Is é cuspóir na straitéise sonraí seo ná treoir mhachnamhach, d’aon ghnó a sholáthar le haghaidh gnímh, bunaithe ar thuiscint ar ár gcomhthéacs, agus ar riachtanais agus taithí fhoireann na roinne agus an phobail oideachais i gcoitinne. Leagann an straitéis amach fís fhadtéarmach do shonraí agus tugtar tosaíocht do chéimeanna bunúsacha is féidir a bhaint amach sna trí bliana amach romhainn agus muid ag obair i dtreo na físe sin.