh scrúduithe agus Gráid Chreidiúnaithe.
Rinne gach scoil cruinnithe ailínithe ionscoile a óstáil lena chinntiú go raibh na múinteoirí uilig a raibh marcanna céatadáin measta á soláthar acu maidir leis an ábhar céanna sa scoil ag feidhmiú caighdeán atá cuí agus comhsheasmhach lena chéile agus é sin á dhéanamh acu.
Mar chuid de sin, rinne na múinteoirí ábhair le chéile athbhreithniú ar na marcanna céatadáin measta do scoláirí a raibh an t-ábhar sin á dhéanamh acu. I ndiaidh na gnéithe sin den phróiseas ailínithe, thug gach múinteoir na marcanna céatadáin measta chun críche.
Mura raibh sa scoil ach múinteoir amháin don ábhar sin, bhí an múinteoir ábhair chun an próiseas ailínithe ionscoile a reáchtáil in éineacht le príomhoide tánaisteach na scoile nó le múinteoir eile don ábhar céanna sa scoil, nach raibh rang Ardteistiméireachta á theagasc aige nó aici in 2021, faoi réir chomhaontú phríomhoide na scoile.
I gcás inar ceadaíodh socrú réasúnta d'aon iarrthóir (amhail léitheoir nó scríobhaí), moladh do mhúinteoirí an meastachán ar fheidhmíocht dhóchúil an iarrthóra a bhunú ar an tuiscint go mbeadh an socrú sin ar fáil.
Más rud é go raibh aon fhianaise ó thrialacha nó ó mheasúnuithe á léirmhíniú agus breithiúnas á dhéanamh maidir le feidhmíocht dhóchúil scoláire den sórt sin, ba cheart go mbeadh breithniú déanta ar na socruithe a bhí i bhfeidhm nuair a rinneadh an measúnú sin féachaint an raibh siad leordhóthanach chun na críche sin. Mura raibh, níor mhór don mhúinteoir é sin a chur san áireamh agus, bunaithe ar an eolas a bhí ag an múinteoir ar an mbealach ar éirigh leis an scoláire sa rang nuair a bhí gnáth-thacaíochtaí i bhfeidhm, breithniú a dhéanamh ar ghnóthachtáil dhóchúil an scoláire sa mheasúnú lena mbaineann dá mbeadh socruithe cuí i bhfeidhm.
Tá tuilleadh sonraí san áireamh in Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 - Treoir do Scoileanna maidir le Marcanna Céatadáin Measta a Sholáthar.
I gcás iarrthóirí a iontráladh chun a gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge, bhí an múinteoir chun a m(h)eastachán ar mharc dóchúil an iarrthóra a bhunú ar an toimhde go bhfuil an bónas atá le fáil chun an páipéar scríofa a fhreagairt trí Ghaeilge curtha san áireamh sa mheastachán. Bhí sonraí faoin mbealach chun dul i ngleic leis sin san áireamh in Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 - Treoir do Scoileanna maidir le Marcanna Céatadáin Measta
Bhí ar mhúinteoirí a léiriú, agus marcanna céatadáin measta á soláthar acu d’iarrthóirí, nach raibh beirt iarrthóirí ar bith, ag gach leibhéal (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal), á gcur ar an marc céatadáin measta céanna taobh istigh de gach rang-ghrúpa. Mar shampla, má bhí níos mó ná rang-ghrúpa staire amháin taobh istigh den scoil, d’fhéadfadh beirt iarrthóirí ó rang-ghrúpaí staire éagsúla an marc céatadáin measta céanna a bheith acu.
Is féidir eolas ar an Ardteistiméireacht 2021 a fháil anseo .