Comhaltaí an tSainchoiste Chomhairligh - Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, AD agus Nithe Eile i RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Sainchoiste Comhairleach, comhdhéanta de Brendan McGinty (Cathaoirleach), Patricia King, agus Liam Kelly, maoirseacht ar an Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheoirí, AD agus Nithe Eile i RTÉ.
Is Comhpháirtí Bainistíochta é Brendan McGinty ar Stratis Consulting, sainchomhairleoirí um chaidrimh straitéiseacha fostaíochta. Tá Brendan McGinty ina phríomhshaineolaí ceannasach ar straitéis daoine, caidreamh fostaithe, beartas fostaíochta, bainistíocht athraithe agus réiteach díospóidí.
Is Cathaoirleach é ar Bhord Skillnet Ireland, an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíochta gnó atá tiomanta d’fhorbairt luchta saothair in Éirinn. Tá Brendan ina Chathaoirleach freisin ar Bhord Rialaithe Choláiste Náisiúnta na hÉireann agus is ball é de Bhord an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
D’oibrigh sé freisin le Ibec go dtí 2013, mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Chaidreamh Tionsclaíoch agus Seirbhísí Acmhainní Daonna.
Is iarArd-Rúnaí ar Chomhdháil na gCeardchumann í Patricia King Tá sí ina iarLeas-Uachtarán ar an Cheardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil, agus bhí sí ar cheann de bheirt Leas-Uachtarán na Comhdhála freisin.
Bhí sí ina hoifigeach lánaimseartha le SIPTU le breis agus 25 bliana, agus ba í an chéad bhean a d’fheidhmigh mar oifigeach náisiúnta den cheardchumann nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán í, i mí Bealtaine 2010. Tá ionadaíocht déanta aici ar oibrithe i ngach réimse den gheilleagar, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.
Bhí Patricia ina príomh-idirbheartaí i gcomhaontuithe Pháirc an Chrócaigh agus Bhóthar Haddington. Bhí príomhról aici in aighneas Irish Ferries (2005/6) agus sna hidirbheartaíochtaí ina dhiaidh sin, a raibh athchóiriú ar an dlí um chearta fostaíochta mar thoradh orthu. Tá sí ar bhord na Seirbhíse Cúirte faoi láthair agus is ball í den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus den Choimisiún Tithíochta.
Ba státseirbhíseach gairme é Liam Kelly. Bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar an Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre idir 2019 agus 2023. Roimhe sin, d’oibrigh sé mar a Phríomhoifigeach Oibriúcháin óna bhunú in 2015.
Sular oibrigh sé sa ról sin, bhí freagracht dhíreach ag Liam as reachtaíocht shuntasach chaidrimh thionsclaíoch a dhréachtú i dtaca le cearta cómhargála, íosphá agus creataí earnála um shocrú pá.
Le linn a ghairme, bhí baint ghníomhach ag Liam le cearta fostaíochta agus caidreamh tionsclaíoch mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna i nGníomhaireacht Stát de chuid na hÉireann agus taobh amuigh de sin mar Oifigeach Idir-Réitigh agus Oifigeach Comhairleach sa Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais