Cé go bhfuil an meanapás ina chuid nádúrtha d'aosú, d'fhéadfadh athrú suntasach saoil a bheith i gceist leis. Tarlaíonn an meanapás de ghnáth idir aois 45 agus 55. Is é 51 an mheánaois ag a sroicheann bean an meanapás.
Is féidir le roinnt athruithe simplí ar stíl mhaireachtála difríocht dhearfach a dhéanamh de réir mar a théann tú in aois agus tú ag ullmhú don mheanapás agus don pheiri-mheanapás.
Tá liosta cabhrach acmhainní curtha le chéile ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) chun roinnt eolais ghinearálta a thabhairt duit faoin mheanapás. Áirítear leis seo físeán ina leagtar amach roinnt comhairle maidir le stíl mhaireachtála leis an Dr Ciara McCarthy.
I measc na mbealaí eile inar féidir leat pleanáil le haghaidh an mheanapáis tá: