Treoir ón Aire d'Uisce Éireann - Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uis 2024
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceanglaíonn Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh.2), 2013, ar Uisce Éireann Plean Straitéiseach 25 bliain a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. Foráiltear le hAlt 33(3) den Acht go mbeidh an Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce (PSSU) i gcibé leagan a ordóidh an tAire.
Foráiltear leis an Acht go rachaidh Uisce Éireann i gcomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRF), an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), gach údarás áitiúil agus gach údarás réigiúnach sula bhforbrófar PSSU.
Ceanglaíonn an tAcht (Alt 33 (4)) freisin go sonrófar sa PSSU cuspóirí Uisce Éireann maidir le seirbhísí uisce a bheith á soláthar aige thar thréimhse 25 bliain agus nach mór na modhanna atá beartaithe ag Uisce Éireann chun na cuspóirí seo a chomhlíonadh a leagan amach sa PSSU lena n áirítear an méid seo a leanas:
Faoin Acht tá foráil ann a chiallaíonn nuair a bhíonn PSSU á ullmhú, nach mór do Uisce Éireann a chinntiú, a mhéid is indéanta é, go bhfuil sé i gcomhréir leis an gCreat Náisiúnta Pleanála, treoirlínte pleanála réigiúnacha agus an Plean Bainistíochta Abhantraí is déanaí.
Ceanglaíonn an tAcht go bhfuil PSSU faoi réir athbhreithnithe uair amháin gach cúig bliana ar a laghad. Ceadóidh na hathbhreithnithe seo do Uisce Éireann dul in oiriúint d'imthosca athraitheacha agus do riachtanais atá ag forbairt, chun a chinntiú go mbeidh sé ábhartha i gcónaí. Beidh nuashonruithe ar PSSU bunaithe ar athruithe ar an reachtaíocht a bhaineann le seirbhísí uisce agus eolas níos fearr a bheith ar fáil faoi fheidhmíocht sócmhainní, faoi dhéimeagrafaic agus faoin athrú aeráide.
Ní mór do Uisce Éireann a chinntiú, a mhéid is atá indéanta, go bhfuil PSSU ag teacht le Creat Náisiúnta Pleanála Thionscadal Éireann 2040, go bhfuil straitéis shoiléir ann chun tacú le forbairt réigiúnach chothromaithe agus pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe. Chomh maith sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh sa PSSU príomhchuspóirí ábhartha na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnacha agus chroístraitéisí na bPleananna Forbartha Cathrach agus Contae.
Ba cheart go mbeadh PSSU dírithe, ag leibhéal straitéiseach, ar na seirbhísí uisce is dócha a bheidh ag teastáil agus ar an méid a chuirfear ar fáil seachas anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar an tslí a dhéanfar an obair ar fad.