Fógraíonn an tAire Martin ceapachán seirbhíse cuntasaíochta fóiréinsí agus ceapacháin ar na Sainchoistí Comhairleacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis comórtas soláthair, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu gurb é Mazars an tseirbhís cuntasaíochta fóiréinsí atá á ceapadh aici faoi Alt 109 den Acht Craoltóireachta chun cuntais RTÉ a scrúdú. Ar an gcuntas babhtála agus ar aon chuntais eile seach-chlár comhordaithe i dtús báire a dhíreoidh an cuntasóir fóiréinseach. Féadfaidh an tAire an raon sin a leathnú.
Comhoibreoidh Mazars leis an dá Sainchoiste Comhairleach ar Rialachas agus Cultúir agus um Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus ábhair eile agus le haon sainchomhairleoirí tríú páirtí a bheidh ag obair leis na Coistí Comhairleacha seo, agus roinnfidh sé torthaí leo.
D'fhógair an tAire freisin go bhfuil Stephen Smith ceaptha ar an Sainchoiste Comhairleach um Rialachas agus Cultúir agus Liam Kelly ceaptha ar an Sainchoiste Comhairleach um Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus ábhair eile (féach nótaí d'eagarthóirí). Tá líon iomlán ball ar na coistí anois agus tá an tAire ag súil le bualadh leis na coistí go luath an tseachtain seo chugainn. Tá soláthar na seirbhísí comhairleacha chun tacú leis na hathbhreithnithe seo amuigh ar tairiscintí faoi láthair agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an obair i mí Lúnasa.
Dúirt an tAire Martin:
“Is céim an-tábhachtach é ceapadh Mazars mar chuntasóirí fóiréinseacha chun na fíricí a aimsiú in RTÉ agus chun tuilleadh solais a chaitheamh ar na saincheisteanna atá tagtha chun solais le seachtainí beaga anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Stephen Smith agus Liam Kelly as aontú fónamh ar na Sainchoistí Comhairleacha um Rialachas agus Cultúir, agus um Tháillí Conraitheoirí, Acmhainní Daonna agus ábhair eile faoi seach. Déanfaidh na sainchoistí seo maoirsiú ar an scrúdú neamhspleách ó bhun go barr a bheidh lárnach ó thaobh muinín in RTÉ a athbhunú.”